Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ord (15)

 
Má's leat í sin a dhéanamh sáthach daingean, (a cur isteach sáthach daingean, a fáscadh sáthach daingean agus rl.) ní mór duit ord a fháil agus a dhul ag ordlaidheacht uirre. Is gearr le dhul do mhaoilín casúir ar an daigéad sin
 
dairt
Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastuigheas uaithe = obair do-dhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
 
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige
 
dearmad 1
Tá mo rásúr thíos aige ó shoin. Is gearr is mian leis féin muise ceap ná ceap-ord ná casúr a fhágáil amuigh. Ní bheidh an dearmad uaidh air ar aon-chor
 
Ní fiú biorán duine as an dioscán, mara bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díthchreideamh ar na h-Éireannaigh uiliog atá i Sasana. Deir cuid de'n dream a theagas nach mbíonn siad mí ann, an uair nach dtaobhuigheann siad Aifreann ná Ord.
 
'Sábhálaidh Dia sinn: déidín tuithte aige. Má tá muise is fear réidh é. Céard d'eirigh dhó? 'Ar ndú (ndóigh) ní hí an spala a buaileadh air thoir annseo is cionntaighe. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín tuitim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas annseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus in a dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thuit aige. Mara b'shin í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaidhe aige siúd, deir siad
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
ding
Is deacair aon-bhantáiste a fháil uirre mara n-eirigheadh leat breith uirre le gínn annsin. Shílfeá go bhfuil sí ag síneadh in a bréidíní. Teirigh ag priocadh léithe annsin go ceann tamaill leis an ngínn agus leis an ord, go bhfeicidh tú an bhféadfaidh tú aon-cheart a bhaint di.
 
Ní bheadh a fhios ag duine cé's dlúthasamhla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mara mbaintear an mhóin, beidh na daoine in a mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach annseo agus an ghrian maoluighthe; agus mara dtapuigheamuid an fheamainn dearg, dheamhan agus móide sop a thiocfadh aríst imbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcomhnaí
 
dorn
Is measa dorna uaidh ná iarraidh ó ord
 
dris
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin
 
Bhí sé cho maith dhuit buille d'ord ceardchan a fháil le fadhb uaidh sin. 'Bhfaca tú droichead na sróine ag S. G. in a dhiaidh?
 
D'fhéadfá a bheith dhá lascadh siúd ar an dromán le ord ar feadh an lae, agus ní bheadh a fhios aige go mbeitheá leis chor ar bith. Is geall le duine de na Fiannaibh Éireann é bail ó Dhia air
+
Is fadó an lá ó a chuaidh mé in ord Mhuire (fc. ord)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sí in ord eicínt — níl a fhios agam cé'n t-ord