Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Anáil
Foghar = unáil
gein. anála, anáile amanntaí
iolraidh anáileachaí
1.
aer a súightear isteach is na scamhógaí agus a cuirtear amach aríst.
a.
+
Tá 'anáil aige go breagh = déarfaidhe le duine tinn é, nó duine théis ruaig múchadh nó plúchadh, a mbeadh biseach air in ath-uair.
Tá anáil láidir (lag, shéidthe, droch-anáil, anáil bhréan, anáil phlúchta, anáil ghearr, anáil bhriste, anáil phiachánach etc.) aige.
TUILLEADH (4) ▼
Tá anáil bhriste ag an gcapall sin, nó tá a h-anáil briste = ní bheadh mórán seadh coisidheachta innte an uair sin.
Tá anáil chriotánach aige = fear múchta nó plúchta.
Tá anáil phiachánach aige = duine a mbeadh fead in' anáil.
Ta fead in 'anáil
+
Nuair a bhuaileas an t-úalach é, ní fhanann puth dhá anáil aige; ní bhíonn tarraingt na h-anála ann = bíonn sé plúchta nó bíonn giorr-anála air.
Ní raibh puth dhá anáil aige, scáth an achairín sin a shiubhal.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé séidthe agus gan puth dhá anáil aige.
Tá sé múchta suas, agus gan puth dhá anáil aige.
+
Tá giorranála a' dul dhó, le fada
Tá sé séidthe suas le giorranála.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh focal de'n chainnt aige le giorranála.
+
Bhí sé 'cur an-stróbh air, 'anáil a tharraingt.
Níl tarraingt m'anála ionnam = nuair a bheadh saothar ionnad; thú séidthe, nó giorranála, plúchadh, criotán nó faitchíos ort.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé 'faghail na h-anála leis; ní raibh an anáil a' teacht leis; bhí sé 'cínnt air anáil a tharraingt; bhí cínnte air anáil a thabhairt (a fhaghail) leis = a' cliseadh; nó a' cinneadh
Saothruigheann sé an plúchadh go maith. Bíonn sé amanntaí, agus ní fhaghann sé anáil leis, go ceann fada.
+
Ní raibh smeámh anála a' fanacht aige = bhí sé 'cailleadh na h-anála; bhí an anáil ag imtheacht uaidh.
Níl aige ach smeámh beag anála = puth beag.
TUILLEADH (5) ▼
Tháinic ualach air a bhain an anáil dhe d'aon-iarraidh (féach "ualach")
Is togha coisidhe céad slat é, ach buailtear suas san anáil é uaidh sin amach = tagann an anáil gearr air; loiceann an anáil air.
Tá anáil dhá ghortú = nuair a bheadh a' cinnt ar dhuine 'anáil a tharraingt.
Tá anró ar 'anáil; tá anró air 'anáil a tharraingt (duine mbeadh giorranála nó plúchadh air, nó bheadh a' saothrú báis).
Tá anáil a' cinneamhaint air.
+
Bhí srunán (srannán?) in 'anáil = cliar ann, nó é 'puthaighil, fearacht duine bhíos a' saothrú báis.
Bhí anáil ghriodánta aige = anáil láidir nó srunán mar a' duine atá 'tarraingt ar a' mbás (féach griodánta).
TUILLEADH (4) ▼
Tá díogarnach anála ann fós = duine nuair a measfaí go mbeadh sé séaluighthe ach go mbeadh anáil bheag aige.
Is beag an díogarnach anála atá aige anois (féach díogarnach)
Tá'n anáil fós ann; tá'n anáil ar éigin ann = duine bheadh ionann's básuighthe.
Níl ann ach go bhfuil an anáil ann anois = duine a' saothrú báis.
·
Bhain sé an anáil dhíom le iarraidh
·
D'aithin mé ar anáil go raibh sé ag ól
Bhí baladh na n-ubhall cumhartha go trom ar anáil (líne as amhráin)
+
Chuaidh an phlaic le'n 'anáil, agus fhobair gur thacht sé í.
Chuaidh an greim le m'anáil, agus síos sa bpíobán garbh, agus chaith mé tamall a' casacht, nó gur chuir mé aníos aríst é.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir an greim a chuaidh len 'anáil múisc air.
'Deiseall'! Le t'anáil a chuaidh sé.
Glac t'fhoighid, má chuaidh an bheatha le t'anáil.
Cnámh a chuaidh len' anáil agus a sheas in a phíobán. Níor cheart do dhuine bheith uathbhásach ag ithe.
+
Dubhairt sé rud eicínt faoi'n anáil, ach níor chuala mé é = go h-an íseal; go neámhaidhe; faoi'n fhiacail.
Bhí sé mugailt faoi'n anáil, ach pé'r bith céard adubhairt sé, bhí sé ro-neámhaidhe le na chloisteáil = bhí an chainnt a bhí sé a dheanamh faoi'n fhiacal ro-íseal, le go gcloisfeadh duine í.
