Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driog (dreag?)
ainm-fhocal; buinnean
iolraidh = drioganna, drioga.
1.
braoinín an-bheag; deor bheag; sreabh; sruth; an streanncáinín is lugha; snig. (Déanann an focal agus an chiall seo leis sdriog (striug, striog) mórán i gcomhnuí ins an gcaint. Deirtear driog amanntaí ach is fada ó chéile é. Is minicí driog ag muintir an Achréidh ná ag muintir Chonamara, arae níl caint an Achréidh cho tugtha do s sciorthach a chur isteach le caint Chonamara. Féach sdriog le h-aghaidh somplaí de chéill 1.
2.
drithlín; gaimh bheag.
a.
·
Chuaidh driog fhuaicht thríom
Is beag nar phréach mé thiar leis an dorus dúinte. Bhí an seoideadh isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaol-druim, agus bhí mo chroidhe ag eitealla leis an bhfuacht.
b.
doigh thobann; "iasc beo" saighead bheag phéine; ga; goin; pian; araing.
+
Airighim driogannaí eicínt in mo chois le seachtain. Tá liom marab iad na scoilteachaí atá ag brath ar a theacht orm aríst. Má siad gheobhaidh mé uatha é
Fuair mé an-tsuímneas (suaimhneas) óna daethachaí (doightheacha fiacal) anois ó a tharraing mé an dá chláirfhiacail, ach feicthear dhom — ní ag tabhairt gutha orra é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Ins na cúilfhiacla a airighim anois é. 'Sé'n faitchíos atá orm go siubhalfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhranndal. Shaothruigh mise leo cheana é: in mo shuidhe ó oíche go maidin agus mo chloigeann leigthe anuas ar an teine agam ag glaodhach agus ag gárthaighil — nó gur tharraing mé iad
TUILLEADH (9) ▼
Deir sí go dteagann driogannaí in a croidhe scaithtí. Ní bhíonn thairis sin de phian uirre ach mar sháithfí biorán treasna thríd. Is olc é an croidhe. Chuir mise faoi ndeara di a dhul chuig dochtúr leis, ach dheamhan ceo a fuair an dochtúr uirre. Dubhairt sé nar dhochar ar bith na driogannaí sin: go mbuailfidís duine le slaghdán nó galra ar bith mar sin. "Tá croidhe agad" adeir sé "cho slán le breac."
Airigheann sé corr-dhriog innte fós ach is beag an bhrígh iad le h-ais an phian ghártha a bhí innte cheana. Ní fhaca mé aon-fhear ariamh ab fhearr fulaingt ná é. Scaithtí annsin bhíodh sé in a lúib le pian ach dheamhan a n-éagnuigheadh sé in a dheidh sin í. Is mór an fhoighid a bhíos ag cuid de na daoine thar a chéile
Rug mé ar an "article" sin atá ar an mballa l'aghaidh an tsoluis thíos tigh J. Ph. agus chuir sé driog thríom. Tabhair ga air a mhic ó: mar 'bheadh meanuí do do tholladh. Ní h-eadh ach an oiread, ach mar a bheadh iasc beo ag rith suas in do láimh. Ní mise an chéad duine aríst a ghabhfas ag méirínteacht leis an rud siúd
D'airigh mé an driog ag dul thríom. An chéad rud eile, tháinic miabhán in mo cheann agus mhothuigh mé mé féin ag tuitim i meirbhthean. Marach a fheabhas agus a thapuigh mé é agus a dhul amach thuitfinn istigh. Níl a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhain díom chor ar bith. Níor tháinig rud de'n tsórt sin orm cheana ariamh
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
Ar an dá luath agus ar ól mé an phasóid, b'éigin dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon-cheo a chur aniar. Séard a thosuigh ag teacht orm driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. 'Bhfuil a fhios agad céard a rinne maith dhom ins an deire. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'ionntuigh mo ghoile. Má's poitín a bhí ann badh é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'asnachaí an uair a chromaim síos. Ní mheasaim gur araingeacha iad. Le goirid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaithtí. Is minic a bhí araing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
Tá driog eicínt in mo chois annsin le cupla lá. Shíl mé gur iasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach h-eadh. Níl neart agam an chois sin a chur treasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul 'un donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aithmhéala aríst
Níl dochar ins na driogannaí sin. Iasc beo iad. Sin nó pianta fáis. Bíonn pianta fáis ar 'chuile scurach. D'aireochadh duine ar bith an t-iasc beo sin. Is minic a bhíos siad ag léimreach (léimneach) in mo chosa féin. 'Seadh agus táraidhm (táirm) orra ag léimneach. Deir siad dhá sáithtí biorán ionnad ins an áit a mbíonn an t-iasc beo sin an uair a bhíos sé ag léimreach go gcaillfí thú.

driog in iontrálacha eile (7)

 
daigh
Sin í annsin an cailín a bhfuil na doigheachaí innte. Tá poll innte agus fearsad eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feicthear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcomhnaí. Beidh a shliocht uirre: ní bheidh sí ann ach feadh's mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
 
de
Gach fear dhá mbéarfaidh air cuirfidh sé driog ann
 
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
droim
Airighim driog eicínt isteach in alt mo dhroma, maran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é.
 
'Chuile uair dhá dteighinn ar árdú na cloiche, theagadh driog annsin in mo ghualainn. B'éigin dom leigean di as a dheireadh
 
Cé'n chaoi a bhfuil sé ag dul dó! Drioganna isteach faoi'n slinneán ab eadh? Sórt scoilteachaí é sin. Dheamhan lá dochair ann. Tá sé ar leath do thíre
 
Chuaidh driog thríd an gcroidhe agam