Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhal, diabhailín
/d′əul/; /d′əul′īn′/
1.
an t-áibhirseoir; athair an oilc; "an té atá thíos".
a.
+
'Sé an diabhal a bhí ann (an diabhal in ifreann)
Tá an diabhal ag cur chathaithe ort agus a dhul ag míoladóireacht liomsa
TUILLEADH (6) ▼
An diabhal féin — diúltaímid dó! — atá ag siocadh leat (do do shaighdeadh, ag spochadh leat, ag plé leat srl.)
B'fhearr leis an diabhal a chastáil dó (a fheiceáil, beannú dhó srl.) ná mise
Ní bhainfeadh an diabhal (an diabhal mór) ceart dó
An diabhal mór féin ní dhéanfadh a bhealach ann
A mharú a bhí a dhéanamh, murab é an diabhal ina chraiceann é!
Nach é an diabhal ina chraiceann anois é, a dhul ag bacadh na ngasúir bhochta
·
Aníos as Contae an Diabhail Bhuí é — as contae eicínt i bhfad síos; contae a bheadh chomh fada ó láthair agus nach mbeadh mórán barúla agat cá mbeadh sé
+
Nach é mac an diabhail é agus a leithide de chaint a chaitheamh — drochdhuine
Is tú mac an diabhail anois agus a dhul ag déanamh a leithide de chleas
TUILLEADH (5) ▼
Sin é eallach an diabhail — drochdhuine nó drochrud
Ná bac le poitín! Sin é eallach an diabhail
Nach é eallach an diabhail anois é a chuaigh ag cur bréag mar sin ort
Tá féith ón diabhal, go sábhála Dia sinn, i chuile dhuine acu sin — tréathra an diabhail; drochthréathra
Is furasta a aithinte go bhfuil féith ón diabhal ann agus an cheird atá air
+
Níl aon ghaol ag an diabhal le duine bocht (seanfhocal) — is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rá nach ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan is móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag lena chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomaí bó mhór ar fud an tsaoil, agus brá gill acu, agus gan é ach ag cur chathaithe orthu, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agat
b.
+
Bail an diabhail ort le rud a dhéanamh! (eascainí)
Bail an diabhail air agat nach gcaitheann uait é
TUILLEADH (4) ▼
Choimrí an diabhail (choimirce an diabhail) dó le am a theacht!
Loirg an diabhail duit, nach n-imíonn feasta!
Mullach an diabhail dó le tráth a bheith amuigh!
Mo chuid den diabhal ort le caoi a bheith ort!
+
Go rósta an diabhal thú! (go bhfeanna, go scalla, go maraí, go ropa, go bpléasca, go dtachta, go scóla srl.)
Coirce a bhaint! Go mbaine an diabhal an teanga as-san ar chuma ar bith, mura mór a bhaineas mo chuid coirce dhó le caidéis ar bith a fháil dó!
TUILLEADH (5) ▼
Go mbuaile an diabhal agus an deamhan ar chinc an mhuiníl é!
Tá sé imithe faoi dheireadh thiar thall agus go n-imí an diabhal leis, gan dochar gan díobháil dúinne!
Go scalmharaí an diabhal thú le cleas a dhéanamh — duine a scalmharú; scal thintrí dhá mharú
Go scoilte an diabhal thú, muran deas a gheofá airgead uaimse!
Go roise an diabhal é, le rud a rá!
+
Go dtuga an diabhal coirce dhuit, crosaim aríst thú!
Go dtuga an diabhal le fána aille thú!
TUILLEADH (7) ▼
Go dtuga an diabhal leis thú le caoi a bheith ort
Go dtuga an diabhal go Hanover (California srl.) thú, mura dtugadh sé ach leathmhíle sa ló thú! (mara dtugadh sé ach go béal an bhóthair thú, go tigh Mhaidhc Mhóir srl.)
Bainne a thabhairt don mhadadh! Go dtuga an diabhal thairis é muis!
Go dtuga an diabhal thart í muis, crosaim aríst thú, dheamhan feoil a gheobhas tú anseo
Go dtuga an diabhal thairis é, murab é a d'ól an bhleánach!
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Canta aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
Go dtuga an diabhal thart é mar chat! Is breá an geampa feola atá ardaithe leat agat! Ach ní milleán ort é ó d'éirigh sé leat! 'Sé an bia sa sruth fola do ghreimse ar chaoi ar bith!
+
Ag an diabhal go raibh tú le deis a bheith ort!
Ag an diabhal go raibh sé fhéin agus a asal nach gcuireann sé cromnasc air ar nós chuile asal sa tír!