TUILLEADH (4) ▼
Ná bí cainnt mar sin faoi t'anáil, ach abair an rud amach.
Pé'r bith céard adubhairt sé faoi'n anáil adubhairt sé é.
Ba mhaith an scéal dó fhéin gur faoi'n anáil adubhairt sé é, mar ní fhágfaidhe mion-multhóg dhe indiaidh a chéile annsiúd dhá gcloistí é.
Rinne sé mugailt eicínt faoi'n anáil, ach níor chuala aon-duine céard dubhairt sé ceart.
·
Ná leig le h-ais t'anála an méid sin = ná h-innis d'aon é; ná trácht air.
Má innsigheann tú rud dhó siúd, dheamhan le h-ais anála 'leigfeas sé go bráthach é = brúghfa sé 'chois air; ní thráchtfa sé air.
b.
+
Ní fhéadfá t'anáil a tharraingt ann = áit chumhang phlúchtaighthe, agus b'fhéidir brughadh mór daoine ann.
Ní bheadh aon-ghoir agad t'anáil a tharraingt, leis a' mbrughadh daoine 'bhí ann.
TUILLEADH (1) ▼
Níl áit agam a dtarraingeo(ch)ainn m'anáil = tá mé brúighte plúchtaí ag brughadh. Déarfaí é le duine bheadh ar bheagán talmhan freisin.
c.
"Anáil na gaoithe" = gaimh nó míneadas na gaoithe.
+
Is géar í anáil na gaoithe anoir anocht.
Thiocfadh anáil na gaoithe go smior a's go smúsach ionnad.
TUILLEADH (2) ▼
Ní éadáil mhór a' bith í anáil na síne atá amuigh anocht = tá an ghaoth, an bháisteach, an flich-shneachta etc géar, gaimhtheach.
Níor mhaith dhuit anáil na gaoithe bhí ann an oidhche údan a fhaghail faoi'n tsean-chabhail.
d.
Anáil ghabhair: (chuile fhás a dteigheann anáil a' ghabhair faoi nó a itheas gabhar, teigheann sé 'chun deire, agus is deacair leis fás ná borradh a theacht faoi aríst).
+
Chuir sé anáil ghabhair faoi = chuir sé scéin ann; thug sé leath-mharbhú air; chuir sé sa gcruth é, gur thosuigh sé ag dul chun deire, nó nar thaobhuigh sé an áit sin uaidh sin amach
Chuir Antoine anáil ghabhair faoi an babhta deireannach a raibh sé ibhfus agus thug sé cúl do'n áit seo ó shoin.
TUILLEADH (8) ▼
An uair deire a raibh Ned Phatch in' éadan, caithfe sé gur chuir sé anáil ghabhair faoi, arae níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó shoin = tá sé ag imtheacht as, agus mío-shlainte a' teacht air ó bhí Ned Patch in' éadan.
Sin é an buachaill atá indon an anáil ghabhair a chuir fútha(b).
Caithfe sé gurb í eascainidhe an mhisinéara a chuir anáil ghabhair faoi na chuid cuir, mar níl fata aige de bhláth bliadhna = loic a chuid cuir, agus ní bheidh fata aige dhá bharr agus caithfe sé gurb í eascaine an mhisinéara a thuit ar an gcur.
Mar gcuire an béal eascainidhe agus mionna mór a bhí air anáil ghabhair faoi'n mbaile uiliog, ní'l fhios agamsa cé'n scéal é.
Seáinín Cháit agus a chuid 'luibheanna' atá 'cur anáil ghabhair faoi 'na bhfuil ar a' mbaile sin. Níl oiread 'amén' in aon-dhuine dhá bhfuil istigh ar fhuaid (féach "luibh").
Níl aon-teacht suas faoi, marab é Mac Uí Fhlaithbhearta(igh) a chuir aon-anáil ghabhair faoi, nuair a bhí sé in a phiodarlann
Is maith an scéal anáil ghabhair a chuir faoi na leath sin, mar dhá dteagaidís in éifeacht cheart, ba thruagh do'n bhaile agus do'n phobal a mbeidís istigh ann.
Cuirfe mise anáil ghabhair faoi'n mbuachaill sin, agus racha mise faoi dhuit, nach ar an mbaile seo is mó a bheidheas sé 'taithighthe in a dhiaidh.
2.
Anáil ag teach nó foirgneamh = é bheith áirgeamhail, fairsing, agus an ceann crochta go breagh air, agus i riocht's nach mbeadh sé plúchtaíghthe istigh ann.
+
Tá anáil bhreagh ag a' teach sin.
Má chrochann sé an ceann chomh h-árd sin, tiubharfa sé anáil bhreagh do'n teach.
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór dó mar sin anois, go mbeadh a dhíol anála aige.
Tá áirge agus anáil sa gcisteanach siúd = tá sí breagh fairsing, agus na fraghthachaí crochta
Ní mó ná dhá gcuireadh sé cupla cúrsa eile ar a' mballa go mbeadh a dhóthain anála ag a' teach.
Shoraidh dhó, ó chuaidh sé 'cur caoi 'bith air, nar fhága a dhíol anála aige.
Níl aon-anáil ag a' seomra sin. Phlúch(f)aí ann thú

