téigh i
1.
+–
Chuaigh sé i méid — mhéadaigh sé; tháinig méid air (nó ann)
Ag dul i laghad atá sé i leaba a dhul i méid
TUILLEADH (13) ▼
Chuaigh an bullán sin i bhfeoil go mór ó d'athraigh tú aníos é — ramhraigh sé
Is mór atá tú ag dul i saill le gairid (nó chun saille)
Chuaigh sé i dtanaíochan (nó chun tanaíochain) ó chonaic mise faoi dheireadh é
Tá an bhó sin ag dul in ordú
Chuaigh an bhodóig sin in ordú ó chonaic mise go deireanach í
Chuaigh sé in ísle bhrí go mór le gairid
Tá sé ag dul i lagar (i meirfean)
Tá sé ag dul i bhfeabhas (nó chun feabhais)
Ag dul in ainnis atá sí — i míshlacht (chun míshlaicht)
Is mór a chuaigh sí i ndeiseacht (chun deiseacht) le cupla bliain
Tá an rud sin ag dul i bhfad anois — moill air
"An rud a théas i bhfad, téann sé i righneadas" (chun righneadais)
Tá an tinneas ag dul in ainseal air (fc. ainseal)
+–
Chuaigh sé in aois go mór le tamall
Ó chuaigh sé in aois, níor fhan croí ar bith aige
TUILLEADH (3) ▼
Ag dul in óige atá tú, bail ó Dhia ort
Is maith an mhaise di é. Dheamhan lá aois uirthi. In aois na hóige atá sí ag dul
Chuaigh tú in aois na hóige ó chonaic mé cheana thú
+–
Chuaigh an uair i gcineáltas le dhá lá (chun cineáltais)
Tá an tráthnóna ag dul i bhfliuchán (chun fliucháin)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an lá ag dul i ngiorracht
Chuaigh an saol in uaisleacht ó bhí mise in mo chailín óg. Ní bhíodh tada den cheird sin an uair sin
+–
Tá na crainnte ag dul i nduilliúr
Tá an coirce ag dul i ndéis (i gcraoibh)
TUILLEADH (4) ▼
Is breá atá an cur sin ag dul i ndas — das ag teacht air
Tá na dasachaí ag dul i lorga go breá
Tá an t-arbhar ag dul i ngráinne
Ag dul i mionaíocht atá na fataí léar (de réir) mar atá muid ag teannadh soir le claise an tsrutha — i laghad
+–
Tá sé ag dul sa mí-ádh ar fad le gairid (sa tubaiste, cat mara, diabhal, léan, riabhach srl.) — níl ceannús ceann ar bith ag fanacht air; tá sé ag dul ó smacht ar fad; tá sé ag dul chun drabhláis críochnaithe
Tá sé ag dul sna céadéaga
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag dul i bhfeirg — chun feirge
Chuaigh sé i bhfaitíos air nuair a chonaic sé an rud a bhí déanta aige
Chuaigh sé i ngealta
2.
a.
+–
Níl aon bhaol air a bheith réidh fós. Tá sé ag dul sa tríú bliain anois — duine a mbeadh dhá bhliain déanta aige i gcoláiste nó a mhacasamhail
Níl baol ar bith air a chuid príosúntachta a bheith réidh fós aige. Chuaigh seacht mbliana air. Gheobhaidh sé lascainí as sin — an ceathrú cuid sílim. Caithfidh sé cúig bhliana agus ráithe a dhéanamh. Agus níl sé ach ag dul sa gceathrú bliain anois
TUILLEADH (7) ▼
Is gearr go mbeidh mo théarma istigh agam. Tá mé ag dul sa tríú bliain agus níl orm ach na trí bliana. Beidh mé réidh glan ansin
Is maith an scaitheamh istigh í anois — ó Fhéil Bríde. Tá sí ag dul sa cúigiú mí
Níor thug mé aird ar bith air nó go ndeachaigh sí sa tríú lá. Dúirt mé liom fhéin ansin go raibh sé in am a dhul roimhe, agus chuaigh mé soir ag an dochtúr leis
Is fada ionlao í. Tá sí sa gcúigiú mí anois. Tá scaird mhaith bhainne fós aici mar sin féin
M'anam go bhfuil aois thairis sin aige, té (cé) nach gceapfá dhó é. Tá sé ag dul ina naoú bliain anois. Bhí sé hocht mbliana faoi Fhéil Mártan
Tá sí ag dul in aois a ráithe anois
Tá sé ag dul in aois a cheithre scóir. Beidh sé é an bhliain seo chugainn
b.
