1.
an t-abhairseoir; athair an uilc; "an té atá thíos".
a.
+–
'Sé an Diabhal a bhí ann (an diabhal in Ifreann)
Tá an diabhal ag cur chathaí ort agus a dhul ag míoladóireacht liomsa
TUILLEADH (6) ▼
An diabhal féin — diúltaígheamuid dó! — atá ag siocadh leat (do do shaghdadh, ag spochadh leat, ag plé leat agus rl.)
B'fhearr leis an diabhal a chastáil dó (a fheiceál, beannú dhó agus rl.) ná mise
Ní bhainfeadh an diabhal (an diabhal mór) ceart dó
An diabhal mór féin ní dhéanfadh a bhealach ann
A mharú a bhí a dhéanamh, marab é an diabhal in a chraiceann é!
Nach hé an diabhal in a chraiceann anois é, a dhul ag bacadh na ngasúir bhochta
·
Aníos as Condae an Diabhail Bhuí é = as Condae eicínt i bhfad síos; condae a bheadh cho fada ó láthair agus nach mbeadh mórán barúla agad cá mbeadh sé
+–
Nach hé mac an diabhail é, agus a leithide de chaint a chaitheamh = droch-dhuine
Is tú mac an diabhail anois agus a dhul ag déanamh a leithide de chleas
TUILLEADH (5) ▼
Sin é eallach an diabhail = droch-dhuine nó droch-rud
Ná bac le poitín! Sin é eallach an diabhail
Nach hé eallach an diabhail anois é a chuaigh ag cur bréag mar sin ort
Tá féith ó'n Diabhal 'sábhála Dia sinn is chuile dhuine aca sin = tréartha an diabhail; droch-thréartha
Is furasta aithinte go bhfuil féith ó'n diabhal ann agus an cheird atá air
+–
Níl aon-ghaol ag an diabhal le duine bocht (sean-fhocal) = is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rádh nach h-ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan 's móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag len a chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomdha bó mhór ar fud an tsaoil, agus bráigill aca, agus gan é ach ag cur chathaí orra, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agad
b.
+–
Bail an diabhail ort le rud a dhéanamh! (eascainí)
Bail an diabhail air agad, nach gcaitheann uait é
TUILLEADH (4) ▼
Choimrí an diabhail (choimirce an diabhail) dó le am a theacht!
Luirg an diabhail duit, nach n-imíonn feasta!
Mullach an diabhail dó le tráth a bheith amuigh!
Mo chuid de'n diabhal ort le caoi a bheith ort!
+–
Go rósta (go bhfeanna, go scalla, go maraí, go ropa, go bpléasca, go dtachta, go scólla agus rl) an diabhal thú!
Coirce a bhaint! Go mbaine an diabhal an teanga assan ar chuma ar bith, mara mór a bhaineas mo chuid coirce dhó le caidéis ar bith a fháil dó!
TUILLEADH (5) ▼
Go mbuaile an diabhal agus an deamhan ar chinc (chuinc?) an mhuiníl é!
Tá sé imithe faoi dheireadh thiar thall agus go n-imí an diabhal leis, gan dochar gan díobháil dúinne!
Go scalmharaí an diabhal thú le cleas a dhéanamh = duine a scalmharú; scail theintrí dhá mharú
Go scoilte an diabhal thú, maran deas a gheobhthá airgead uaimse!
Go roise an diabhal é, le rud a rá!
+–
Go dtuga an diabhal coirce dhuit croisim aríst thú!
Go dtuga an diabhal le fánaidh aille thú!
TUILLEADH (7) ▼
Go dtuga an diabhal leis thú le caoi a bheith ort
Go dtuga an diabhal go Hanóver (California agus rl.) thú, mara dtugadh sé ach leath-mhíle san ló thú! (mara dtugadh sé ach go béal an bhóthair thú, go tigh Mhaidhc Mhóir agus rl.)
Bainne a thabhairt do'n mhadadh! Go dtuga an diabhal thairis é muis!
Go dtuga an diabhal thart í muis, croisim aríst thú, dheamhan feoil a gheobhas tú annseo
Go dtuga an diabhal thairis é, marab é a d'ól an bhleánach!
