Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díogarnach, Díogarnaighil
ainm-bhriathar; ainm-fhocal
níl aon-bhriathar coimsighthe leis
1.
léas; glinniú; gealadh beag; dé; cuid an bheagáin; dubh na frighde; léireacán beag; fuigheall.
+
Tá díogarnach bheag lae fós ann = léas bheag soluis sul a dtuiteadh an oíche; an fuigheall deire de sholus lae
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (11) ▼
Leig mé ro-fhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agad féin go maith (gur) deireannach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé an uair a tolladh an bicycle orm. Shanntuigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaghainn deis deasuighthe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sriogán (sreangán) a fháisceadh uirre, ach le chuile chamánuí bhí mé anuas ag na h-I. gan tada a dhéanamh, ach ag siubhal de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag, ach badh é an sonnda ab áibhéile é a chonnaic mé i gcaitheamh mo shaoghail …
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab eadh. Díogarnach fánach lae a bhéas aige an uair a bhéas sé ins an mbaile. Is deireannach a d'fhága sé air fhéin é, ach an oiread le scéal
Cé'n díogarnach lae! Bhí mé ins an mbaile ó ló mhór féin. 'Sé'n áit a ndeacha an ghrian faoi orm ag Árd D. L. Ní mórán le ceathramhadh uaire a thóig sé orm srianadh anoir. Ba bheag leis an naoi a chlog a bhí sé an uair a tháinig mé abhaile.
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó a bhí mé ar Á. Th. níor airigh mé an chuid eile. 'Ar ndú' fánán anuas uiliog é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine de'n bhóthar sin. Ó a chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile.
Ba bheag le go raibh díogarnach lae ar éigin ann ins an am ar eirigh mé. Meastú nach raibh tosach ag M. B. orm. Ní raibh mé ach in mo shuidhe ar éigin, an uair a tháinig sé agus é réidhtighthe amach len imeacht. Bhí sé in a shuidhe ó mheadhon oíche. Ní raibh aige a dhul a chodladh chor ar bith.
Ní raibh aon-aithne lae air ar fhágáil an tighe dhom, agus ba bheag an díogarnach lae a bhí ann ar Á. D. L. féin. Ach ghiorruigh M. an bóthar dúinn. 'Sé atá deas air. Bhfuil a fhios agad cé'n cheird a bhí air soir ar feadh an bhóthair gur bhailigh muid na F.: ag aithrist ar phuirt na n-éan. Go leagaidh an diabhal éan dár dhúisigh nach raibh sé indon a fhreagairt. Meáirseáil na fuiseoige féin tá sé aige. Tá buadh eicínt aige siúd nach bhfuil ceart.
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé in a' (ar) seasamh muid. "Cá'il do sholus" adeir sé liomsa. "Cé'n solus" adeirimse. "Nach bhfeiceann tú an lá ann". Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé in a lá gheal againn ag S. na bhF. "Níl aon-mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa" adeir sé. "'Sé an dlighe é go gcaithfidh soillse a bheith ag daoine ón a leitheid seo de chlog go dtín a leitheid seo de chlog". Dheamhan a fhios agamsa cé'n t-am adubhairt sé. Dá mbeadh ceachtar de'n dream eile ann, leigfidís bealach linn ach thóigfeadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé cho dúrainneach sin. Is beag a bhéas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
Dá mbeadh díogarnach lae ar bith againn, ní bheadh muid i bhfad dhá dheasú, ach sin é an áit a bhfuil muid in 'u' (ar) mbambairne nach bhfuil a fhios againn cé'n t-am é. Tá an réalta an-fhada soir, ach níl aon-bhaoghal uirre a bheith faoi. Agus níl glasadh ná gealachan ins an aer thoir. Déarfainn go bhfuil ó uair go dtí dhá uair fós ort, shul má bhéas aon-léireachan lae ann