TUILLEADH (3) ▼
Ag an diabhal go raibh sé agat nach ndéanann é feasta, agus gan na daoine a bheith bodhraithe níos faide agat faoi!
Ag an diabhal go raibh an ceann céanna! Tá muid sáraithe aige maidin is tráthnóna
Ag an diabhal go raibh a bhfuil de cheol sa tír! Tá aos óg splanctha aige
+
Tuilleadh diabhail aige nár fhan sa mbaile, mura fada soir a thug a chosa é! (eascainí atá an-choitianta)
Má tá sé buailte anois muise, tuilleadh diabhail aige. Is fada dhá thuaradh sin dó féin é
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Breá nár fhan sé sa mbaile (eascainí) — bris nó lear a tharla do dhuine de bharr a dhul in áit eicínt, agus níl an té a chuala faoin mbris ina diaidh air
Tuilleadh ghéar coscartha den diabhal aici anois! Ní bheadh sí beo mura dtarraingíodh sí an t-amhas sin uirthi féin!
+
Téirigh don diabhal anois agus faigh é má theastaíonn sé uait
Téadh sé don diabhal anois, agus faigheadh sé fataí! Nuair a bhí mise in mo chuid allais ag saothrú fataí, bhí seisean ag imeacht ag gabháil Eileen ón a Ruan ar chnocáin!
TUILLEADH (2) ▼
Téadh sí don diabhal anois, agus faigheadh sí an té a dhéanfas di é más breá léithe. Is deas í mo cheird go deimhin, ag obair di sin ar bheagán buíochais
Téirigh don diabhal anois má thograíonn tú agus faigh bicycle!
+
Téirigh i dtigh diabhail agus faigh anois é más breá leat é!
Téadh sé i dtigh diabhail anois, agus déanadh sé é má thograíonn sé!
TUILLEADH (4) ▼
Téirigh i dtigh diabhail a scéiméara!
I dtigh diabhail thú! (ní abraítear: téirigh go hifreann ná rud ar bith mar é i nGaeilge chomh fada le m'eolas)
Tá sé ag dul i dtigh diabhail ar fad le gairid — chun drabhláis, chun donachta, chun seafóide srl.
Sin é an uair a chuaigh sé ó thigh diabhail go tigh deamhain (/d′əun′/) muis — chuaigh sé ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach; from bad to worse, nó from the frying-pan into the fire
c.
+
M'anam ón diabhal (m'anam ag an diabhal) go mbrisfidh mé do straois!
Dar mo chroí ón diabhal agus go ndéanfaidh mé cónra dhíot!
TUILLEADH (8) ▼
T'anam feannta go raibh ag an diabhal céard atá tú a dhéanamh?
M'anam feannta ón diabhal go bhfuil brath mhór agam corp a dhéanamh dhíot!
M'anam ón diabhal gur beag a bhí ar t'aire muis, más in í an cheird a bhí ort ó mhaidin!
M'anam ná raibh ag an diabhal gur fhóbair tú leiríní a dhéanamh de mo chois le do chuid útamála
T'anam coscartha ón diabhal céard atá tú ag rá?
M'anamsa ón diabhal muise go n-íocfaidh tú ann!
Do chorp ón diabhal mura furasta leat magadh a dhéanamh!
Do chorp coscartha ón diabhal, mura ndúna tú do bhéal agus beidh t'anam agam!
d.
+
Thug sé P. don diabhal i ngeall ar na beithígh — dúirt sé leis a dhul don diabhal nó a dhul i dtigh diabhail
Is maith éasca a thabharfadh sé sin don diabhal thú anois muis, dhá gcuirtheá aon mhúisiam air
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé a raibh acu ann ó liath go leanbh don diabhal, agus má bhí mise ina dhiaidh sin orthu, castar liom é
+
Thug sé an diabhal dom, faoi nach raibh mé ann in am; fuair mé an diabhal uaidh gan a bheith ann in am; thug sé an diabhal le n-ithe dhom gan srl.
Tabharfaidh sé an diabhal le n-ithe dhuit má fheiceann sé istigh ansin tú — feannadh; liobairt; ithe agus gearradh
TUILLEADH (5) ▼
Fuair mé an diabhal uaidh faoi nár thug mé aige an speal
Tabhair an diabhal dó anois (feannadh) ach a dteaga sé
Gheobhainn an diabhal ceart uaidh dhá mbeadh a fhios aige go raibh aon láimh agam ann
Bainfidh mise an diabhal amach as do dhromán mar asal — buailfidh mé thú
An rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg (fc. droim)
e.
+
Bíodh an diabhal aige anois! Tá mise réidh leis
Bíodh an diabhal aige, agus na seacht ndiabhal má thograíonn sé!
TUILLEADH (2) ▼
