Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driog
ainmfhocal, baineann
iolra: drioganna, drioga
1.
braoinín an-bheag; deoir bheag; sreabh; sruth; an streancáinín is lú; snig. Déanann an focal agus an chiall seo leis striog mórán i gcónaí sa gcaint. Deirtear driog amantaí ach is fada ó chéile é. Is minicí driog ag muintir an Achréidh ná ag muintir Chonamara, arae níl caint an Achréidh chomh tugtha do s sciorrach a chur isteach le caint Chonamara. Féach striog le haghaidh samplaí de chéill 1.
2.
 drithlín; goimh bheag.
a.
·
Chuaigh driog fhuaicht thríom
Is beag nár phréach mé thiar leis an doras dúnta. Bhí an seoide isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaoldroim, agus bhí mo chroí ag eitealla leis an bhfuacht
b.
daigh thobann; éasc beo; saighead bheag phéine; ga; goin; pian; arraing.
+
Airím driogannaí eicínt in mo chois le seachtain. Tá liom murab iad na scoilteachaí atá ag brath ar a theacht orm aríst. Más iad gheobhaidh mé uathu é
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad
TUILLEADH (9) ▼
Deir sí go dteagann driogannaí ina croí scaití. Ní bhíonn thairis sin de phian uirthi ach mar sháfaí biorán trasna thríd. Is olc é an croí. Chuir mise faoi ndeara di a dhul chuig dochtúr leis, ach dheamhan ceo a fuair an dochtúr uirthi. Dúirt sé nár dhochar ar bith na driogannaí sin: go mbuailfidís duine le slaghdán nó galra ar bith mar sin. 'Tá croí agat,' adeir sé, 'chomh slán le breac.'
Airíonn sé corrdhriog inti fós ach is beag an bhrí iad le hais an phian ghártha a bhí inti cheana. Ní fhaca mé aon fhear ariamh ab fhearr fulaingt ná é. Scaití ansin bhíodh sé ina lúib le pian ach dheamhan a n-éagnaíodh sé ina dhiaidh sin í. Is mór an fhoighid a bhíos ag cuid de na daoine thar a chéile
Rug mé ar an article sin atá ar an mballa le aghaidh an tsolais thíos tigh J. Ph. agus chuir sé driog thríom. Tabhair ga air a mhic ó: mar a bheadh meanaí do do tholladh. Ní hea ach an oiread, ach mar a bheadh éasc beo ag rith suas in do láimh. Ní mise an chéad duine aríst a ghabhfas ag méirínteacht leis an rud siúd
D'airigh mé an driog ag dul thríom. An chéad rud eile, tháinig míobhán in mo cheann agus mhothaigh mé mé féin ag titim i meirfean. Murach a fheabhas agus a thapaigh mé é agus a dhul amach, thitfinn istigh. Níl a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhain díom chor ar bith. Níor tháinig rud den tsórt sin orm cheana ariamh
Rug sé ansin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinig deoir fhola. Ach mura dtáinig, bhí pian ann. Timpeall is leathuair ina dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráite ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leathuair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ón ngualainn díom
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'easnachaí nuair a chromaim síos. Ní mheasaim gur arraingeacha iad. Le gairid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaití. Is minic a bhí arraing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
Tá driog eicínt in mo chois ansin le cupla lá. Shíl mé gur éasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach ea. Níl neart agam an chois sin a chur trasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul chun donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aiféala aríst
Níl dochar sna driogannaí sin. Éasc beo iad. Sin nó pianta fáis. Bíonn pianta fáis ar chuile scorach. D'aireodh duine ar bith an t-éasc beo sin. Is minic a bhíos siad ag léimreach (léimneach) in mo chosa féin. Sea agus táirm orthu ag léimneach. Deir siad dhá sáití biorán ionat san áit a mbíonn an t-éasc beo sin nuair a bhíos sé ag léimreach go gcaillfí thú.

driog in iontrálacha eile (7)

 
daigh
Sin í ansin an cailín a bhfuil na daitheachaí inti. Tá poll inti agus fearsaid eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feictear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcónaí. Beidh a shliocht uirthi: ní bheidh sí ann ach feadh is mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
 
de
Gach fear dhá mbéarfaidh air, cuirfidh sé driog ann
 
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
droim
Airím driog eicínt isteach in alt mo dhroma, muran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é
 
Chuile uair dhá dtéinn ar ardú na cloiche, theagadh driog ansin in mo ghualainn. B'éigean dom ligean di as a dheireadh
 
Cén chaoi a bhfuil sé ag dul dó! Drioganna isteach faoin slinneán ab ea? Sórt scoilteachaí é sin. Dheamhan lá dochair ann. Tá sé ar leath do thíre
 
Chuaigh driog thríd an gcroí agam