Féach freisin

Anáil in iontrálacha eile (37)

 
carn
Dheamhan iongantas a' bith é sin a bheith cárnuighthe suas, a's chomh reamhar righte a's atá sé. (D)ar ndóigh níl puth dhá anáil aige, le saill.
 
cliar
Tá cliar aníos in mo mhuineál a's níl m'anáil a' teacht liom chor a' bith, aice.
 
Ní chuibhreochadh cuíngir na gabhair sin. Cosacáin a bhí aghad a bhualadh orra(b). Na cupla crainnín a chuir mé annsin thiar, tá siad ithte ag na diabhail. Cé'n bhrigh ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud a' bith, tiocfa sé ar gcúl!
 
beart
Ba diabhaltaidhe an séideán a bhí ann faoi'n mbeart. Tá ceart aige 'anáil a bheith briste ar chuma ar bith, má bhí sé ar a' gcaoi údaidh ar feadh an bhealaigh.
 
Fear leigthe scafánta a bhí ann scathamh, ach tá sé tuitthe ar a chéile, in aon-chráisiléad amháin anois; a's gan puth dhá anáil aige.
 
Cuilín lócháin a chuaidh le m'anáil, a's tá sé cinnte orm mo sceadamán a réidhteach aige.
 
Ní raibh puth de m'anáil agham, a's ba mhór a' t-ár mé le bualadh croidhe.
 
airde 2
Is fadó an lá anois, nach ndearna sé aon ionga aoirde, maran anáil ghabhair a' bith a chuir Muinntear Bh. na mB- faoi.
 
ard 1
Ní raibh puth dhá anáil aige indiaidh an aird.
 
