Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anáil
foghar: unáil
ginideach: anála, anáile amantaí
iolra: anáileachaí
1.
aer a súitear isteach sna scamhógaí agus a cuirtear amach aríst.
a.
+
Tá a anáil aige go breá — déarfaí le duine tinn é, nó duine théis ruaig múchadh nó plúchadh, a mbeadh biseach air in athuair
Tá anáil láidir aige (lag, shéidte, drochanáil, anáil bhréan, anáil phlúchta, anáil ghearr, anáil bhriste, anáil phiachánach srl.)
TUILLEADH (4) ▼
Tá anáil bhriste ag an gcapall sin, nó tá a hanáil briste — ní bheadh mórán sea coisíochta inti an uair sin
Tá anáil chreatánach aige — fear múchta nó plúchta
Tá anáil phiachánach aige — duine a mbeadh fead ina anáil
Tá fead ina anáil
+
Nuair a bhuaileas an t-ualach é, ní fhanann puth dhá anáil aige; ní bhíonn tarraingt na hanála ann — bíonn sé plúchta nó bíonn giorra anála air.
Ní raibh puth dhá anáil aige, scáth an achairín sin a shiúl.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé séidte agus gan puth dhá anáil aige.
Tá sé múchta suas agus gan puth dhá anáil aige.
+
Tá giorra anála ag dul dhó, le fada
Tá sé séidte suas le giorra anála.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh focal den chaint aige le giorra anála
+
Bhí sé ag cur an-stró air a anáil a tharraingt.
Níl tarraingt m'anála ionam — nuair a bheadh saothar ionat; thú séidte, nó giorra anála, plúchadh, creatán nó faitíos ort
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ag fáil na hanála leis; ní raibh an anáil ag teacht leis; bhí sé ag cinnt air anáil a tharraingt; bhí cinnte air anáil a thabhairt (a fháil) leis — ag cliseadh; nó ag cinneadh
Saothraíonn sé an plúchadh go maith. Bíonn sé amantaí agus ní fhaigheann sé anáil leis go ceann fada.
+
Ní raibh smeámh anála ag fanacht aige — bhí sé ag cailleadh na hanála; bhí an anáil ag imeacht uaidh.
Níl aige ach smeámh beag anála — puth beag
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig ualach air a bhain an anáil dhe d'aon iarraidh (fc. ualach)
Is togha coisí céad slat é, ach buailtear suas san anáil é uaidh sin amach — tagann an anáil gearr air; loiceann an anáil air
Tá anáil dhá ghortú — nuair a bheadh ag cinnt ar dhuine a anáil a tharraingt
Tá anró ar a anáil; tá anró air a anáil a tharraingt (duine a mbeadh giorra anála nó plúchadh air, nó a bheadh ag saothrú báis)
Tá anáil ag cinniúint air.
+
Bhí srunán (srannán) ina anáil — cliar ann nó é ag puthaíl fearacht duine a bhíos ag saothrú báis.
Bhí anáil ghreadánta aige — anáil láidir nó srannán mar an duine atá ag tarraingt ar an mbás (fc. greadánta)
TUILLEADH (4) ▼
Tá díogarnach anála ann fós — duine nuair a measfaí go mbeadh sé séalaithe ach go mbeadh anáil bheag aige
Is beag an díogarnach anála atá aige anois (fc. díogarnach)
Tá an anáil fós ann; tá an anáil ar éigean ann — duine a bheadh ionann is básaithe
Níl ann ach go bhfuil an anáil ann anois — duine ag saothrú báis
·
Bhain sé an anáil dhíom le iarraidh
·
D'aithin mé ar a anáil go raibh sé ag ól
"Bhí boladh na n-úll cumhra go trom ar a anáil" (líne as amhráin)
+
Chuaigh an phlaic lena anáil agus fhóbair gur thacht sé í.
Chuaigh an greim le m'anáil, agus síos sa bpíobán garbh, agus chaith mé tamall ag casacht nó gur chuir mé aníos aríst é.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir an greim a chuaigh lena anáil múisc air.
Deiseal! Le t'anáil a chuaigh sé.
Glac t'fhoighid má chuaigh an bheatha le t'anáil.
Cnámh a chuaigh lena anáil agus a sheas ina phíobán. Níor cheart do dhuine bheith uafásach ag ithe.
+
Dúirt sé rud eicínt faoina anáil ach níor chuala mé é — go han íseal; go neamhaí; faoina fhiacail
Bhí sé ag mungailt faoina anáil, ach pé ar bith céard adúirt sé, bhí sé róneámhaí lena chloisteáil — bhí an chaint a bhí sé a dhéanamh faoina fhiacal ró-íseal le go gcloisfeadh duine í.
