Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
gionnóid
/ɡ′iɴōd′/
is cosúil gurb eo é an focal deannóid a dtugtar donóid (dunóid) air freisin. Ach tá an fhuaim an-choitianta freisin
díspeagadh air: ginnín (dinnín) /ɡ′iɴ′īn′/
1.
+
Níor fhága tú gionnóid ann. Breathnaigh ar an sáiltéar anois! — níor fhága tú a dhath ariamh ann. Tá sé folamh ar fad (sáiltéar a n-ídeofaí an salann ar fad ann)
Níl gionnóid shóidí faoi chaolachaí an tí. Caithfidh duine eicínt a dhul dhá choinne más libh arán a fhuint
TUILLEADH (2) ▼
Móin! Níl an ghionnóid ann! Ba deacair di agus an chaor thine atá thíos ansin ó mhaidin. Shílfeá gur ag dul ag róstadh mairt a bhí sibh
Níl gionnóid eile aráin sa teach anois ach an canta sin, bain fad nó gearr as. D'imigh siad ag bóithreoireacht ar maidin, agus níorbh fhiú leo cupla cáca a bhruith
+
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í chomh crinnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh inti le leathráithe — níl foithnín féir inti
Ní bheidh gionnóid ar na garrantaí sin amuigh ag asail T. Sh. mura mbioraí sibh na claíochaí. Nach iontu istigh atá siad chuile ré solais
TUILLEADH (3) ▼
Mise a dhul ag baint charraigín. Níl an ghionnóid ag gabháil liom. Ná bac lena bhfuil de charraigín ar mo roinnse anois. Tá sé cúlta ar fad
Níl ginnín féar tirim aici anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheathach ansiúd aici agus a gcnámha thrína gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rompu. Nach uirthi a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad
Tá an dá gharraí sin thuas cosnaithe agam le mí agus níl ginnín thrí thalamh iontu fós, théis chomh cóiriúil agus atá an aimsir ag fás. Ach níl aon mhaith a gcosaint gan múirín nó braitín eicínt a chur orthu. Tá an talamh sin ar fad tugtha
2.
+
B'álainn an lá ar an bhfarraige é. Ní raibh ginnín as aer. Ba dona a chruthaigh muid nach ndeachaigh amach
Bhí mé i gcruth mo phlúchadh istigh ansin. Ní raibh ginnín aeir ann. Níorbh fholáir na fuinneogaí uileag a bheith oscailte ar uair bhróltach (brothallach) den tsórt seo
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh na bádóirí casadh aríst. Tá sé ina chalm chríochnaithe orthu. Níl ginnín ann. Nach diabhlaí a chuir siad amach chor ar bith a leithide de lá
·
Ní raibh ginnín dhá anáil aige théis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidte ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd

Féach freisin

gionnóid in iontrálacha eile (4)

 
docht 2
Tá an fhuinneoig sin an-docht (nó dochtmhar amantaí), ach is beag an dochar di. Níor cuireadh síos ná suas í ó chuaigh sí isteach, agus maidir le gionnóid (deannóid)phaint a chur uirthi, ní dheachaigh a leithide uirthi
 
'Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí anseo anuraidh, nár chaith sé gionnóid (deannóid) dhe ann. Nach iontach an áit é míle buíochas le Dia!
 
dubh- 5
Tá an garraí sin thiar dubhchrinnte anois. Níl gionnóid (deannóid) air
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)