Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ord (16)

 
Más leat í sin a dhéanamh sách daingean (a cur isteach sách daingean, a fáscadh sách daingean srl.), ní mór duit ord a fháil agus a dhul ag orlaíocht uirthi. Is gearr le dhul do mhaoilín casúir ar an daigéad sin
 
dairt
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastaíos uaithi — obair dodhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
 
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
 
Ní fiú biorán duine as an deascán, mura bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díchreideamh ar na hÉireannaigh uileag atá i Sasana. Deir cuid den dream a theagas nach mbíonn siad mí ann nuair nach dtaobhaíonn siad aifreann ná ord
 
Go sábhála Dia sinn: déidín tite aige. Má tá muise, is fear réidh é. Céard a d'éirigh dhó? Ar ndóigh ní hí an spalla a buaileadh air thoir anseo is ciontaí. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín titim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas anseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus ina dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thit aige. Murab in í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaiche aige siúd, deir siad
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
ding
Is deacair aon bhuntáiste a fháil uirthi mura n-éiríodh leat breith uirthi le ginn ansin. Shílfeá go bhfuil sí ag síneadh ina bréidíní. Téirigh ag priocadh léithe ansin go ceann tamaill leis an nginn agus leis an ord, go bhfeice tú an bhféadfaidh tú aon cheart a bhaint di
 
díol 2
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
 
Ní bheadh a fhios ag duine cé is dlúsúla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mura mbaintear an mhóin, beidh na daoine ina mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach anseo agus an ghrian maolaithe; agus mura dtapaí muid an fheamainn dearg, dheamhan is móide sop a thiocfadh aríst i mbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcónaí
 
dóigh 1
M'anam nach bhfuair, ná nár thug mé an dóigh dhó. Nuair a chuirfeas sé abhaile a bhfuair sé d'oird agus de gheanntrachaí anseo, b'fhéidir go bhfaigheadh sé an gró an uair sin, ach ní mó ná sin é. Tá sé sin in ann a chuid a iarraidh go maith. Dhá mbeadh sé leath chomh gasta dhá chur ar ais agus atá sé dhá iarraidh, dheamhan a mbeadh basctha dhó
 
dorn
Is measa dorna uaidh ná iarraidh ó ord
 
dris
Bhí an cine céanna — Clainn Mhac C. — ina ndris chosáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh gair acu a dhul siar nach mbeidís éirithe rompu le dual na droinne a bhualadh orthu, agus ar an gcóir chéanna dá dtéidís soir idir ord agus inneoin
 
Bhí sé chomh maith dhuit buille d'ord ceardchan a fháil le fadhb uaidh sin. An bhfaca tú droichead na sróine ag S. G. ina dhiaidh?
 
D'fhéadfá a bheith dhá lascadh siúd ar an dromán le ord ar feadh an lae, agus ní bheadh a fhios aige go mbeifeá leis chor ar bith. Is geall le duine de na Fiannaibh Éireann é bail ó Dhia air
+
Is fadó an lá ó chuaigh mé in ord Mhuire (fc. ord)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sí in ord eicínt — níl a fhios agam cén t-ord