TUILLEADH (4) ▼
Ná bí ag caint mar sin faoi t'anáil ach abair an rud amach.
Pé ar bith céard adúirt sé, faoina anáil adúirt sé é.
Ba mhaith an scéal dó fhéin gur faoina anáil adúirt sé é, mar ní fhágfaí mion mullóg dhe i ndiaidh a chéile ansiúd dhá gcloistí é.
Rinne sé mungailt eicínt faoina anáil ach níor chuala aon duine céard adúirt sé ceart
·
Ná lig le hais t'anála an méid sin — ná hinis d'aon é; ná trácht air
Má insíonn tú rud dhó siúd, dheamhan le hais a anála a ligfeas sé go brách é — brúfaidh sé a chois air; ní thráchtfaidh sé air
b.
+
Ní fhéadfá t'anáil a tharraingt ann — áit chúng phlúchtaithe, agus b'fhéidir brú mór daoine ann
Ní bheadh aon ghair agat t'anáil a tharraingt leis an mbrú daoine a bhí ann.
TUILLEADH (1) ▼
Níl áit agam a dtarraingeoinn m'anáil — tá mé brúite plúchtaithe ag brú. Déarfaí é le duine a bheadh ar bheagán talún freisin
c.
anáil na gaoithe: goimh nó míneadas na gaoithe.
+
Is géar í anáil na gaoithe anoir anocht.
Thiocfadh anáil na gaoithe go smior is go smúsach ionat.
TUILLEADH (2) ▼
Ní éadáil mhór ar bith í anáil na síne atá amuigh anocht — tá an ghaoth, an bháisteach, an flichshneachta srl. géar goimheach
Níor mhaith dhuit anáil na gaoithe a bhí ann an oíche údan a fháil faoin tseanchabhail.
d.
anáil ghabhair: chuile fhás a dtéann anáil an ghabhair faoi nó a itheas gabhar, téann sé chun deiridh agus is deacair leis fás ná borradh a theacht faoi aríst.
+
Chuir sé anáil ghabhair faoi — chuir sé scéin ann; thug sé leathmharú air; chuir sé sa gcruth é gur thosaigh sé ag dul chun deiridh nó nár thaobhaigh sé an áit sin uaidh sin amach
Chuir Antoine anáil ghabhair faoi an babhta deireanach a raibh sé abhus agus thug sé cúl don áit seo ó shin.
TUILLEADH (8) ▼
An uair deiridh a raibh Ned Phatch ina éadan, caithfidh sé gur chuir sé anáil ghabhair faoi, arae níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ó shin — tá sé ag imeacht as agus míshláinte ag teacht air ó bhí Ned Patch ina éadan.
Sin é an buachaill atá in ann an anáil ghabhair a chur fúthub.
Caithfidh sé gurb í eascainí an mhisinéara a chuir anáil ghabhair faoina chuid cuir, mar níl fata aige de bhláth bliana — loic a chuid cuir, agus ní bheidh fata aige dhá bharr agus caithfidh sé gurb í eascaine an mhisinéara a thit ar an gcur
Mura gcuire an béal eascainí agus mionna mór a bhí air anáil ghabhair faoin mbaile uileag, níl a fhios agamsa cén scéal é.
Seáinín Cháit agus a chuid luibheanna atá ag cur anáil ghabhair faoina bhfuil ar an mbaile sin. Níl oiread áiméan in aon dhuine dhá bhfuil istigh ar a fhuaid (fc. luibh)
Níl aon teacht suas faoi, murab é Mac Uí Fhlaithbheartaigh a chuir aon anáil ghabhair faoi nuair a bhí sé ina phiodarlán
Is maith an scéal anáil ghabhair a chur faoina leath sin, mar dhá dteagaidís in éifeacht cheart, ba thrua don bhaile agus don phobal a mbeidís istigh ann.
Cuirfidh mise anáil ghabhair faoin mbuachaill sin, agus rachaidh mise faoi dhuit nach ar an mbaile seo is mó a bheas sé taithithe ina dhiaidh.
2.
anáil ag teach nó foirgneamh: é bheith áirgiúil fairsing agus an ceann crochta go breá air, agus i riocht is nach mbeadh sé plúchtaithe istigh ann.
+
Tá anáil bhreá ag an teach sin.
Má chrochann sé an ceann chomh hard sin, tabharfaidh sé anáil bhreá don teach.
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór dó mar sin anois go mbeadh a dhíol anála aige.
Tá áirge agus anáil sa gcisteanach siúd — tá sí breá fairsing, agus na fraitheachaí crochta
Ní mó ná dhá gcuireadh sé cupla cúrsa eile ar an mballa go mbeadh a dhóthain anála ag an teach.
Shoraidh dhó, ó chuaigh sé ag cur caoi ar bith air nár fhága a dhíol anála aige.
Níl aon anáil ag an seomra sin. Phlúchfaí ann thú

