Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
céadéaga
ainmfhocal
droch-ualach a thiocfadh ar dhuine a bheadh ag saothrú báis. Sílfí go mbeadh sé básaithe agus chreidtí go mbíodh. Ba mhinic a bhíodh an duine os cionn cláir nuair a bhíogfadh sé suas aríst. Thosódh sé ag caint. Gheobhadh sé deoch, ansin bhásódh sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh; treisiúch mhara (?).
a.
+
"An raibh tú sa nGréig nó an bhfuil aon scéal agat ón Spáinn; Nó ab iad na céadéaga a chuir "écliops" (éaglam?) isteach in do cheann" (As amhrán a rinneadh sa Lochán Beag, An Cnoc, tuilleadh agus céad bliain ó shin)
Ní bhfaighidh sé sin aon bhás choíchin. Beidh sé ag dul sna céadéaga mar sin, agus ualaí ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail den tseandúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó rugadh mé, agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (5) ▼
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul sna céadéaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé an chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath is a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orthu, chuirfí na hordógaí orthu ar an bpointe. Ba é a scil ann é, ba é sin
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
Chuaigh chuile dhuine den chine sin sna céadéaga le aois. An bhfeiceann tú an deirfiúr eile atá aici. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é
b.
+
Tá sé sna céadéaga le slaghdán — tá an slaghdán go dona air
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
TUILLEADH (2) ▼
Is minic fadó a bhíodh páistí sna céadéaga le na convulsions
Chuaigh sí sin sna céadéaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag chuile dhuine. Ach is cosúil nach raibh an t-imeacht uirthi ina dhiaidh sin. 'Sí atá luath láidir inniu théis a clann a bheith tógtha aici
c.
 a dhul as compás le rud ar bith; a dhul thar t'fhulaing; thart. Ní abraítear tá sé sna céadéaga le gáire.
·
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
Tá sé sna céadéaga ag an damhsa. Dheamhan damhsa ó tháinig oíche nach raibh sé amuigh air. Oibríodh leis!

céadéaga in iontrálacha eile (1)

 
Tá sé ag dul sna céadéaga