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Cannda aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht, ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
Go dtuga an diabhal thart é mar chut! Is breá an geampa feola atá árduithe leat agad! Ach ní milleán ort é ó d'eirigh sé leat! 'Sé an biadh san sruth fola do ghreim-sa ar chaoi ar bith!
+–
Ag an diabhal go raibh tú le deis a bheith ort!
Ag an diabhal go raibh sé fhéin agus a asal nach gcuireann sé cromnasc air ar nós chuile asal san tír!
TUILLEADH (3) ▼
Ag an diabhal go raibh sé agad, nach ndéanann é feasta, agus gan na daoine a bheith bodhruithe níos fuide agad faoi!
Ag an diabhal go raibh an ceann céanna! Tá muid sáruithe aige maidin agus trathnóna
Ag an diabhal go raibh a bhfuil de cheol san tír! Tá aos óg splanctha aige
+–
Tuilleadh diabhail aige nachar fhan san mbaile mara fada soir a thug a chosa é! (eascainí atá an-choitianta)
Má tá sé buailte anois muise tuilleadh diabhail aige. Is fada dhá thuaradh sin dó féin é
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Breá nachar fhan sé san mbaile (eascainí) = bris nó lear a thárla do dhuine de bharr a dhul in áit eicínt, agus níl an té a chuala faoin mbris in a diaidh air
Tuilleadh ghéar cascartha de'n diabhal aice anois! Ní bheadh sí beo mara dtarraingíodh sí an t-amhas sin uirre féin!
+–
Teirigh 'on (do'n) diabhal anois agus fagh é, má theastaíonn sé uait
Teigheadh sé 'on diabhal anois, agus faghadh sé fataí! Nuair a bhí mise in mo chuid allais ag saothrú fataí, bhí seisean ag imeacht ag gábhail "Eileen ón a Ruan" ar chnocáin!
TUILLEADH (2) ▼
Teigheadh sí 'on diabhal anois, agus fághadh sí an té a dhéanfas di é má's breá léithe. Is deas í mo cheird go deimhin, ag obair di sin ar bheagán buíochais
Teirigh 'on diabhal anois má thograíonn tú agus fagh bicycle!
+–
Teirigh idtí diabhail agus fagh anois é má's breá leat é!
Teigheadh sé idtí diabhail anois, agus déanadh sé é má thograíonn sé!
TUILLEADH (4) ▼
Teirigh i dtí diabhail a scéiméara!
I dtí diabhail thú! (Ní abraítear: teirigh go h-Ifreann ná rud ar bith mar é i nGaeilge cho fada le m'eolas)
Tá sé ag dul i dtí diabhail ar fad le gairid = chun drabhláis, chun donachta, chun seafóide agus rl.
Sin é an uair a chuaigh sé ó thí diabhail go tí deamhain (/d′əun′/) muis = chuaigh sé ó ghiolla na sliogán go giolla na mbáirneach; from bad to worse, nó from the frying-pan into the fire
c.
+–
M'anam ón diabhal (m'anam ag an diabhal) go mbrisfidh mé do straois!
Dar mo chroí ó'n diabhal agus go ndéanfaidh mé conra dhíot!
TUILLEADH (8) ▼
T'anam feánnta go raibh ag an diabhal céard atá tú a dhéanamh?
M'anam feánnta ó'n diabhal go bhfuil brath mhór agam corp a dhéanamh dhíot!
M'anam ó'n diabhal gur beag a bhí ar t'aire muis, má sin í an cheird a bhí ort ó mhaidin!
M'anam ná raibh ag an diabhal gur fhobair tú leiríní a dhéanamh de mo chois le do chuid útamála
T'anam cascartha ón diabhal céard atá tú ag rá?
M'anamsa ón diabhal muise go n-íocfaidh tú ann!
Do chorp ó'n diabhal mara furasta leat magadh a dhéanamh!
Do chorp cascartha ó'n diabhal, mara ndúine tú do bhéal, agus beidh t'anam agam
d.
