ualach (50+)
+
→
feadhnóg
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
TUILLEADH (2) ▼
Mura dtapaí tú na feadhnógaí, iontóidh an t-ualach ort. Bí ar t-airdeall fhéin. Tá an cineál sin cléibh an-chleasach
Níl aon chleachtadh agatsa ar na feadhnachaí seo. 'Siad a bhíos againne ar fad. Ní fhónfadh aon chléibh eile dhúinn ach iad ag tarraingt ualaigh anseo
→
caidhfte
Tarraingeoidh sí an carr folamh maith go leor, ach chomh luath agus chuirfeas tú ualach ar bith uirthi, seasfaidh sí suas ansin ina caidhfte agus Goll Mac Móirne ní bhainfeadh feanc aisti, go dtograí sí fhéin é (capall).
→
cliar
Airím mar a bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcónaí, agus dheamhan a bhfuil an chliar ag scaradh liom chor ar bith.
Tá sí sin agus a cosúlacht ag dul in aghaidh a chéile go mór. Shílfeá ar a buaic agus ar a slinneán gur togha capaill í, ach dhá bhfeicfeá faoi ualach í, dheamhan a dtabharfá do sheacht mallacht uirthi. Ach níl a fhios agam nach bhfuil codaíocht ag gabháil di freisin, arae mhill sé í an chéad am.
Is mór is fiú do dhuine an fhoghlaim. Ní ualach ar aon duine í ag bualadh faoin saol dó.
Is mé atá in mo bhúilleach chríochnaithe ag na breaclachaí céanna. Ní maith go bhféadfá iad a shiúl, ní áirím ualach a thabhairt thríob.
→
aire
Bígí aireach ar an nglaicín mhóna sin, arae níl aon duine le dhul ag iarraidh ualaigh eile go maidin — déanaidh réiteach leis an méid móna atá ann i riocht is go seasfaidh sí go maidin agus ansin beidh duine ann le dhul ag iarraidh ualaigh eile.
→
aire
Is maith an rud do chuile dhuine aire a thabhairt dó féin agus gan ualach an fhir thall (an té údan eile) a bheith air — is maith an rud do chuile dhuine a pheacaí fhéin iompar agus gan a bheith ciontach i bppeaca duine eile.
→
amach
Is mór an suaimhneas dom an t-ualach sin a bheith curtha amach de mo chroí — is mór an sólás dom an méid sin sciolladóireacht a bheith déanta agam, nó an méid sin cainte a bheith ráite.
+
→
anáil
Nuair a bhuaileas an t-ualach é, ní fhanann puth dhá anáil aige; ní bhíonn tarraingt na hanála ann — bíonn sé plúchta nó bíonn giorra anála air.
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig ualach air a bhain an anáil dhe d'aon iarraidh (fc. ualach)
"Chuir mé í le ualach craicne go dtí Fionnbheara máistir ó na bruíne" — as ceathrú faoi láir a chuaigh amú
Is fáltasach an cheird atá air anois, muran ag cumadóireacht dom a bhí siad seo síos. Deir siad liom gur ag cruinniú na bhfearbáin sin atá sé, agus chuile uair a mbíonn ualach i dtoll a chéile aige go ndíolann sé istigh i nG. iad. Go bhfuil teach ansin lena gcoinneáil uaidh. Mura bunscéal é, is cosúil le ceann é!
→
fóin
Bhí sé ag iarraidh fóint a bhaint as an seanasal, ach mo chreach maidne é! Ní túisce a bheadh an t-ualach líonta air ná a luighfeadh sé faoi
Tá tú an-siodmhagúil anocht! Ní bheifeá leath chomh siodmhagúil aréir le L. nuair a bhí sé ag cur caoi ar an ualach móna a thit ort!
+
→
iompair
D'iompair mé mo chion féin de na hualaí, agus is ag mo dhroim atá a fhios sin, ní ag ceasacht ar Dhia é — d'iompair mé an oiread de na hualaí (cléibh, máilíní srl.) agus a d'iompair mo leithide ar bith, agus tá a shliocht ar mo dhroim anois
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé thar am agat éirí as iompar ualaigh feasta choíchin agus a bhfuil de bhromairí clainne agat lena n-iompar
Shníomh mé easna liom ag iompar ualaigh idir mo dhá láimh agus tá mé ar anchaoi ó shin
Caithfidh tú an cnámh (an droim) a lúbadh más leat a dhul ag iompar ualaigh
Níor lúb sé a dhroim ariamh ag iompar ualaigh agus nár éirigh an saol leis chomh maith le duine a bheadh lúbtha: a bheadh dhá shníomh fhéin ó mhaidin go faoithin
Is maith uaidh ualaí a iompar — tá sé go maith ag iompar ualaigh
Níl aon iompar ualaigh ann anois tharas mar a bhíodh — níl sé in ann ualaí a iompar mar a bhíodh sé
→
fill
Níl aon mhaith sna ceascannaí sin a rinne sibh ann. Beannacht Dé dhuit. Cairt ar bith a mbeadh ualach uirthi, ghabhfadh sí go filleadh dúda ansin
Ní ligfeadh an leisce dhó a dhul ar an bportach le asal srathrach agus ualach móna a thabhairt abhaile. Is fhearr leis ag forcamhás ar leoraí, agus marcaíocht a fháil go dtí an portach, agus máilín móna a thabhairt leis anuas ar a bharr.
+
→
fulaing
Dhá mbeadh cléibh lóid againn ní theastódh duine ar bith le na hualaigh a fhulaingt — cléibh a bhféadfá an tóin a scaoileadh iontu
TUILLEADH (1) ▼
Níl an capall in ann an t-ualach sin a thabhairt in aghaidh Ardán Ch. Gh. agus níl aon mhaith dhuit a dhul thar a fulaing léithe
Ní bheadh tolgán ar bith agam seachtain i mbéal a chéile a chaitheamh ag iompar ualaigh, ach níl mé fulangach chor ar bith ar obair na láí. Dheamhan ar thaitnigh sé ariamh liom thar obair ar bith
→
forainm
'An bhfuil a fhios agat cá gcónaíonn Lorcán anseo,' adeir sé. 'M'anam nach bhfuil a fhios,' adeirimse, 'mar nach bhfuil a leithide ann'. 'Tá muis,' adeir sé, 'ar na mbaile seo thiar'. 'Lorcán ar an mbaile seo thiar!' adeirimse. 'Má tá, is i ngan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … '. 'Laurence Conneely,' adúirt sé. 'Tá a leithide ann,' adeirimse, 'ach dar sliabh má tá Lorcán air, is forainm air é' (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
→
abair
Céard adéarfá le fear a tháinig isteach aréir chugam ag iarraidh ualach fataí orm nó go dteaga fataí nua — nach dalba an rud é!
+
→
céadéaga
Ní bhfaighidh sé sin aon bhás choíchin. Beidh sé ag dul sna céadéaga mar sin, agus ualaí ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail den tseandúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó rugadh mé, agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul sna céadéaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé an chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath is a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orthu, chuirfí na hordógaí orthu ar an bpointe. Ba é a scil ann é, ba é sin
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
→
dealaigh
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
→
deis
Sílim leis an deis atá ar an mbealach théis na báistí, nach bhfuil sé inrásta ag asal ar bith ualach móna a thabhairt ann. Ní shiúlfadh an fia na cíocraí bradacha sin scaití