Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul i
1.
+
Chuaidh sé i méid = mhéaduigh sé; tháinic méid air (nó ann)
Ag dul i laghad atá sé, i leabaidh a dhul i méid
TUILLEADH (13) ▼
Chuaidh an bulán sin i bhfeoil go mór ó a d'athruigh tú aníos é = ramhruigh sé
Is mór atá tú ag dul i saill le goirid (nó 'un saille)
Chuaidh sé idtanaidheachan (nó 'un tanaidheachain) ó chonnaic mise faoi dheire é
Tá an bhó sin ag dul in ordú
Chuaidh an bhudóig sin in ordú ó a chonnaic mise go deireannach í
Chuaidh sé in ísle-bhrigh go mór le goirid
Tá sé ag dul i lagar (i meirbhthean)
Tá sé ag dul i bhfeabhas (nó 'un feabhais)
Ag dul in ainnis atá sí = i mí-shlacht ('un mí-shlaicht)
Is mór a chuaidh sí indeiseacht ('un deiseacht) le cupla bliain
Tá an rud sin ag dul i bhfad anois = moill air
"An rud a theigheas i bhfad, teigheann sé i roighineadas (chun roighineadais)"
Tá an tinneas ag dul in ainsil air (fc. ainsil)
+
Chuaidh sé in aois go mór le tamall
Ó a chuaidh sé in aois, níor fhan croidhe ar bith aige
TUILLEADH (3) ▼
Ag dul in óige atá tú, bail ó Dhia ort
Is maith an mhaise di é. Dheamhan lá aois' uirre. In aois na h-óige atá sí ag dul
Chuaidh tú in aois na h-óige ó a chonnaic mé cheana thú
+
Chuaidh an uair i gcineáltas le dhá lá ('un cineáltais)
Tá an trathnóna ag dul i bhfliuchán ('un fliucháin)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an lá ag dul ingirreacht
Chuaidh an saoghal in uaisleacht ó a bhí mise in mo chailín óg. Ní bhíodh tada de'n cheird sin an uair sin
+
Tá na crainnte ag dul induilleabhar
Tá an coirce ag dul indéis (i gcraoibh)
TUILLEADH (4) ▼
Is breagh atá an cur sin ag dul indas = das ag toidheacht air
Tá na dasachaí ag dul i lorga go breagh
Tá an t-arbhar ag dul ingráinne
Ag dul i mionaidheacht atá na fataí 'léar (de réir) mar atá muid ag teannadh soir le claise an tsrotha = i laghad
+
Tá sé ag dul ins an míádh (ins an tubaiste, catmara, diabhal, léan, riabhach agus rl.) ar fad le goirid = níl ceannús ceann ar bith ag fanacht air; tá sé ag dul ó smacht ar fad; tá sé ag dul 'un drabhláis críochnuighthe
Tá sé ag dul ins na céad déaga (céad-éagadh?)
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag dul i bhfeirg = chun feirge
Chuaidh sé ingealta
Chuaidh sé i bhfaitíos air, nuair a chonnaic sé an rud a bhí déanta aige
2.
a.
+
Níl aon-bhaoghal air a bheith réidh fós. Tá sé ag dul ins an tríomhadh bliain anois = duine a mbeadh dhá bhliain déanta aige i gcoláiste nó a mhacsamhail
Níl baol ar bith air a chuid príosúntacht' a bheith réidh fós aige. Chuaidh seacht mbliana air. Gheobhaidh sé lascainí as sin — an ceathramhadh cuid sílim. Caithfidh sé cúig bhliana agus ráithe a dhéanamh. Agus níl sé ach ag dul ins an gceathramhadh bliain anois
TUILLEADH (7) ▼
Is gearr go mbeidh mo théarma istigh agam. Tá mé ag dul ins an tríomhadh bliain, agus níl orm ach na trí bliana. Beidh mé réidh glan annsin
Is maith an scathamh istigh í anois — ó fhéil' Brighde. Tá sí ag dul ins an cúigeadh mí
Níor thug mé áird ar bith air, nó go ndeachaidh sí ins an tríomhadh lá. Dubhairt mé liom fhéin annsin go raibh sé in am a dhul roimhe, agus chuaidh mé soir ag an dochtúr leis
Is fada ionlaoigh í. Tá sí ins an gcúigeadh mí anois. Tá scáird mhaith bhainne fós aice mar sin féin
M'anam go bhfuil aois thairis sin aige, té (cé) nach gceapfá dhó é. Tá sé ag dul in a naomhadh bliain anois. Bhí sé h-ocht mbliana faoi Fhéil' Mártan
Tá sí ag dul in aois a ráithe anois.
