Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

teampall (8)

 
Sin é an uair a mbíodh an dántaireacht sa teampall seo thoir. Chloisfeá go réidh socair ag C. na gC. iad 'chuile uair dhá mbíodh "prayers" aca ann
+
Chuala mé caint orra — na deachmaí atá tú ag rádh. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nar h-íocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Do'n teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a shean-athair go raibh siad ghá gcruinneál thiar annseo uair ar Dhúithche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún aca a mbaint amach de'n bhuidheachas. Chruinnigh tír agus talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce aca. Chuala an sagart a bhí annseo thiar é. Níl fhios agam cé'n sagart a bhí ann ins an ám. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaidh sé 'un cainte lena póilíos agus lena báillí. Marach go ndearna sé eadarscán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na h-áite líomhtha ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóib, nó nar mhaith, ach níor tóigeadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tóigeadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tóigeadh nó's nar tóigeadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad len a chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó a bhí sean-athair Sh. Mh. A. in a mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
 
deis
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan forú mar sin a bheith ort. Is iomdha oíche ag an teampall orainn
 
Tá diomallú an domhain mhóir 'sa gcaoirfheoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muicfheola ná trí phunt di, ach is rud í muicfheoil nach bhfuil aon-fháil uirre anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí.
 
Is docamhlach an tslí a bheith ag faire ar fhátall na fairrge igcomhnaí. Agus sin é féin an fátall mar siúd ar an saoghal seo. Meastú cé mhéad bád iascaire anois ar Chladach Theampall Mhuire. Tá a fhios agam gur beag sin
 
Ní raibh aon-imní air ar uair a bháis ach nach dtiúrfaí abhaile é agus nach gcuirfí [é] san sean-teampall seo thíos san áit a bhfuil a mhuinntir uilig curtha. Féacha féin anois go leanann báidh dúchas, mar adeir siad
 
An uair a theigheas an gabha do'n teampall teigheann sé go h-altóir (fc. gabha, teampall)