Dá mbreathn(uigh)theá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iongantas an domhain orm fear a fheiceál thuas annsin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roint bheag scátha do mo bhualadh, níl aon-mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
'Sé a raibh sé in a dhíogarnach lae ar éigin an uair a shéaluigh sé. Sin é an tráth ag an mbás i gcomhnuí — scaramhaint oíche agus lae. Teagann gaimh fhuaicht ann taca an trátha sin, agus scuabann sé leis an rud dona, má's duine nó beithidheach é
Bhí muid ag iarraidh cur faoi ndeara dó fanacht go mbeadh díogarnach lae féin ann, ach ní raibh aon-mhaith a bheith leis. Ghread sé leis i lár an mheán-oiche. Ní thiubharfainn an tabhairt sin orm féin an tráth sin d'oíche ar a dtug tonn ar thráigh: bóthar cho h-uaigneach agus a bhí le dhul aige-san. Dheamhan lá ariamh nach raibh cáil shidheamhail ar an mbóthar céadna. Ach ní bheadh seisean ach ag magadh faoi na rudaí sin
+
Bhí díogarnach bheag soluis aca aréir. Dheamhan solus ná léargus a facthas ann cheana leis an fhad seo
Chonnaic mé díogarnach sholuis isteach thríd shiuntaí na gcláir. Bhí a fhios agam annsin go raibh daoine ins an siopa. Thosuigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shoin ní bhfuighinn aon-áird. Cé'n bhrigh ach nach raibh mé thart d'fhuireasbhaidh deoch cho mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtuiteadh an teanga amach asam badh aon-chás amháin dom in a gcleitheamhnas siúd é
TUILLEADH (1) ▼
Is fiú mhór é muise le h-ais na bliana anuiridh. Anuiridh ní raibh le fáil ag an duine ach leath-ghalún (ola mhór) agus cá'id a ghabhfadh an méid sin. Ba ghearr le dhul leath-ghalúinín gágach. Bhíodh muid i dtuilleamuidhe na gcoinnle sin an uair a d'fhaghadh muid iad, ach mo chreach na coinnle! Dá mbeitheá annseo anuiridh chaithfeá a theacht le díogarnach bheag soluis, agus dá mbeadh sin féin agad, is tú a bheadh buidheach. Tá muid thar cíonn imbliana: dhá ghalún an teach. Is mór an subháilce an solus féin. Má tá easbaidh ann anois, ní easbaidh soluis é
·
An uair a chuaidh mé isteach ann trathnóna ní raibh solus ná léargus ann ach díogarnach bheag a bhí ar an teine, agus 'sé'n áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é in a shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aois díobhthaill. Is diabhluidhe an tóir atá aige ar na mná — 'chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorróchas leis mara bhfuil ag Dia
Ní raibh gealach ar bith ann, ach bhí díogarnach bheag ar na réalta. Is beag aca sin féin a bhí ann, mar bhíodh an-dubhchan ar an spéir scaithtí. Shíl mé 'chuile phuinte go dtiocfadh sé in a bháistigh ach dar fiadh d'fhan aige go breagh in a dhiaidh sin. Bhí sé ag tarraint ar an ceathair a chlog shul (dh)a bhí mé ins an mbaile
·
Níl aon-oíche ins an aer nach mbíonn díogarnach bheag de sholus dearg le feiceál thoir annsin thoir ins na gleannta. Comhnuigheann sé ins an ngleann sin soir ar t'aghaidh nó go dtarraingidh duine air, agus an uair a tharraingeochas tosóchaidh sé ag feithiú ó thuaidh ins an sliabh. Níl a fhios againn ó neamh céard a bhaineas dó. Ní solus ceart é. Solus sídhe eicínt. Anam eicínt a bhfuil anshógh air b'fhéidir, agus é ag cur a chuid peirfhiachaí dó (de)
2.
séideog bheag; smeámh; éagcaoineadh ag othar, go h-áirid má bhíonn an anáil ag teacht gann air.
a.