Tá sé ag dul in aois a cheithre scóir. Beidh sé é an bhliain seo chugainn
b.
+
Chuaidh tú ins na fir mhóra le goirid = chuaidh tú isteach le na fir mhóra, nó is daoine ar foghnamh a bhíos tú ag cuimilt anois, agus ní le do leithide fhéin
Má d'iarr sé inghean A. Uí Th. tá sé ag iarraidh a dhul ins na fir mhóra. Ní bhfuigheadh í sin ach céithearnach
TUILLEADH (6) ▼
Ní comórtas ar bith dhomsa do leithide-sa. Nach bhfeicim thú ag dul ins na fir mhóra 'chuile phuínte anois. Le máistrí scoile, le póilíos, le fir fataí, agus le sagairt atá tú ag caitheamh do shaoghail. Is beag 'e mheas a bheadh ag a leithidí sin ar scráibín mar mise
Chuaidh sé ins na fir mhóra an uair sin a bhfuair sé an t-airgead, ach cho luath agus a bhí sé caithte aige, ba bheag an ghnaoi a bhí ag na fir mhóra air
Chreidim go bhfuil J. G. féin ag dul ins na fir mhóra. Cheal nachar chuala tú é. Tá mótar ceannuighthe aige
Gabhfaidh sé ins na fir mhóra anois ach a mbeidh an teach nuadh déanta aige. Is fada an lá é ag tnuthán le teach nuadh. Feicfidh tú féin nach mbeidh seasamh ar bith leis anois, le 'mbeidh de fhloscaí aige
Cuirfidh sí an mac ins na fir mhóra nó is cinneamhaint críochnuighthe uirre é. Ar chuala tú ag caint an oíche cheana í: go raibh inghean Ph. ag dul as a craiceann in a dhiaidh. Dar príosta muise, is fiú dhi. Beidh féirín aice, ach é siúd a bheith in a chéile leabthan aice
Ní raibh ag dul síos len athair fhéin 'chuile lá ariamh ach a dhul ins na fir mhóra. Bhí sé cho suimeamhail le pisín chuit. Ní raibh ariamh aige, aindeoin sin ach ag mianadóireacht idir dhá leachta thiar annsiúd
·
Tá tú ag brath ar a dhul ins an onóir = éadaigh galánta a chur ort féin, nó a dhul ag cuimilt le na daoine móra
Chuaidh tú ins an onóir ar fad le scathamh. Ní aithneochthá daoine dona anois
+
Chuaidh sí ins na mná riaghalta
Gabhfaidh sé ins an arm
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé le dhul ins an ngunna mór = an chabhlach
Rachadh sé ins na póilíos dhá mbeadh a dhóthain scoláireacht' air
Tá sé le dhul ins na bráithre
Chuaidh sé in a shagart
Tá mac leis ins na póilíos, agus chuaidh an mac eile in a bhráthair
Ná teirigh in do chrochadóir pé'r bith céard a dhéanfas tú
Tá sé le dhul in a thiomálaidhe (tiománaidhe) mótair
B'ait liom a dhul in mo bhuachaill siopa. D'fhéadfainn mo chrúib a bheith ins an airgead i gcomhnaí agam
B'fhearr liom a dhul in mo mháirnéalach ná aon-cheird eile faoi'n domhan. Tá an-fhonn orm na réigiúin choimhigheacha a shiubhal
Dheamhan a fhios agam nach fear thú a ghabhfadh in do bháicéara fós. Tá an-tóir ar an bhfuint agad
Is fadó an lá ó a chuaidh mé in ord Mhuire (fc. ord)
Chuaidh sí in ord eicínt — níl a fhios agam cé'n t-ord
Chuaidh an bromaire seo thíos in a cheann ar na scaibhtéaraí beaga seo ar fad
c.
