Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
giúróg
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: na giúróige; uimhir iolra: giúrógaí
níor chuala mé fuaim d ar seo ariamh ach tá mé dhá chur anseo ó tharla go bhfuil baint aige le diúirinn srl.
cineál cruimh a theagas in adhmad agus a ghníos min dhe. Ghníonn sí an cleas céanna mórán le adhmad tí agus a ghníos an ghiúirinn le adhmad a bhíos i sáile nó in uisce.
+
Tá sé rodta ag na giúrógaí. Is gearr go dtitfidh sé anuas ina chríonach chríochnaithe. Is deacair a rá nár dhona an t-adhmad é ina dhiaidh sin
Tá sé ag déanamh críonlobhadh ar fad. Giúrógaí. Sin iad nach mbeidh i bhfad ag déanamh mine dhó (dhe) nuair a ghabhfas siad ina éadan
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé ag déanamh giúróg chor ar bith, is gearr an sea a thabharfas sé. B'fhearr é a chaitheamh anuas ar fad

Féach freisin