+–
Chuaigh tú sna fir mhóra le gairid — chuaigh tú isteach le na fir mhóra, nó is daoine ar fónamh a bhíos tú ag cuimilt anois agus ní le do leithide fhéin
Má d'iarr sé iníon A. Uí Th. tá sé ag iarraidh a dhul sna fir mhóra. Ní bhfaigheadh í sin ach ceithearnach
TUILLEADH (6) ▼
Ní comórtas ar bith dhomsa do leithidese. Nach bhfeicim thú ag dul sna fir mhóra chuile phointe anois. Le máistrí scoile, le póilíos, le fir fataí, agus le sagairt atá tú ag caitheamh do shaoil. Is beag a mheas a bheadh ag a leithidí sin ar scráibín mar mise
Chuaigh sé sna fir mhóra an uair sin a bhfuair sé an t-airgead, ach chomh luath agus a bhí sé caite aige, ba bheag an ghnaoi a bhí ag na fir mhóra air
Chreidim go bhfuil J. G. féin ag dul sna fir mhóra. Cheal nár chuala tú é. Tá mótar ceannaithe aige
Gabhfaidh sé sna fir mhóra anois ach a mbeidh an teach nua déanta aige. Is fada an lá é ag tnúthán le teach nua. Feicfidh tú féin nach mbeidh seasamh ar bith leis anois le a mbeidh de fhloscaí aige
Cuirfidh sí an mac sna fir mhóra nó is cinniúint críochnaithe uirthi é. Ar chuala tú ag caint an oíche cheana í: go raibh iníon Ph. ag dul as a craiceann ina dhiaidh. Dar príosta muise, is fiú dhi. Beidh féirín aici ach é siúd a bheith ina chéile leabthan aici
Ní raibh ag dul síos lena athair fhéin chuile lá ariamh ach a dhul sna fir mhóra. Bhí sé chomh suimiúil le pisín chait. Ní raibh ariamh aige, ainneoin sin, ach ag mianadóireacht idir dhá leachta thiar ansiúd
·
Tá tú ag brath ar a dhul san onóir — éadaigh galánta a chur ort féin, nó a dhul ag cuimilt le na daoine móra
Chuaigh tú san onóir ar fad le scaitheamh. Ní aithneofá daoine dona anois
+–
Chuaigh sí sna mná rialta
Gabhfaidh sé san arm
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé le dhul sa ngunna mór — an chabhlach
Rachadh sé sna póilíos dhá mbeadh a dhóthain scoláireachta air
Tá sé le dhul sna bráithre
Chuaigh sé ina shagart
Tá mac leis sna póilíos, agus chuaigh an mac eile ina bhráthair
Ná téirigh in do chrochadóir pé ar bith céard a dhéanfas tú
Tá sé le dhul ina thiomálaí (tiománaí) mótair
B'ait liom a dhul in mo bhuachaill siopa. D'fhéadfainn mo chrúib a bheith san airgead i gcónaí agam
B'fhearr liom a dhul in mo mhairnéalach ná aon cheird eile faoin domhan. Tá an-fhonn orm na réigiúin choimhthíocha a shiúl
Dheamhan a fhios agam nach fear thú a ghabhfadh in do bháicéara fós. Tá an-tóir ar an bhfuint agat
Is fadó an lá ó chuaigh mé in ord Mhuire (fc. ord)
Chuaigh sí in ord eicínt — níl a fhios agam cén t-ord
Chuaigh an bromaire seo thíos ina cheann ar na scabhaitéaraí beaga seo ar fad
c.