+
Shíl sé a dhul ins an bpíobán agam (ins an dúdán etc.) = breith ingreim muiníl orm
Is maith gasta a rachadh sé sin ins an gcraiceann agad anois = thú a ionnsuighe
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh a dhul inglacamas lámh
+
Chuaidh na maidí rámha in ascar (fc. ascar)
Chuaidh sé in ascar ar an gcapall
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh sé in ascar an chlaidhe
Tá sé ag dul len a bhromach in ascar
·
Gabhfaidh do láimh i bpaca má dhéanann tú [é] sin aríst (fc. láimh)
d.
+
Chuaidh sé i bhfalach
Teirigh i bhfalach
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé i leath taobh uaim
e.
·
Ná teirigh imbannaí choidhchin
f.
+
Tá mé ag dul i bhfiacha = mo chuid fiacha ag méadú
Níl aon-mhaith a dhul i gcostas faoi. = there is no use to incur cost over it
TUILLEADH (1) ▼
Sin é a bhfuil dhá bharr agam th'éis go ndeachaidh mé i gcostas faoi
g.
+
Chuaidh mé deich bpighne in a scilling annsin ar ball, ach cuireadh aisti aríst mé agus deifir orm = imirt chártaí; dhá leagadh duine de na cearrbhachaí scilling amach, agus an scilling a bheith gnóithte ag duine eile cé's moite de dhá phighinn
Ní fhéadfaidh sib a dhul isteach thar thrí pighne innte 'chuile gheábh, agus níor h-imrigheadh ach dhá chluiche ó a chuaidh sí amach. Mar sin, ní fhéadfainn a bheith taobh le trí pighne innte mé féin
TUILLEADH (4) ▼
Chreidim nach bhfuil mé ach ag imirt anois ins an "ngandailín" (fc. gandal), th'éis go ndeachaidh mé isteach dhá phighinn go leith ann faoi dhó anocht. Cuirfidh mé amach leithphighinn eile agus caithigidh pighinn air (ar an mbun)
Bhí do leath-choróin ag cur alluis an uair sin. Nach ndeachaidh muid dhá scilling isteach innte. Tá muid anuas aríst ar an sé pighne chreidim
Bhí an oiread cantail air faoi dheireadh agus gur bhuail sé núta (nóta) puint amach ar an mbord. "Bíodh sé sin agaibh" adeir sé "in aoinfheacht leis an gcuid eile". Chuaidh muid poll maith in a phunt freisin
Ní ghabhfaidh tú isteach aon-cheo eile in mo shé pighne nó is cinneamhaint orainne é. Dúisigh suas annsin a chomrádaí agus caith cíonán, cuileata agus aona hairt asta, nó go nglanamuid an písín sin
3.
+
Chuaidh scéin (scanradh, geit, lionradh agus rl.) ann = cuireadh scéin ann
Tá an rabharta ag dul i bhfairrge (fc. fairrge)
TUILLEADH (5) ▼
Chuaidh an eitinn ins na cosa aice
Chuaidh an phian ins an gcorróig orm
Gabhfaidh tochas ins an tóin agad, má ghníonn tú sin aríst = cuirfear
Gabhfaidh glugar ins an gcluais agad mara n-eirighidh tú as anois
Chuaidh teas ins an gcraiceann aige deirimse leat. 'Sé a bhí sé a thuaradh dhó fhéin ar aon chor = cuireadh
+
Teigheann caitheamh is 'chuile ní annseo = ithtear gach cineál rud ann; tugann gach rud uaidh, nó ídigheann gach rud
Má ba iad na h-oinniúin féin iad ghabh caitheamh ionnta
TUILLEADH (2) ▼
Rachaidh caitheamh ins na h-ailltreachaí móra sin fhéin leis an aimsir. Níl goir ag rud ar bith seasamh in aghaidh oibriú na fairrge
Tá caitheamh ag dul ins an talamh! Nach breagh an scéal atá agad! Ní hé an talamh is cás linn faraor. Tá caitheamh ag dul ionainn fhéin, agus is mó an scéal muid ná an talamh
4.