+
Tá sé ag díogarnaighil shílfeá = duine ag éagcaoineadh agus gan a anáil ag teacht leis
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. An uair a bhí an dinnéar ithte againn, bhí sé in a shuidhe síos, agus ag seanchus cho spleodarach agus a bhí sé aon-oíche ná aon-lá ariamh. Th'éis an dinnéar bhuail sé siar ar an leabaidh. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafruigh sí dhó (dhe) a raibh aon-cheo air, agus dubhairt sé nach raibh. An uair a bhreathnuigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoidh sí orm féin anoir as an ngarrdha. Ní bhlaodhfadh marach cho scanruighthe agus atá sí. Bhreathnuigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céadna i gcomhnuí. An uair a shamhluigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dubhairt sé nach raibh cruadhóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir ins an ngarrdha agam trathnóna. 'Mhuire is truagh, ní raibh mé leath-uair thoir ins an ngarrdha aríst, an uair a rith sí aniar agus é in a h-uaire móire uirre. Siar liom fhéin cho tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agad gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail. Ach ní cás é, míle buidheachas le Dia, ó a rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sí ag díogarnaighil mar sin ó oíche go maidin. Níl maith ná donacht ag teacht uirre, ach ins an meath chéadna i gcomhnuí. Eirigheann sí laetheantaí agus baineann sí scaithín amach ar an teallach, ach tá sí ag cothú na leabthan an-mhór le goirid. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar aonduine ó a bhaileochas sé na cheithre scóir
Ó a bhuail an ghiorranála é, bíonn sé ag díogarnaighil mar sin go minic. Tá a fhios ag Dia go sáróchadh sé duine ar bith a bheadh in aon-teach leis, ag éisteacht leis ag éagcaoineadh mar sin. Ach is measa dhó féin é ná do dhuine ar bith. Diabhal muise go saothruigheann an té a bhíos ag éisteacht leis an saoghal cho maith leis féin
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaighil i gcomhnuí, i gcomhnuí. Ach tá neamh-shuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaithtí anois go dtagann árdú air thar a chéile. Dheamhan indán maitheasa go deo dhó, ná cuid de indán maitheasa. Tá an liostachas ro-fhada anois air le maith a dhéanamh.
B'ait an fear oibre é sin. Is beag a chuala ag díogarnaighil ná ag éagcaoineadh é nó go bhfuair sé a adhbhar. Ach tá a adhbhar aige anois, an duine bocht, agus go maith. Ó a bhain sé an stangadh sin as a dhruim, níl sé ar a chóir féin. Bíonn sé ag teacht roimhe i gcomhnuí
b.
+
Níl ann ach díogarnach beag anála anois = tá sé ionann agus séaluighthe
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigin. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rádh go raibh sé dí-bheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breagh mar é. Dubhradh ag an gcuisle féin é. Thug an Cróinéara "an-character" air
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé in athchur an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigin — an duine bocht. Má sháruigheann sé an oíche, 'sé a chloch-neart é. Beidh tórramh agaibh a scurachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é imbliana, ní dhá roint leo é
Nach maith a chuaidh mé as an uair sin. Fritheadh caithte ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroidhe agus bhí sé ag bualadh ar éigin. Bhí díogarnach anála ionnam freisin, agus thosuigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nar bearnuigheadh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é, ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneál an phoitín liom, thosuigh mothú ag teacht ionnam i leabaidh a chéile. Dar brigh an leabhair faoi cheann uair an chluig bhí mé in mo bhíthin óg aríst.
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
c.
+
An gcluin tú an díogarnach torainn atá ag an mBannra (carraig chois an chladaigh). Tuilleadh báistighe. Níor labhair an Bannra ariamh nar dhubhairt sé an fhírinne
Má tá díogarnach ar bith torainn ag an eas bí siúráilte go bhfuil triomach air, agus triomach fada. Beidh sé in a thriomach anois go Samhain. Diabhal an fearr beirthe é. Is géar a theastuigh rud eicínt ó'n nglaicín mhóna siúd thuas agam. Cuirfidh an triomach seo anois bail eicínt uirre
TUILLEADH (3) ▼
Cloisim díogarnach torainn ag an bhfear seo thuas anocht, muran ag "caibiléaracht" aríst a bheadh sé. Mara gcruthuighidh sé níos fearr ná an "trip" deire, ní mórán slaicht a fhágfas sé indiaidh a láimhe
Tá díogarnach eicínt torainn thíos ins an bhF. Meastú ab iad na h-asail a bheadh istigh ann aríst. Má siad muis gheobhaidh siad froisín
Tá sé ag díogarnach torainn ins an áit sin thiar ar feadh na h-oíche. Is mór an tseanmóir é an ceann céadna. Níl oíche ins [an] aer nach mbíonn sé ar cheird eicínt le muid a chur thar bharr a' (ar) gcéille

Féach freisin