Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doigh, dógh
/dəï/ : /dəi/: Achréidh: na h-oileáin, Leitir Mealláin Leitir Móir, agus le fairrge aniar cho fada le na Mine nó mar sin. // : Cois Fhairrge uaidh sin aniar
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: doighe (/dəï/).
dógh: fireann: geineamhnach uathaidh: dógha
iolraidh: doigheachaí: /dəixī/ — na h-Oileáin agus Cois Fhairrge cho fada aniar le na Mine. /dɛ̄xī/ : Cois-Fhairrge.
Deirtear /dɛ̄/ i leabaidh // le dóigh i gcomhnaí i gCois Fhairrge nuair is iad na fiacla atá i gceist, agus amanntaí le doigheachaí eile doigh bhuilg: /dɛ̄ wel′ɡ′//dō wel′ɡ′/.
1.
driog péine, pian, arainn, donacht tobann, drillíní.
a.
+
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
Tháinic doigh eicínt isteach faoi bhun m'asnacha annseo anuiridh, agus mé ag feamnadh, agus sheaduigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shoin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó a chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shoin di.
TUILLEADH (7) ▼
Sin doigh ó arainn nó rud eicínt mar sin. Ní brigh í ar chuma ar bith
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an doigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imigheadh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheireadh. Chothuigheadh sí i gcomhnaí é
Tá faitíos orm an doigh sin a theagas air, gur ó chancar í. Tá cancar a mhic ó ar leath do thíre. Níl innseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
Tá mé go dona le doigh faoi'n bhfiacail
Níl aon-fhiacail ag gabhail liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a bhíos orm th'éise sin, ní ag tabhairt ghutha orra é!
Airighim doigh annsin: isteach díreach im'imleacán
M'anam muise an té a mbuailfidh an doigh sin [é] (buinneach) nach fuláir dó siubhal a bheith aige
b.
+
Tháinic dógh (doigh) bhuilg ar an T. agus b'éigin eirighe as an gcéilidhe agus gan é nach (ach) uair ar siubhal. Ní hé a (ar) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (doigh bhuilg = pian bhuilg)
Bhí dógh bhuilg orm ar feadh an lae indé. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tighe léithe, mar ní fhéadfainn comhnaí a dhéanamh in áit ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair doigh bhuilg uirre! Chaith sí cupla uair an chluig orm, agus shíl mé go dtiocfadh snaoim (snaidhm) ar mo phutógaí léithe
Is olc í an dógh bhuilg sin. Chaith sí an tsíorraidheacht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreagh uaithe anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siubhal an bhóthair ionnad
Sin é an fáth a bhfuil leigheas ar an doigh bhuilg sa mbarrach. Cheal nar chuala tú é sin ariamh cheana. Sin é é muis
Chaith mé an lá indé agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dógh bhuilg. Fhobair nachar chriog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí cho gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag 'e mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buidhe! Sin é an méid!
c.
+
Tá dógh (doigh: /dəi/ : /dɛ̄/ : //) ghoile ag dul dom = pian isteach faoi'n gcliabhrach nó imbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mara mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feileamhaint dó, nó mara bhféadann sé aon-cheo a dhéanamh thrídh n-a cholainn. Cineál indigestion é
Tá an dógh ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon-lá ó tháinic an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
TUILLEADH (6) ▼
Ara tá an oiread bánráin aice anocht agus nach bhféadfadh duine fanacht in a goire chor ar bith. Tá an doigh ghoile sin léithe aríst; agus deir sí féin go bhfuil coilicum agus altraid chroidhe agus 'chuile anshógh uirre in aice sin
Chuir mé mé fhéin 'un domblais le poitín indé — poitín dóighte Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm indiu, tá dógh ghoile orm ó mhaidin.
Bhí doigh ghoile le cupla lá uirre agus chuir sé ó ithe a codach í, ach níor chuir sé aon-champirín ar a teanga. Mo léan géar sé nachar chuir!
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
Doigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leághfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó in a bhrúightín í. Is air mo léan nach mbeadh an mhairg. Chonnaic mise ag ithe fataí fuar beithidheach cheana é
d.
·
Dógh croidhe (fc. dóghadh)
2.
+
Tá doigheachaí orm (/dɛ̄xī/, /dəixī/); tá doigheachaí fiacla (nó doigheachaí fiacal) orm; tá doigh (/dəi/, /dɛ̄/) fhiacal orm (cialluigheann doigheachaí as féin doigheachaí fiacal. 'Sé adeirtear go h-iondamhail, ach in áiteacha cuirtear fiacla, fiacal leis). (Ní bhíonn "tinneas fiacal" ag aonduine ach ag máistirí scoile, nó a leithidí!)
Doigheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar cho tréan in Éirinn agus atá tú indon a ól … Níl tú indon fuilingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fuilingt lena doigheachaí!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí mé de'n tsaoghal ag doigheachaí in imeacht na seachtaine seo caithte. B'éigin dom eirghe de mo leabaidh oíche, agus mo leiceann a chur le teineadh. Bhí mé ag screadach leis an bpian
Deir siad go bhfuil an píopa go maith ag na doigheachaí. Bodhruigheann sé an phian
Ní bheadh artha na ndoigheachaí fiacla agad? Tá mé in ainriocht ag doigheachaí
Sin í annsin an cailín a bhfuil na doigheachaí innte. Tá poll innte agus fearsad eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feicthear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcomhnaí. Beidh a shliocht uirre: ní bheidh sí ann ach feadh's mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
·
Níl pian ar bith is boichte ná na doigheachaí fiacal, agus níl pian ar bith in a dheidh sin is lugha a mbíonn truaighe do dhuine ná í.
Tá a phluic uilig séidthe ag na doigheachaí fiacal. Diabhal mórán truaighe é nach dteigheann agus a dtarraint agus gan a bheith dhá mbuachailleacht annsiúd
·
Bhíodh doigheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an artha dhom, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shoin, míle moladh le Dia
3.
·
Doigh Bhríde (/dəi/): tobar beannuithe i gCondae an Chláir a dteigheann muintir Árann ar turas ann Lá Fhéile Muire Mór (15adh Lúnasa). Caitheann siad an oíche ag an tobar. Tá sé suas in aice le sráid na Cathrach

Féach freisin

Doigh in iontrálacha eile (2)

 
Tá doigh eicínt isteach san duilleoig orm, maran cleithín a bheadh ag tuitim agam.
 
Gabhfaidh doigh thríd an slinneán aige, má bheirimse air