Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díogarnach, díogarnaíl
ainm briathartha; ainmfhocal
níl aon bhriathar cuimsithe leis
1.
léas; glinniú; gealadh beag; dé; cuid an bheagáin; dubh na fríde; léireacán beag; fuíoll.
+
Tá díogarnach bheag lae fós ann — léas bheag solais sula dtiteadh an oíche; an fuíoll deiridh de sholas lae
Is beag an díogarnach lae atá ann anois ó théas an bus thart. 'Sé an áit ar scoith sé muid an oíche faoi dheireadh ag ceann abhus na D. M., agus bhí sé ina oíche dhubh orainn sa mbaile, théis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo bhliain. Faoi cheann míosa eile — sea agus cuid is lú ná sin — beidh sé ina oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (11) ▼
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab ea. Díogarnach fánach lae a bheas aige nuair a bheas sé sa mbaile. Is deireanach a d'fhága sé air fhéin é ach an oiread le scéal
Cén díogarnach lae! Bhí mé sa mbaile ó ló mhór féin. 'Sé an áit a ndeachaigh an ghrian faoi orm ag Ard D. L. Ní mórán le ceathrú uaire a thóg sé orm srianadh anoir. Ba bheag leis an naoi a chlog a bhí sé nuair a tháinig mé abhaile
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó bhí mé ar A. Th., níor airigh mé an chuid eile. Ar ndóigh fánán anuas uileag é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine den bhóthar sin. Ó chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile
Ba bheag le go raibh díogarnach lae ar éigean ann san am ar éirigh mé. Meas tú nach raibh tosach ag M. B. orm. Ní raibh mé ach in mo shuí ar éigean nuair a tháinig sé agus é réitithe amach le n-imeacht. Bhí sé ina shuí ó mheán oíche. Ní raibh aige a dhul a chodladh chor ar bith
Ní raibh aon aithne lae air ar fhágáil an tí dhom, agus ba bheag an díogarnach lae a bhí ann ar A. D. L. féin. Ach ghiorraigh M. an bóthar dúinn. 'Sé atá deas air. Bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air soir ar feadh an bhóthair gur bhailigh muid na F.: ag aithrist ar phoirt na n-éan. Go leaga an diabhal éan dár dhúisigh nach raibh sé in ann a fhreagairt. Máirseáil na fuiseoige féin tá sé aige. Tá bua eicínt aige siúd nach bhfuil ceart
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé ina (ár) seasamh muid. 'Cá'il do sholas,' adeir sé liomsa. 'Cén solas,' adeirimse. 'Nach bhfeiceann tú an lá ann.' Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé ina lá gheal againn ag S. na bhF. 'Níl aon mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa,' adeir sé. ''Sé an dlí é go gcaithfidh soilse a bheith ag daoine óna leithéid seo de chlog go dtí n-a leithéid seo de chlog.' Dheamhan a fhios agamsa cén t-am adúirt sé. Dá mbeadh ceachtar den dream eile ann, ligfidís bealach linn, ach thógfadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé chomh doghrainneach sin. Is beag a bheas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
Dá mbeadh díogarnach lae ar bith againn, ní bheadh muid i bhfad dhá dheasú, ach sin é an áit a bhfuil muid ina (ár) mbambairne nach bhfuil a fhios againn cén t-am é. Tá an réalta an-fhada soir, ach níl aon bhaol uirthi a bheith faoi. Agus níl glasadh ná gealachan san aer thoir. Déarfainn go bhfuil ó uair go dtí dhá uair fós ort shul má bheas aon léireachan lae ann
Dá mbreathnaíteá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iontas an domhain orm fear a fheiceáil thuas ansin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roinnt bheag scátha do mo bhualadh, níl aon mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
'Sé a raibh sé ina dhíogarnach lae ar éigean nuair a shéalaigh sé. Sin é an tráth ag an mbás i gcónaí — scarúint oíche agus lae. Teagann goimh fhuaicht ann taca an trátha sin agus scuabann sé leis an rud dona, más duine nó beithíoch é
Bhí muid ag iarraidh cur faoi ndeara dó fanacht go mbeadh díogarnach lae féin ann, ach ní raibh aon mhaith a bheith leis. Ghread sé leis i lár an mheán oíche. Ní thabharfainn an tabhairt sin orm féin an tráth sin d'oíche ar a dtug tonn ar thrá: bóthar chomh huaigneach agus a bhí le dhul aigesean. Dheamhan lá ariamh nach raibh cáil shíúil ar an mbóthar céanna. Ach ní bheadh seisean ach ag magadh faoi na rudaí sin
+
Bhí díogarnach bheag solais acu aréir. Dheamhan solas ná léargas a facthas ann cheana leis an fhad seo
Chonaic mé díogarnach sholais isteach thríd shiúntaí na gcláir. Bhí a fhios agam ansin go raibh daoine sa siopa. Thosaigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shin, ní bhfaighinn aon aird. Cén bhrí ach nach raibh mé thart d'uireasa deoch chomh mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtiteadh an teanga amach asam, ba aon chás amháin dom ina gcleithiúnas siúd é
TUILLEADH (1) ▼