+–
Shíl sé a dhul sa bpíobán agam (sa dúdán srl.) — breith i ngreim muiníl orm
Is maith gasta a rachadh sé sin sa gcraiceann agat anois — thú a ionsaí
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh a dhul i nglacamas lámh
+–
Chuaigh na maidí rámha in ascar (fc. ascar)
Chuaigh sé in ascar ar an gcapall
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé in ascar an chlaí
Tá sé ag dul lena bhromach in ascar
·
Gabhfaidh do láimh i bpaca má dhéanann tú é sin aríst (fc. láimh)
d.
+–
Chuaigh sé i bhfolach
Téirigh i bhfolach
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé i leataobh uaim
e.
·
Ná téirigh i mbannaí choíchin
f.
+–
Tá mé ag dul i bhfiacha — mo chuid fiacha ag méadú
Níl aon mhaith a dhul i gcostas faoi — there is no use to incur cost over it
TUILLEADH (1) ▼
Sin é a bhfuil dhá bharr agam, théis go ndeachaigh mé i gcostas faoi
g.
+–
Chuaigh mé deich bpínne ina scilling ansin ar ball, ach cuireadh aisti aríst mé agus deifir orm — imirt chártaí; dhá leagadh duine de na cearrbhachaí scilling amach, agus an scilling a bheith gnóite ag duine eile cé is moite de dhá phínn
Ní fhéadfaidh sibh a dhul isteach thar thrí pínne inti chuile gheábh, agus níor himríodh ach dhá chluiche ó chuaigh sí amach. Mar sin, ní fhéadfainn a bheith taobh le trí pínne inti mé féin
TUILLEADH (4) ▼
Chreidim nach bhfuil mé ach ag imirt anois sa ngandailín (fc. gandal), théis go ndeachaigh mé isteach dhá phínn go leith ann faoi dhó anocht. Cuirfidh mé amach leithphínn eile agus caithigí pínn air (ar an mbun)
Bhí do leathchoróin ag cur allais an uair sin. Nach ndeachaigh muid dhá scilling isteach inti. Tá muid anuas aríst ar an sé pínne chreidim
Bhí an oiread cantail air faoi dheireadh agus gur bhuail sé nóta puint amach ar an mbord. 'Bíodh sé sin agaibh,' adeir sé, 'in éineacht leis an gcuid eile.' Chuaigh muid poll maith ina phunt freisin
Ní ghabhfaidh tú isteach aon cheo eile in mo shé pínne nó is cinniúint orainne é. Dúisigh suas ansin a chomrádaí agus caith cíonán, cuileata agus aon a hairt astu, nó go nglana muid an písín sin
3.
+–
Chuaigh scéin (scanradh, geit, lionradh srl.) ann — cuireadh scéin ann
Tá an rabharta ag dul i bhfarraige (fc. farraige)
TUILLEADH (5) ▼
Chuaigh an eitinn sna cosa aici
Chuaigh an phian sa gcorróig orm
Gabhfaidh tochas sa tóin agat má ghníonn tú sin aríst — cuirfear
Gabhfaidh glugar sa gcluais agat mura n-éirí tú as anois
Chuaigh teas sa gcraiceann aige deirimse leat. 'Sé a bhí sé a thuaradh dhó fhéin ar aon chor — cuireadh
+–
Téann caitheamh i chuile ní anseo — itear gach cineál rud ann; tugann gach rud uaidh, nó ídíonn gach rud
Má ba iad na hoinniúin féin iad, ghabh caitheamh iontu
TUILLEADH (2) ▼
Rachaidh caitheamh sna hailltreachaí móra sin fhéin leis an aimsir. Níl gair ag rud ar bith seasamh in aghaidh oibriú na farraige
Tá caitheamh ag dul sa talamh! Nach breá an scéal atá agat! Ní hé an talamh is cás linn faraor. Tá caitheamh ag dul ionainn fhéin agus is mó an scéal muid ná an talamh
4.