Teagann falrach cársáin ann corr-uair agus is beag le go dtugann sé a anáil leis chor ar bith
 
Chuaigh rud eicínt lem' anáil agus d'fháisc sé fail agus casacht orm
 
Má tá "slack" (meirfean) do do bhualadh amach leat ar an bhfuarú = ar an bhfionnuartas; faoin aer; in áit a mbeadh anáil
 
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin annsin thoir, go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad ro-chuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
 
'Ar ndú má's fíor do na sean-daoine ghnídís udhachtaí fadó ins na céad-déaga. Is beag na céad-déaga atá ann anois, ach thú fuaduighthe ag an séipéal cho luath agus a aireochthar an anáil imighthe asad. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orra an uair sin. Nach gcoinnighidís seachtain dhá dtórradh iad
 
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
Go dtugaidh Dia dhó cioth bheag lághach a chaitheamh. Choinneochadh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeochthá aige
 
Scaoil amach mé go bhfaghaidh mé dionnóid anála. Tá mé plúchta istigh ins an teach sin, len a bhfuil de dhaoine ann. Diabhal mé go bhfuil an t-allus ag scárdadh díom, go bhfuil sin
 
Bhí mé indeireadh m'anála = séidthe ar fad
 
deoch 1
Chuaidh an deoch sin le m'anáil
 
Chuaidh dlaoitheoigín bheag thobac le m'anáil, agus chaith mé an lá ag casacht ag iarraidh mo sceadamán a réidhteach
+
dochar
Dia linn! Chuaidh sé le t'anáil. Níl dochar ann a chuidín
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
+
Bhí sí ro an-tlásach ag an mbiadh. Chuir sí an iomarca suas in éindigh, agus chuaidh sé len a h-anáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirre é a chur aníos, agus sheas sé in a muineál. Thosuigh siad ag bualadh bosógaí ins an dromán uirre, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí ins an ngeampa feola a chuir sí suas, a chriog í. Is maith nar mhór do dhuine a bheith ar a áirdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís cho h-uathbhásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontabhairt é sin 'sábhalaidh Dia sinn. Ar aon-chor ní bhíonn aon-mhaith ins an mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirre
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé'n píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na h-anála.
 
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'asnachaí an uair a chromaim síos. Ní mheasaim gur araingeacha iad. Le goirid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaithtí. Is minic a bhí araing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
 
Cé'n chaoi a mbeadh a fhios agadsa go mbeadh bradáin in a luighe ar an átha? Bhuel innseochaidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad in a luighe ar an láib … ag comhnuighe thíos ar an láib. An uair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoi'n domhain … b'fhéidir dhóib. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanuidheachan. Dá mbeidís in a sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
 
droch-
Tá droch-anáil agad = baladh a bheith uirre
+
Níl ann ach díogarnach beag anála anois = tá sé ionann agus séaluighthe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigin. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rádh go raibh sé dí-bheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breagh mar é. Dubhradh ag an gcuisle féin é. Thug an Cróinéara "an-character" air
Tá sé in athchur an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigin — an duine bocht. Má sháruigheann sé an oíche, 'sé a chloch-neart é. Beidh tórramh agaibh a scurachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é imbliana, ní dhá roint leo é
Nach maith a chuaidh mé as an uair sin. Fritheadh caithte ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroidhe agus bhí sé ag bualadh ar éigin. Bhí díogarnach anála ionnam freisin, agus thosuigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nar bearnuigheadh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é, ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneál an phoitín liom, thosuigh mothú ag teacht ionnam i leabaidh a chéile. Dar brigh an leabhair faoi cheann uair an chluig bhí mé in mo bhíthin óg aríst.
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Deiseall! An ndeacha sé le t'anáil. Déan réidhteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dubhradán dubh as do phutóig
 
Ní raibh ginnín dhá anáil aige th'éis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidthe ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd
 
B'fhada an t-achar a bhí siad ag "bacsáil" shul má bhí dul ag S. ar T. an T. Ach níor sheas an anáil do T. Ba geall le tarbh é ins an deireadh leis an séideán a bhí ann
 
Ní fhaca mise aon-duine ariamh nach ndeacha Meiriocá go dona dhó. Ins an am a caitheadh, bhí an pháighe go dona ann agus an lá oibre an-fhada, agus iad plúchta thíos faoi thalamh gan aer gan anáil! 'Chuile dhuine dhá dteagadh abhaile, bhídís an-bhán-ghnéitheach, an-tuartha
 
Chuaidh anáil ghabhair faoi = mheath sé; shearg sé; níor fhan aon-mhaith ann (fc. anáil)