Bíodh an diabhal aige, agus an deamhan má thograíonn sé. Cén bheann atá agam air? Tá muis!
Bíodh an diabhal ag a bhfuil agaibh ann anois! Tá mise ag greadadh
f.
·
Cén diabhal atá ag cur chathaithe ort chor ar bith nach ligeann tú den páiste!
·
Tá sí ina diabhal le cantal — sháraigh sí an diabhal mór le cantal
Tá an oíche ina diabhal le duibheacht (le garbhadas srl.)
2.
drochdhuine.
a.
+
Dheamhan diabhal ann mar é
Ní fhaca mé a leithide de dhiabhal in mo shaol ariamh
TUILLEADH (8) ▼
Bhí seisean ag fáil loicht air, agus gan diabhal ar bith ann ach é féin
Ná bac le diabhal ach sháraigh sé siúd loirgne dóite!
Is minic a chonaic mé céad diabhal mar thú a mbeadh do chuid fataí bainte le mí agat!
Scaoil amach an diabhal
Deargdhiabhal é (fíordhiabhal, dubhdhiabhal, diabhal críochnaithe, diabhal ina chraiceann srl.) — drochdhuine
Nach thú an diabhal a chuaigh dhá dhéanamh sin!
A dhiabhail álainn, éirigh as
A dhiabhail álainn nár mhaire tú do cheird!
b.
·
Gabh i leith anseo a dhiabhail (níl mórán goimhe i diabhal i ráití den tsórt seo, agus tá sé an-choitianta)
·
Éirigh as anois, a dhiabhailín — gasúr, bean bheag, lao, cat, maidín srl.
Diabhailín ceart é an t-arc sin dhá bhfaigheadh sé an té a choinneodh cocaireacht leis
3.
 smál, mí-ádh, mífhortún srl.
+
Nach air atá an diabhal nach ligeann duit — mí-ádh, smál
Tá an diabhal croite air ag ól — tá sé go dona ag ól
TUILLEADH (12) ▼
Bhí an diabhal croite air agus aon araoid a chur air sin
Nach mór den diabhal atá ort nach ndéanfadh é!
Tá an diabhal mór air (an diabhal go deo, an diabhal dearg srl.)
Nach uirthi atá na seacht ndiabhail nach bhfanfadh as
Bhíodh an diabhal mór air sin, ag róstadh agus ag scóladh agus ag glaoch giolla na míol ar chuile dhuine.
Bíonn na seacht ndiabhail air nuair a thosaíos sé
Tá an diabhal ar an mbáistigh (ar an aimsir, ar an mbóthar, ar na míoltógaí beaga, srl.)
Tá diabhal eicínt orm — tinneas, aistíl
Chítear dhom go bhfuil diabhal eicínt air le gairid
Cén diabhal atá ort nach scaoileann amach é?
Tá an diabhal sa gcraiceann agat — tá breathas nó mí-ádh nó smál eicínt ort
D'imigh an diabhal ort le cleas a dhéanamh; d'imigh an diabhal agus an deamhan ort; d'imigh na seacht ndiabhail ort (fc. imigh)
+
Is cuma sa diabhal leis (is cuma sa diabhal mór leis, is cuma sa diabhal brách leis, is cuma sa deamhan leis, is cuma sa deamhan ná sa diabhal srl.) céard is cor d'aon duine eile, ach é féin a bheith ceart.
Is cuma sa diabhal eatarthu é. Aon chás amháin é ar chaoi ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma sa diabhal sin. Bhí agatsa gan bacadh leis
+
Tá sé ag déanamh an diabhail orthu seo suas ag cumadh dhóibh (ag cur rud as dóibh, ag imeartas orthu, ag déanamh créatúlacht orthu, dhá scrios srl.)
Tá na sionnaigh in ann an diabhal a dhéanamh nuair nach dtapaítear iad
TUILLEADH (1) ▼
Níl rud ar bith in ann an diabhal a dhéanamh ort ach cosa fliucha
4.
a.
+
Tá sé chomh láidir (chomh scafánta, chomh holc, chomh himeartha, chomh cleasach, chomh fliuch, chomh garbh, chomh dubh, chomh mór, chomh fada, chomh deacair, chomh tuirseach, chomh géar, chomh gangaideach, chomh luathchainteach srl.) leis an diabhal (féin)
Ní dhéanfadh an diabhal (fhéin) é, tá sé chomh crua sin
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhainfeadh an diabhal an portach siúd
Ní shásódh an diabhal cuid de na daoine
Ní chuirfeadh an diabhal faoi ndeara dhó éirí
Ní bhainfeadh an diabhal ceart den tseanchailín atá ann
Ní chuirfeadh an diabhal slacht a chodach air
Cén diabhal eile atá aige (de thalamh) ach a bhfuil timpeall an tí!
b.
+
Chodlódh sé (d'íosfadh srl.) an diabhal
Tá an diabhal báistí caite aige
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé an diabhal óil
D'ól sé an diabhal agus a mháthair (an domhan agus a mháthair is mó adeirtear)

