Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Giúróg
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: na giúróige; uimhir iolraidh: giúrógaí.
Níor chuala mé fuaim d ar seo ariamh ach tá mé dhá chur annseo ó thárla go bhfuil baint aige le diúirinn srl.
cineál cnuimh a theagas in adhmad agus a ghníos min dhe. Ghníonn sí an cleas céadna mórán le adhmad tighe agus a ghníos an ghiúirinn le adhmad a bhíos i sáile nó in uisce.
+
Tá sé rodtha ag na giúrógaí. Is gearr go dtuitfidh sé anuas in a chríonach chríochnuighthe. Is deacair a rádh nachar dhona an t-adhmad é in a dheidh sin
Tá sé ag déanamh críon-lobhadh ar fad. Giúrógaí. Sin iad nach mbeidh i bhfad ag déanamh mine dhó (dhe) nuair a ghabhfas siad in a éadan
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé ag déanamh giúróg chor ar bith, is gearr an seadh a thiubharfas sé. B'fhearr é a chaitheamh anuas ar fad

Féach freisin