+
Chuaigh ionnta ó cuireadh san uisce iad = tháinic fad ar na bróga sin ó cuireadh ar bogadh iad
Shíl sé go ndeachaidh ionnta, ach is cosúil nach ndeachaidh in a dheidh sin. Aon-fhad amháin igcomhnaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Má chuireann tú ar bogadh é rachaidh ann = tiocfaidh fad air
Chuaidh sna stocaí sin go mór ó a baineadh a n-úradh
Cheannaigh mé cóitín beag i siopa in Gaillimh. Ba é mo dhíol ceart é. Bhuail mé baslach air faoi cheann míosa, agus chuaigh ann agus sceith sé cho mór, agus go ndéanfadh sé beirt mar mé
5.
+
Tá sé "ag dul ann" léithe = béarlagar ar shuirghe; tá sé ag suirghe léithe, nó in éindigh léithe anois (thúsaigh an leagan seo go fánach timpeall Rosmuc nó ceanntar na n-Oileán ó chúig bhliana déag go dtí scór bliain ó shoin, ach tá sé coitianta cho fada le Gaillimh soir anois)
Ní "dheachaidh tú ann" léithe?
TUILLEADH (4) ▼
Pádraic! Tá sé "ag dul ann"! D'eile!
Chonnaic mé "ag dul ann" le inín Sh. Mh. é thiar ar an mbóthar aréir
Tá saol maith agadsa "ag dul ann" gach oíche
Fuair tú amach an té a bheadh "ag dul ann" muis. Dhá mbeadh mil orra — rud nach bhfuil — ní ghabhfadh sé sin "ann" le aon-bhean
6.
a.
+
Chuaidh an scéal sin i bhfad = scaipeadh é
Chuaidh an ráfla i bhfad agus ingearr
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh a cháil sin i bhfad agus ingearr = cuireadh a cháil ins gach áit
Chuaidh an chruach mhóna in aer = leagadh í agus rl.
b.
+
Tá an gnás sin ag dul in aer go mór le tamall = táthar ag eirghe as
Tá sé ag dul in aer = le cuthach
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh sé ins na fraghthacha faoi rádh agus rud ar bith a rádh leis = le buile, le cuthach
Chuaidh an poitín ins an gceann air = d'eirigh sé in a chloigeann; tháinic saobhchan céille air
Chuaidh an scéal sin ins an gceann air
c.
+
Bhí an deirbhshiúr ag iarraidh an talamh a cheannacht, ach chuaidh mac Ph. Ch. seo thoir in a bhéal uirre. Chuir sé scór eile é, agus fuair sé é. Níl aon-fhear beo ach túatachán críochnuighthe a ghabhfadh in a bhéal uirre (chuaidh sé in a bhéal uirre = níor fhága sé an margadh fúithe-se, ach d'fhéach sé féin leis an talamh a cheannacht)
Níl duine ar bith ag dul in a bharr ort. Croch leat í. Dheamhan mórán éadáil í ag aonduine, agus is furasta duinn mná a fháil thairti = níl muid ag iarraidh a tabhairt uait; bíodh sí agad féin
TUILLEADH (2) ▼
Seol leat. Tóig do chúig. Ní rachaidh mise in a bharr ort = ní imreochaidh mé cárta i gcruth agus go bhféachfaidh mé leis an gcúig a thógáil dom féin
Breagh nach dtóigeann sé í. Nach bhfuil feamainn an chladaigh faoi fhéin aige. Ní fheicimse go bhfuil duine ar bith ag dul in a béal air

Féach freisin

i