Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Céad-déaga (céad-éagadh?)
ainm-fhocal
droch-ualach a thiocfadh ar dhuine a bheadh ag saothrú báis. Sílfí go mbeadh sé básuighthe agus chreidtí go mbíodh. Ba mhinic a bhíodh an duine as cionn cláir an uair a bhíodhgfadh sé suas aríst. Thosóchadh sé ag caint. Gheobhfadh sé deoch, annsin bhásóchadh sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh; treisiúch mhara (?).
a.
+
"An raibh tú ins an nGréig nó an bhfuil aon-scéal agad ó'n Spáinn; Nó ab iad na céad-déaga a chuir "écliops" (éaglam?) isteach in do cheann" (As amhrán a rinneadh ins an Lochán Beag, An Cnoc, tuilleadh agus céad bliain ó shoin)
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (5) ▼
Chuaidh S. Bh. a bhí annseo thoir ins na céad-éagadh. Sílimse go raibh sé as cionn cláir an uair a shuidh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath agus ar tugadh deoch dó, shéaluigh sé
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul ins na céad-déaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé'n chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath agus a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orra, chuirfí na h-ordógaí orra ar an bpuínte. Badh é a scil ann é, badh é sin
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
'Ar ndú má's fíor do na sean-daoine ghnídís udhachtaí fadó ins na céad-déaga. Is beag na céad-déaga atá ann anois, ach thú fuaduighthe ag an séipéal cho luath agus a aireochthar an anáil imighthe asad. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orra an uair sin. Nach gcoinnighidís seachtain dhá dtórradh iad
Chuaidh 'chuile dhuine de'n chine sin ins na céad-déaga le aois. An bhfeiceann tú an deirbhshiúr eile atá aice. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é.
b.
+
Tá sé ins na céad-déaga le slaghdán = tá an slaghdán go dona air
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
TUILLEADH (2) ▼
Is minic fadó a bhíodh páistí ins na céad-déaga le na "convaidhlsiuns"
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
c.
a dhul as compás le rud ar bith; a dhul thar t'fholann; thart. (Ní abruightear "tá sé ins na céad-déaga le gáire").
·
Tá an scanrachán seo thoir ag dul ins na céad-déaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar fholann mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith indon fear a shníomh, ach ag briseadh cloch.
Tá sé ins na céad-déaga ag an damhsa. Dheamhan damhsa ó a tháinic oíche nach raibh sé amuigh air. Oibrigheadh leis!