Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dusta
Ainm-fhocal, fireann
deannach; créafóg, gaineamh nó a samhail a bheadh tirm; dust.
+
Dusta an bhóthair, dusta na móna, dusta adhmaid agus rl. ('Sé dusta an focal ar dust i gcoitinne, ach tugtar ainmneacha áiride ar chineálacha áiride dusta .i. deannach an bhóthair, deannach na móna, min adhmaid, cnámharlach fataí, cailemhineog agus rl.)
Tá dusta ag eirghe indiu.
TUILLEADH (6) ▼
Chuaidh dusta faoi mo shúil
Níl dionnóid dhusta ar aon-cheo ag gabhail leis an teach
Tá an áit uiliog faoi dhusta
Tá muid plúchta ag dusta
Is mío-fholláin an rud an dusta sin a bheith ag gabhail in do phutógaí ó mhaidin go faoithin
Ní thiubharfainn dusta na sráide air = níl aon-mheas agam air