Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

teampall (7)

 
Sin é an uair a mbíodh an dántaireacht sa teampall seo thoir. Chloisfeá go réidh socair ag C. na gC. iad chuile uair dhá mbíodh prayers acu ann
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
 
deis
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan furú mar sin a bheith ort. Is iomaí oíche ag an teampall orainn
 
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
 
Is dócúlach an tslí a bheith ag faire ar fhátall na farraige i gcónaí. Agus sin é féin an fáiteall mar siúd ar an saol seo. Meas tú cé mhéad bád iascaire anois ar Chladach Theampall Mhuire. Tá a fhios agam gur beag sin
 
Nuair a théas an gabha don teampall téann sé go haltóir (fc. gabha, teampall)