Is fiú mhór é muise le hais na bliana anuraidh. Anuraidh ní raibh le fáil ag an duine ach leathghalún (ola mhór) agus cáid a ghabhfadh an méid sin. Ba ghearr le dhul leathghalúinín gágach. Bhíodh muid i dtuilleamaí na gcoinnle sin nuair a d'fhaigheadh muid iad, ach mo chreach na coinnle! Dá mbeifeá anseo anuraidh chaithfeá a theacht le díogarnach bheag solais, agus dá mbeadh sin féin agat, is tú a bheadh buíoch. Tá muid thar cionn i mbliana: dhá ghalún an teach. Is mór an suáilce an solas féin. Má tá easpa ann anois, ní easpa solais é
·
Nuair a chuaigh mé isteach ann tráthnóna ní raibh solas ná léargas ann ach díogarnach bheag a bhí ar an tine, agus 'sé an áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é ina shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aos díobhaill. Is diabhlaí an tóir atá aige ar na mná — chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorrós leis mura bhfuil ag Dia
Ní raibh gealach ar bith ann, ach bhí díogarnach bheag ar na réalta. Is beag acu sin féin a bhí ann, mar bhíodh an-dúchan ar an spéir scaití. Shíl mé chuile phointe go dtiocfadh sé ina bháistigh ach dar fia d'fhan aige go breá ina dhiaidh sin. Bhí sé ag tarraingt ar an ceathair a chlog shula bhí mé sa mbaile
·
Níl aon oíche san aer nach mbíonn díogarnach bheag de sholas dearg le feiceáil thoir ansin thoir sna gleannta. Cónaíonn sé sa ngleann sin soir ar t'aghaidh nó go dtarraingí duine air, agus nuair a tharraingeos, tosóidh sé ag féithiú ó thuaidh sa sliabh. Níl a fhios againn ó neamh céard a bhaineas dó. Ní solas ceart é. Solas sí eicínt. Anam eicínt a bhfuil anó air b'fhéidir agus é ag cur a chuid peiriachaí dó (de)
2.
séideog bheag; smeámh; éagaoineadh ag othar, go háirid má bhíonn an anáil ag teacht gann air.
a.
+
Tá sé ag díogarnaíl shílfeá — duine ag éagaoineadh agus gan a anáil ag teacht leis
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sí ag díogarnaíl mar sin ó oíche go maidin. Níl maith ná donacht ag teacht uirthi ach sa meath chéanna i gcónaí. Éiríonn sí laethantaí agus baineann sí scaithín amach ar an teallach, ach tá sí ag cothú na leabthan an-mhór le gairid. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar aon duine ó bhaileos sé na cheithre scóir
Ó bhuail an ghearranála é, bíonn sé ag díogarnaíl mar sin go minic. Tá a fhios ag Dia go sáródh sé duine ar bith a bheadh in aon teach leis ag éisteacht leis ag éagaoineadh mar sin. Ach is measa dhó féin é ná do dhuine ar bith. Diabhal muise go saothraíonn an té a bhíos ag éisteacht leis an saol chomh maith leis féin
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaíl i gcónaí i gcónaí. Ach tá neamhshuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaití anois go dtagann ardú air thar a chéile. Dheamhan i ndán maitheasa go deo dhó, ná cuid de i ndán maitheasa. Tá an liostachas rófhada anois air le maith a dhéanamh
B'ait an fear oibre é sin. Is beag a chuala ag díogarnaíl ná ag éagaoineadh é nó go bhfuair sé a ábhar. Ach tá a ábhar aige anois, an duine bocht, agus go maith. Ó bhain sé an stangadh sin as a dhroim, níl sé ar a chóir féin. Bíonn sé ag teacht roimhe i gcónaí
b.
+
Níl ann ach díogarnach beag anála anois — tá sé ionann is séalaithe
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigean. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rá go raibh sé díbheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin, níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breá mar é. Dúradh ag an gcuisle féin é. Thug an cróinéara an-character air
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé in achar an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigean — an duine bocht. Má sháraíonn sé an oíche, 'sé a chlochneart é. Beidh tórramh agaibh a scorachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é i mbliana, ní dhá roinnt leo é
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
c.
+
An gcluin tú an díogarnach torainn atá ag an mBanra (carraig chois an chladaigh). Tuilleadh báistí. Níor labhair an Banra ariamh nár dhúirt sé an fhírinne
Má tá díogarnach ar bith torainn ag an eas bí siúráilte go bhfuil triomach air, agus triomach fada. Beidh sé ina thriomach anois go Samhain. Diabhal an fearr beirthe é. Is géar a theastaigh rud eicínt ón nglaicín mhóna siúd thuas agam. Cuirfidh an triomach seo anois bail eicínt uirthi
TUILLEADH (3) ▼
Cloisim díogarnach torainn ag an bhfear seo thuas anocht, muran ag caibléireacht aríst a bheadh sé. Mura gcruthaí sé níos fearr ná an trip deireadh, ní mórán slaicht a fhágfas sé i ndiaidh a láimhe
Tá díogarnach eicínt torainn thíos sa bhF. Meas tú ab iad na hasail a bheadh istigh ann aríst. Más iad muis gheobhaidh siad fruisín
Tá sé ag díogarnach torainn san áit sin thiar ar feadh na hoíche. Is mór an tseanmóir é an ceann céanna. Níl oíche san aer nach mbíonn sé ar cheird eicínt le muid a chur thar bharr a (ár) gcéille

Féach freisin