+–
Thug sé P. do'n diabhal ingeall ar na beithigh = dúirt sé leis a dhul 'on diabhal nó a dhul i dtí diabhail
Is maith éasca a thiúrfadh sé sin do'n diabhal thú anois muis, dhá gcuirtheá aon-mhúisiam air
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé a raibh aca ann ó liath go leanbh do'n diabhal, agus má bhí mise in a dhiaidh sin orra castar liom é
+–
Thug sé an diabhal dom, faoi nach raibh mé ann in am; fuair mé an diabhal uaidh gan a bheith ann in am; thug sé an diabhal le n-ithe dhom gan agus rl.
Tiúrfaidh sé an diabhal len ithe dhuit má fheiceann sé istigh annsin tú = feannadh; liobairt; ithe agus gearradh
TUILLEADH (5) ▼
Fuair mé an diabhal uaidh faoi nachar thug mé aige an speal
Tabhair an diabhal dó anois (feannadh) ach a dteaga sé
Gheobhainn an diabhal ceart uaidh, dhá mbeadh a fhios aige go raibh aon-láimh agam ann
Bainfidh mise an diabhal amach as do dhromán mar asal = buailfidh mé thú
An rud a chruinníthear ar dhruim an diabhail imíonn sé ar a bholg (fc. druim)
e.
+–
Bíodh an diabhal aige anois! Tá mise réidh leis
Bíodh an diabhal aige, agus na seacht ndiabhal má thograíonn sé!
TUILLEADH (2) ▼
Bíodh an diabhal aige, agus an deamhan má thograíonn sé. Cé'n bheann atá agam air? Tá muis!
Bíodh an diabhal ag a bhfuil agaibh ann anois! Tá mise ag greadadh
f.
·
Cé'n diabhal atá ag cur chathaí (cathuighthe) ort chor ar bith nach leigean tú de'n páiste!
·
Tá sí in a diabhal le cantal = sháraigh sí an diabhal mór le cantal
Tá an oíche in a diabhal le duibheacht (le gairbheadas agus rl.)
2.
droch-dhuine.
a.
+–
Dheamhan diabhal ann mar é
Ní fhaca mé a leithide de dhiabhal in mo shaol ariamh
TUILLEADH (8) ▼
Bhí seisean ag fáil loicht air, agus gan diabhal ar bith ann ach é féin
Ná bac le diabhal ach sháraigh sé siúd loirgne dóite!
Is minic a chonnaic mé céad diabhal mar thú a mbeadh do chuid fataí bainte le mí agad!
Scaoil amach an diabhal
Dearg-dhiabhal é (fíor-dhiabhal, dubh-dhiabhal, diabhal críochnuithe, diabhal in a chraiceann agus rl.) = droch-dhuine
Nach thú an diabhal a chuaigh dhá dhéanamh sin!
A dhiabhail álainn, eirigh as
A dhiabhail álainn nar mhaire tú do cheird!
b.
·
Gabh i leith annseo a dhiabhail (Níl mórán gaimhe i "diabhal" i ráití de'n tsórt seo, agus tá sé an-choitianta)
·
Eirigh as anois, a dhiabhailín = gasúr, bean bheag, laogh, cut, maidín agus rl.
Diabhailín ceart é an t-arc sin, dhá bhfaghadh sé an té a choinneódh cocaireacht leis /
3.
smál, míádh, mífhortún agus rl.
+–
Nach air atá an diabhal, nach leigeann duit = míadh, smál
Tá an diabhal craithte air ag ól = tá sé go dona ag ól
TUILLEADH (12) ▼
Bhí an diabhal craithte air agus aon-araoid a chur air sin
Nach mór de'n diabhal atá ort nach ndéanfadh é!
Tá an diabhal mór air (an diabhal go deo, an diabhal dearg agus rl.)
Nach uirre atá na seacht ndiabhail nach bhfanfadh as
Bhíodh an diabhal mór air sin, ag róstadh agus ag scólladh agus ag glaoch giolla na míol ar 'chuile dhuine.
Bíonn na seacht ndiabhail air nuair a thosaíos sé
Tá an diabhal ar an mbáistigh (ar an aimsir, ar an mbóthar, ar na míoltógaí beaga, agus rl.)
Tá diabhal eicínt orm = tinneas, aistíl
Chítear dhom go bhfuil diabhal eicínt air le goirid
Cé'n diabhal atá ort, nach scaoileann amach é?
