Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ainseal (7)

 
daol
Ina daolannaí a bhíos pian an chancer sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faigheann duine fuarú uaithi ar an gcóir chéanna. Bíonn sí an-ghártha den tsaol. Chonaic mé B. Ph. léithe — go ndéana Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúinchomhrá thiar ar an teallach mar atá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta gharta, tháinig an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim is dhá uair an chloig as, agus chlaochmaigh sí ansin aríst. Ach ó théas an rud sin (cancer) in ainseal ar dhuine, is gearr an mhoill a fhaigheas sé ón bpian. Tagann na daolanna air chuile phointe
 
Níl aon dea-ghealladh faoi. Dhá mba leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil i ndán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainseal air anois
 
Deallradh fuaicht a fuair sé agus níor thug sé aire ar bith dhó féin. Chuaigh sé in ainseal ansin air
 
Bhí an teach uileag buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnárais, níor inis siad d'aon duine é. 'Sé M. B. faoi dheireadh a bhraith nach raibh cor ná car istigh, agus chuaigh sé ag an doras agus thosaigh sé dhá rúscadh. Ní inseoidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthíos agus an dúnáras ag siúl leo sin! Chuaigh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr ansin, agus hardaíodh isteach chuig an easpaicil iad. Murach sin, bíodh a fhios agat, dheamhan deoraí acu a bheadh sa gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís ansiúd go dtéadh sé in ainseal orthu, agus nárbh fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roinnt leo é
 
Tá an eitinn ag dul dó le píosa. Is maith a chruthós sé má chuireann sé as a chrioslaigh choíchin í. Nuair a théas an cailín sin in ainseal, ná bac leat féin ansin
 
Tá an tinneas ag dul in ainseal air (fc. ainseal)
 
Ní dheachaigh sé roimh an tinneas sin in am. Sin é a d'fhága go dona é. Ní mheasaim go bhfuil mórán maitheasa a dhul roimhe anois. Tá sé in ainseal