+–
Chuaigh iontu ó cuireadh san uisce iad — tháinig fad ar na bróga sin ó cuireadh ar bogadh iad
Shíl sé go ndeachaigh iontu, ach is cosúil nach ndeachaigh ina dhiaidh sin. Aon fhad amháin i gcónaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Má chuireann tú ar bogadh é rachaidh ann — tiocfaidh fad air
Chuaigh sna stocaí sin go mór ó baineadh a n-úradh
Cheannaigh mé cóitín beag i siopa in Gaillimh. Ba é mo dhíol ceart é. Bhuail mé boslach air faoi cheann míosa, agus chuaigh ann agus sceith sé chomh mór agus go ndéanfadh sé beirt mar mé
5.
+–
Tá sé "ag dul ann" léithe — béarlagar ar shuirí; tá sé ag suirí léithe, nó in éindí léithe anois. Thúsaigh an leagan seo go fánach timpeall Ros Muc nó Ceantar na nOileán ó chúig bhliana déag go dtí scór bliain ó shin, ach tá sé coitianta chomh fada le Gaillimh soir anois
Ní "dheachaigh tú ann" léithe?
TUILLEADH (4) ▼
Pádraic! Tá sé "ag dul ann"! Deile!
Chonaic mé "ag dul ann" le inín Sh. Mh. é thiar ar an mbóthar aréir
Tá saol maith agatsa "ag dul ann" gach oíche
Fuair tú amach an té a bheadh "ag dul ann" muis. Dhá mbeadh mil orthu — rud nach bhfuil — ní ghabhfadh sé sin "ann" le aon bhean
6.
a.
+–
Chuaigh an scéal sin i bhfad — scaipeadh é
Chuaigh an ráfla i bhfad agus i ngearr
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh a cháil sin i bhfad agus i ngearr — cuireadh a cháil ins gach áit
Chuaigh an chruach mhóna in aer — leagadh í srl.
b.
+–
Tá an gnás sin ag dul in aer go mór le tamall — táthar ag éirí as
Tá sé ag dul in aer — le cuthach
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé sna fraitheacha faoi rá is rud ar bith a rá leis — le buile, le cuthach
Chuaigh an poitín sa gceann air — d'éirigh sé ina chloigeann; tháinig saochan céille air
Chuaigh an scéal sin sa gceann air
c.
+–
Bhí an deirfiúr ag iarraidh an talamh a cheannacht, ach chuaigh mac Ph. Ch. seo thoir ina bhéal uirthi. Chuir sé scór eile é, agus fuair sé é. Níl aon fhear beo ach tútachán críochnaithe a ghabhfadh ina bhéal uirthi chuaigh sé ina bhéal uirthi — níor fhága sé an margadh fúithise, ach d'fhéach sé féin leis an talamh a cheannacht
Níl duine ar bith ag dul ina bharr ort. Croch leat í. Dheamhan mórán éadáil í ag aon duine, agus is furasta dúinn mná a fháil thairti — níl muid ag iarraidh a tabhairt uait; bíodh sí agat féin
TUILLEADH (2) ▼
Seol leat. Tóg do chúig. Ní rachaidh mise ina bharr ort — ní imreoidh mé cárta i gcruth is go bhféachfaidh mé leis an gcúig a thógáil dom féin
Breá nach dtógann sé í. Nach bhfuil feamainn an chladaigh faoi fhéin aige. Ní fheicimse go bhfuil duine ar bith ag dul ina béal air
Féach freisin
→
i