Tá an diabhal san gcraiceann agad = tá breathas nó míádh nó smál eicínt ort
D'imigh an diabhal ort le cleas a dhéanamh; d'imigh an diabhal agus an deamhan ort; d'imigh na seacht ndiabhail ort (fc. imigh)
+–
Is cuma san diabhal leis (is cuma san diabhal mór leis, is cuma san diabhal brách leis, is cuma san deamhan leis, is cuma san deamhan ná san diabhal agus rl.) céard is cor d'aonduine eile, ach é féin a bheith ceart.
Is cuma san diabhal eatorra é. Aon-chás amháin é ar chaoi ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma san diabhal sin. Bhí agadsa gan bacadh leis
+–
Tá sé ag déanamh an diabhail orra seo suas ag cumadh dhóib (ag cur rud as dóibh, ag imeartas orra, ag déanamh créatúlacht orra, dhá scrios agus rl.)
Tá na sionnaigh indon an diabhal a dhéanamh nuair nach dtapaíthear iad
TUILLEADH (1) ▼
Níl rud ar bith indon an diabhal a dhéanamh ort ach cosa fliucha
4.
a.
+–
Tá sé cho láidir (cho scafánta, cho h-olc, cho h-imeartha, cho cleasach, cho fliuch, cho garbh, cho dubh, cho mór, cho fada, cho deacair, cho tuirseach, cho géar, cho gangaideach, cho luath-chainteach agus rl.) leis an diabhal (féin)
Ní dhéanfadh an diabhal (fhéin) é, tá sé cho cruadh sin
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhainfeadh an diabhal an portach siúd
Ní shásódh an diabhal cuid de na daoine
Ní chuirfeadh an diabhal faoi ndeara dhó eirithe
Ní bhainfeadh an diabhal ceart de'n tsean-chailín atá ann
Ní chuirfeadh an diabhal slacht a chodach air
Cén diabhal eile atá aige (de thalamh) ach a bhfuil tímpeall an tighe!
b.
+–
Chodlódh sé (d'íosfadh agus rl.) an diabhal
Tá an diabhal báistí caithte aige
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé an diabhal óil
D'ól sé an diabhal agus a mháthair ("an domhan agus a mháthair" is mó adeirtear)
Diabhal in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
→
faitíos
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
→
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
→
farúch
Fadó bhíodh farúch annseo againn fútha (cruacha arúir), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois, ach a ndéanamh ar bhonn cloch
→
feadhain
Runnachaí ar fad a bhí san eangach. 'Chuile bhreac ar an bhfeáin aca. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
→
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
+
→
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
→
fios
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios san diabhal (san tubaiste, san gcatmara etc.) céard a bhíos sé a dhéanamh san mbaile mór gach lá
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
+
→
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
→
foirgthe
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirghe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá muinntir na tíre seo maith go leor. Tá móin aca, agus nuair nach mbíonn aon-seifte eile aca, bíonn na cupla scillingín "dole" sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orra. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon-ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná "beet". = creachta
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcomhnaí. Ní bheadh caitheamh in a dhiaidh ar bith agam, marach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orra. Diabhal uisce na bhfataí a thiúrfainn dóibh
+
→
framsóg
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
→
frasach
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
Tá sé freochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneóchthá ar a shúile é. Ní raibh spleódar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon-mhaith a dhéanamh. Droch-ghalra é sin
+
→
froigisí
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
Nach bhféadfá a rá go ndeárna tú é, nó nach ndeárna agus gan bacadh le leath na bhfrugaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul in a choinne!
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
→
frídeoir
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeóir sin. A leithide de bhunnán (bhuinneán) de bhean bhreá. 'Ar ndó' thiúrfadh sí léithi in a naprún é. Chuir sé artha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (1) ▼
Cérb as a dtáinig an frídeóir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán de ghlaice ann
→
fág ar
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
+
→
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh aca. An té is cumhang leis fágadh.
TUILLEADH (3) ▼
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí aca! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile = ropadar a chéile le caint agus aithis
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muinntir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
→
fágtha
An bhfuil an seafaide sin ag tnuthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí ro-fhágha. 'Ar ndó' níl lán do ghlaice inti. Is bréa an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
→
fáideog
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideóige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirre sin fhéin ach nach raibh aon-deóir ola mhór againn le cur uirre. Sin é a d'fhága in ar mbambairne muid