Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dionnóid (deannóid)
ainm-fhocal; buineann
iolraidh — dionnóidídionnóideacha.
Donóid amannta i gCois Fhairrge
1.
oiread na frighde; fíor-thoirt bheag; dubh na h-iongan; an beagán.
+
Tabh'r 'om (tabhair dhom) dionnóid bheag de'n tsnaoisín sin le cur faoi mo shrón. B'fhéidir go gcoinneochadh sé tirm í
Tá dionnóid bheag shalachair ar do shaicéad taobh thiar. Coinn' leith (Coinnigh i leith) go nglanaidh mé é
TUILLEADH (6) ▼
Thuit dionnóidín shúighe ar an bpáipéar cho uain agus a bhí sé dhá léigheamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi annsin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety annsin — ceann a bhí síos an-domhain in a phóca — agus seó (show?) páipéir timcheall uirre. Dhá bhfeictheá cho deas agus a chuir sé corr na lainne faoi'n dionnóidín shúighe agus chuaidh sé amach annsin gur chuimil sé ar an gclaidhe í. Tá sé cho puinteailte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith uais air
Má fheiceann sí dionnóid shalachair ar fud an tighe — ar bhord, ar stól ná ar shoitheach — tá a "rubar" aice ar an bpuinte agus í ag sciúradh. Ní bean ghlan go dtí í. Tá sé de bheith uirre aon-cheo salachair dá bhfeicidh sí in áit ar bith a ghlanadh ar an bpuinte.
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhuirtéil annseo, thuit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hébrí (pé'r bith) cé'n sórt útamáil a bhí orm chuaidh dionnóidín bheag de'n aol faoi mo shúil agus scál sé mé. Tabhair scaladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go bráth uirre. M'anam go mb'éigin dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine indiaidh an dochtúra féin ní fheicinn an bhán-shoillse léithe
Má bhíonn dionnóid ar bith ar na h-éadaigh bíonn an "brush" aige ar an toirt agus é dhá chuimilt féin léithe. Tá sé an-phuinteáilte faoi'n a chuid éadaigh. Ní maith leis thú a dhul in a ngoire féin
Dhá bhfeictheá an "collar" a bhí air agus cho geal agus a bhí sé. Agus bhí dionnóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dubhach ann, nó rud eicínt mar sin i bhfus annsin air. Thiubharfá faoi deara é míle ó láthair
Tae mo chreach! Fuair mé dionnóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Marach leisce a fhágáil aca agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thiubharfainn an oiread dá gcroidhe dóibh agus go mbeadh sé de shásamh aca orm — na cneamhairí bradacha!
2.
flaim nó fuarú nó beodhchan beag gaoithe.
+
Ní raibh dionnóid ghaoithe ann ach é in a théigle críochnuighthe. Shíl mé nach srianfadh muid anoir go deo é. Ach ó chas muid an Ceann d'eirigh beodhchan beag agus níor airigh muid abhaile é
Ara cé'n sórt cáthadh sin ort. An bhfeiceann tú an lá — gan donóid (dionnóid) ann. Dheamhan an oiread agus a chorróchadh ribe ar do cheann. Agus is mian leatsa a dhul ag cáthadh in a dheidh sin. Cáith leat má's breagh leat 'bhfeicidh tú cá'id a bhainfeas tú amach
TUILLEADH (4) ▼
Badh é an lá ba bhreaghcha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé in a chalm orra leath-cuain. Shíl muid gur thosuigh dionnóid bheag annsin, ach ní thiubharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dhearbhráthair mo chroidhe thú, chruthuigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirre. 'Sé Dia féin a bhí buidheach duinn an lá sin, nar cuireadh go tóin puill muid. Tá mé taithighthe ar an bhfairrge ó cuireadh bannlá de chóta orm, ach macsamhail na cuaifighe sin ní fhacaidh mé ariamh agus nar leigidh Dia go bhfeicfinn go bráth ach oiread. Níor fhan dionnóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé cho bruithte sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indan
Coirce ar bith atá ar sraith tá sé réidh le triomach indiu. Rinne an tuile aoileach dhó (dhe) aréir agus níl an dionnóid féin ann indiu le dhul thríd. Shílfeá go mbíonn scláradh gréine ann scaithtí ach is gearr a sheasas sé. Pé aca sin é, níl triomach ar bith ann
Scaoil amach mé go bhfaghaidh mé dionnóid anála. Tá mé plúchta istigh ins an teach sin, len a bhfuil de dhaoine ann. Diabhal mé go bhfuil an t-allus ag scárdadh díom, go bhfuil sin
Oscail suas an dorus agus leig isteach dionnóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … 'Bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon-dionnóid in a ghoire ó bhliain go bliain ach an dá dhorus agus a bhfuil d'fhuinneoga ins an teach dúinte aige. Is mór an seasamh aige é

Féach freisin

Dionnóid in iontrálacha eile (2)

 
dall 2
Teirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fhúithe agus feicfidh tú féin air annsin gur gearr a bhéas tú dall … Dionnóid bheag dheannaigh a chuaidh fúithe déarfainn, agus chuir tú 'un óthrais í dhá cuimilt
 
dusta
Níl dionnóid dhusta ar aon-cheo ag gabhail leis an teach