diabhal in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
 
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! to make assurance doubly sure
 
Fadó bhíodh farúch anseo againn fúthu (cruacha arbhair), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois ach a ndéanamh ar bhonn cloch
 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
 
feáin
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar rómhór don chlaí sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claí a dhéanamh. Tá go leor talúna diomalaithe agat ansin
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
fios
'Sé an diabhal é nó tá fios na rólachaí aige feasta choíchin agus chomh fada agus atá sé taithithe ann. Ach ní duine é a bhfuil aon mheabhair ann cheapfainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios sa diabhal (sa tubaiste, sa gcat mara srl.) céard a bhíos sé a dhéanamh sa mbaile mór gach lá
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
+
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirgthe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá muintir na tíre seo maith go leor. Tá móin acu, agus nuair nach mbíonn aon seifte eile acu, bíonn na cupla scillingín dole sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orthu. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná beet— creachta
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcónaí. Ní bheadh caitheamh ina dhiaidh ar bith agam murach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orthu. Diabhal uisce na bhfataí a thabharfainn dóibh
+
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraingt a láimhe aici. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon chor. Ní ghabhfaidh fial go hifreann adeir siad
 
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
 
Tá sé friochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneofá ar a shúile é. Ní raibh spleodar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon mhaith a dhéanamh. Drochghalra é sin
+
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an t-uafás go deo froigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guí. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb úd é a rinne an rann dó agus nach í Áine den fhaoistin
Nach bhféadfá a rá go ndearna tú é, nó nach ndearna agus gan bacadh le leath na bhfrogaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul ina choinne!
Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is froigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (1) ▼
Cérb as a dtáinig an frídeoir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán do ghlaice ann
 
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! — thóg mé grís uaidh
 
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
Leis an aimsir bhriste a fhágáil as margadh uileag, diabhal mórán a shaothrófá ann
+
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
TUILLEADH (3) ▼
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí acu! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile — ropadar a chéile le caint agus aithis
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muintir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
 
An bhfuil an seafaide sin ag tnúthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí rófhágtha. Ar ndóigh níl lán do ghlaice inti. Is breá an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
 
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideoige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirthi sin fhéin ach nach raibh aon deoir ola mhór againn le cur uirthi. Sin é a d'fhága inár mbambairne muid