Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dromán
ainm-fhocal, fireann
iolraidh — dromáin
fuaim u ar o annseo
an chuid is aoirde de'n druim síos ó'n slinneán agus suas ó'n gcaoldruim.
+
Bhuail sé isteach ar an dromán mé
Fáisc é seo thiar ar do dhromán. Is fhearr uait é a iomchar ná uaimse
TUILLEADH (7) ▼
Tá dromán breagh láidir uirre siúd bail ó Dhia uirre, l'aghaidh an chléibh. Is beag 'aireochas sí leasú a chur suas dó ar na caracáin árda siúd nachar chuir sé ó d'imigh Bríd uaidh
D'fhéadfá a bheith dhá lascadh siúd ar an dromán le ord ar feadh an lae, agus ní bheadh a fhios aige go mbeitheá leis chor ar bith. Is geall le duine de na Fiannaibh Éireann é bail ó Dhia air
Is gearr ar a dhromán siúd, cléibhín móna a thabhairt abhaile. Tá sé leathan láidir, agus beagán eile ar a aire. Ach níl a fhios agam an leigfeadh an leisce dhó an oiread sin fhéin a dhéanamh
Is furasta aithinte nach ndeachaidh fír na maitheasa in do dhromán agus an drugal atá ort thú féin a lúbadh. Feicfidh tú féin gurb sheo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asad. Isteach leat ingabhal an bharra sin go bhfeicfidh muid cé'n gníomh atá ionnad
Diabhal an gcuirfeadh sé an méid sin féin stró ar a dhromán agus go dtiubharfadh sé na cupla cloch phlúir sin abhaile dhom, nó go mb'éigin dom féin a n-iomchar, igceann a raibh de lastas tharta agam. Anois an bhfuil biseach agad. Sin é an liúiste (leoiste), agus an liúiste dháiríre
Diabhal "case" ná "case" a bhí aige, ach hébrí cé na maingíní a bhí aige a fháisceadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aonduine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaedhealach é S.
Bhain sé cannda as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an druim aige anocht. Dheamhan focal arranta adubhairt sé leis th'éise sin, ach é a thabhairt dhá shiubhal ar an dá luath agus a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé truaighe dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin ins an míllteanas luath ná mall.

Dromán in iontrálacha eile (7)

 
daigh
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
 
Deiseal! Goirim agus coisricim thú! Seo cuir aniar é. Is maith í an bhosóig 'san dromán. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé go raibh tú tachttha. Múinfidh sin thú gan an oiread sin uathbháis a bheith aríst ort in éadan do bhéilí.
 
diabhal 2
Bainfidh mise an diabhal amach as do dhromán mar asal = buailfidh mé thú
 
Bhí sé ag siubhal soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnuthán a bhí sé go gcasfaí aon-chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéaracht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfuigheadh. 'Ar ndú' sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht annsin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-iongnadh go mbíonn sé ag cur dhó 'chuile Dhomhnach. Faghann sé a údar.
 
Má theigheann sí chun dodaighil' ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla criogaide aniar ar an dromán uirre, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin 'un míneadais í. Mara gcuiridh fág annsin í go trathnóna, gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
 
Bhí sí ro an-tlásach ag an mbiadh. Chuir sí an iomarca suas in éindigh, agus chuaidh sé len a h-anáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirre é a chur aníos, agus sheas sé in a muineál. Thosuigh siad ag bualadh bosógaí ins an dromán uirre, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí ins an ngeampa feola a chuir sí suas, a chriog í. Is maith nar mhór do dhuine a bheith ar a áirdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís cho h-uathbhásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontabhairt é sin 'sábhalaidh Dia sinn. Ar aon-chor ní bhíonn aon-mhaith ins an mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirre
 
Caith suas thú fhéin do chosa ar duailín air. Is beag an stró a bhéas air sin thú a iompar. Ní aireochaidh a dhromán sin thú a dhath