Féach freisin

anáil in iontrálacha eile (36)

 
carn
Dheamhan iontas ar bith é sin a bheith carnaithe suas agus chomh ramhar rite is atá sé. Ar ndóigh níl puth dhá anáil aige le saill.
 
cliar
Tá cliar aníos in mo mhuineál agus níl m'anáil ag teacht liom chor ar bith aici.
 
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
 
beart
Ba diabhaltaí an séideán a bhí ann faoin mbeart. Tá ceart aige a anáil a bheith briste ar chuma ar bith má bhí sé ar an gcaoi údaí ar feadh an bhealaigh.
 
Fear ligthe scafánta a bhí ann scaitheamh, ach tá sé tite ar a chéile in aon chráisiléad amháin anois; agus gan puth dhá anáil aige.
 
Cuilín lócháin a chuaigh le m'anáil, agus tá sé cinnte orm mo sceadamán a réiteach aige.
 
Ní raibh puth de m'anáil agam agus ba mhór an t-ár mé le bualadh croí.
 
airde 2
Is fadó an lá anois nach ndearna sé aon ionga airde, muran anáil ghabhair ar bith a chuir Muintir Bh. na mB. faoi.
 
ard 1
Ní raibh puth dhá anáil aige i ndiaidh an aird.
 
Teagann falrach cársáin ann corruair agus is beag le go dtugann sé a anáil leis chor ar bith
 
Chuaigh rud eicínt le m'anáil agus d'fháisc sé fail agus casacht orm
 
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin ansin thoir go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad róchuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
 
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
 
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
Go dtuga Dia dhó cith bheag lách a chaitheamh. Choinneodh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeofá aige
 
Scaoil amach mé go bhfaighe mé deannóid anála. Tá mé plúchta istigh sa teach sin, lena bhfuil de dhaoine ann. Diabhal mé go bhfuil an t-allas ag scairdeadh díom, go bhfuil sin
 
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon ghearranála air, mar a chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar turn an deoch a sheasamh. 'Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól,' adeireadh an creagaire. 'Airím giorra anála ag teacht orm fhéin'
 
Bhí mé i ndeireadh m'anála — séidte ar fad
 
deoch 1
Chuaigh an deoch sin le m'anáil
 
Chuaigh dlaíóigín bheag thobac le m'anáil, agus chaith mé an lá ag casacht ag iarraidh mo sceadamán a réiteach
+
dochar
Dia linn! Chuaigh sé le t'anáil. Níl dochar ann a chuidín
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
+
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé an píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na hanála
 
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'easnachaí nuair a chromaim síos. Ní mheasaim gur arraingeacha iad. Le gairid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaití. Is minic a bhí arraing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
 
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
+
Níl ann ach díogarnach beag anála anois — tá sé ionann is séalaithe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigean. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rá go raibh sé díbheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin, níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breá mar é. Dúradh ag an gcuisle féin é. Thug an cróinéara an-character air
Tá sé in achar an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigean — an duine bocht. Má sháraíonn sé an oíche, 'sé a chlochneart é. Beidh tórramh agaibh a scorachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é i mbliana, ní dhá roinnt leo é
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Deiseal! An ndeachaigh sé le t'anáil. Déan réiteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dúradán dubh as do phutóig
 
Ní raibh ginnín dhá anáil aige théis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidte ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd
 
B'fhada an t-achar a bhí siad ag bocsáil shul má bhí dul ag S. ar T. an T. Ach níor sheas an anáil do T. Ba geall le tarbh é sa deireadh leis an séideán a bhí ann
 
Ní fhaca mise aon duine ariamh nach ndeachaigh Meiriceá go dona dhó. San am a caitheadh, bhí an pháí go dona ann agus an lá oibre an-fhada, agus iad plúchta thíos faoi thalamh gan aer gan anáil! Chuile dhuine dhá dteagadh abhaile, bhídís an-bhánghnéitheach, an-tuartha
 
Chuaigh anáil ghabhair faoi — mheath sé; shearg sé; níor fhan aon mhaith ann (fc. anáil)