Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

anáil (23)

 
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
 
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
Go dtuga Dia dhó cith bheag lách a chaitheamh. Choinneodh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeofá aige
 
Scaoil amach mé go bhfaighe mé deannóid anála. Tá mé plúchta istigh sa teach sin, lena bhfuil de dhaoine ann. Diabhal mé go bhfuil an t-allas ag scairdeadh díom, go bhfuil sin
 
Bhí mé i ndeireadh m'anála — séidte ar fad
 
deoch 1
Chuaigh an deoch sin le m'anáil
+
Níl ann ach díogarnach beag anála anois — tá sé ionann is séalaithe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigean. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rá go raibh sé díbheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin, níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breá mar é. Dúradh ag an gcuisle féin é. Thug an cróinéara an-character air
Tá sé in achar an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigean — an duine bocht. Má sháraíonn sé an oíche, 'sé a chlochneart é. Beidh tórramh agaibh a scorachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é i mbliana, ní dhá roinnt leo é
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Chuaigh dlaíóigín bheag thobac le m'anáil, agus chaith mé an lá ag casacht ag iarraidh mo sceadamán a réiteach
+
dochar
Dia linn! Chuaigh sé le t'anáil. Níl dochar ann a chuidín
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
+
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé an píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na hanála
 
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'easnachaí nuair a chromaim síos. Ní mheasaim gur arraingeacha iad. Le gairid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaití. Is minic a bhí arraing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
 
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
 
Deiseal! An ndeachaigh sé le t'anáil. Déan réiteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dúradán dubh as do phutóig
 
Ní raibh ginnín dhá anáil aige théis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidte ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd
 
B'fhada an t-achar a bhí siad ag bocsáil shul má bhí dul ag S. ar T. an T. Ach níor sheas an anáil do T. Ba geall le tarbh é sa deireadh leis an séideán a bhí ann
 
Ní fhaca mise aon duine ariamh nach ndeachaigh Meiriceá go dona dhó. San am a caitheadh, bhí an pháí go dona ann agus an lá oibre an-fhada, agus iad plúchta thíos faoi thalamh gan aer gan anáil! Chuile dhuine dhá dteagadh abhaile, bhídís an-bhánghnéitheach, an-tuartha
 
Chuaigh anáil ghabhair faoi — mheath sé; shearg sé; níor fhan aon mhaith ann (fc. anáil)