Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

reic (42)

 
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
 
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
 
'Sé a chloch-neart é ' bheith indon ag mac L. Dheamhan tada le reic aige uaidh ar chaoi ar bith = thiubhradh mac L. cnámh le crinneadh dhó, a's le na bhualadh, ní fhágfad sé tada 'na chomhnuidhe ann.
 
cíble
Níor chuala tú i gcaitheamh do shaoghail ariamh aon-scíbhle (sceimhle?) ná aon-díbliú mar thug an strachaille sin thíos dhom anocht. Is beag a bhéarfadh orm 'dhul soir, a's í a thabhairt 'un cúirte, faoi bheith do mo reiceadh mar sin.
 
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air, nach baile reicthe é. Tá sí indon Crígh Mhuire a chur thrídh na chéile, a' seadú scéalta, a's a' tarraingt anuas sean-síothmálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar a' mbaile seo, nach a' maslú a chéile atá, 'chuile ré soluis, a's is ise is cionntach leis, ó thús deire go tosuigh.
 
beo 1
B'fhearr liom beo i dtalamh nó a' gabhailt de chlocha ar mo chuid ceirteachaí, ná a bheith sa gcruth a bhfuil Séamus — reicthe ag paca ban.
 
beo 2
Ó tháinic bean a' mhic isteach faoi chaolachaí an tighe aice, ní beo léithe a beo chor a' bith. Tá sí reicthe 'chuile phuínnte sa ló aice, an tsean-bhean bhocht.
 
Tá cois buailte aige ar a' bhfuil sa teach, a's muid reicthe sceannta aige 'chuile ré soluis.
 
Buailfe mé rómham, a's gheobha mé dídean na h-oidhche in áit éicint. Is fhearr dhom é, ná 'bheith reicthe ag paicle istigh annseo, nach dtiubhra aon-su(a)ímneas dom, maidin ná trathnóna.
 
buil
Ní buil leis buille maitheasa 'dhéanamh annseo, a's ní buil leis fanacht ag a' scoil, a's níl fhios agham beirthe ná beo, céard a dhéanfas muid leis, arae támuid sáruighthe reicthe aige.
 
Dhá laghad de bhunastán é Seumas, níor fhága sé tada le reic ag Peadar = bunastán é Seumas, ach thug sé fuighleach le deanamh do Pheadar (sa troid); dhá laghad sa diabhal de bhunastán é Seumas, níor fhága sé tada in a chomhnuidhe i bPeadar
 
ainm
Tá mé reicthe agus bainte as m'ainm 'chuile ré soluis aige.
 
airde 1
Reicfidís istigh sa teach thú, le neart eirghe in áirde.
 
Aindeoin gur ionnsuigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige, nuair a bhí sé réidh liom (féach "reic".)
 
Tá'n t-athair chomh h-anglánta le na h-easógaí agus dheamhan mórán le reic ag a' gcloinn ach oiread.
 
araoid
Beidheamuid reicthe aice siúd, má cuirtear araoid a' bith uirre.
 
ard 1
Ní raibh tada le reic agam uaidh, agus muid ar bharr an aird = bhí sé ionann's suas liom.
 
Dhá ascarthaighe dhá bhfuil sé, ní raibh tada le reic aige uaidh siúd; dhá ascarthaighe dhá bhfuil sé níor fhága sé siúd tada in a chomhnuidhe ann.
 
Tá sé le dealú leis ambáireach agus má tá féin dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn in a dhiaidh. Is beag nar chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon-chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air, an uair a bhíodh an dream eile reicthe aige
 
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroidhe ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sib duine. Ag cur an tighe béal in áirde ag iarraidh beatha 'chuile ré soluis. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfuighfear í nó cé a shaothróchas í
 
Leig de do chuid diúgaireacht anois, nó dar Dia tiubharfaidh mise luach do chuid diúgaireacht' duit. Tá muid reicthe agad ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin, hébrí céard atá ort thar agus gasúir na tíre. Dá mbeinn cho maith le Ceaite Heic (níl a fhios anois cé'rbh í) ní bheadh a sheasamh agam leat. Bheadh ciall diúgaireacht marach gurb í an diúgaireacht chéadna i gcomhnuí í.
 
dligh
Dhligh mé dhá lá seirsighe (seisrighe) dhó arbhú anuiridh, agus bhí mé reicthe aige go dtug mé cupla lá dhó in a n-ómós. Bí siúráilte má fhaghann tú dadaí uaidh siúd nach leigfidh sé leat é. Ach inDomhnach níl a fhios agam nach aige atá an ceart. Ro-shimplí a bhíos cuid de na daoine
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
Tá an donacht mhór imithe dhó (dhe), ach dheamhan an bhfuil tada le reic aige fós
 
don
Don agus diabhail h-iaraí oraibh agus leigidh dhom. Tá mé reicthe agaibh ó mhaidin. Tá rud eicínt ar m'aire-sa anois thar agus a dhul ag innseacht scéalta dhaoibse
 
Tá an inghean ceart go leor, ach fan go bhfeistighidh an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuiridh sé dranndal an mhagaidh air féin. An uair a bhíos an stiúir sin air agus a theigheas sé ar mhagadh ceart splanncfadh sé aonduine faoi'n domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is biadh agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais de'n tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-iongnadh liom nach minic a marbhuigheadh é
 
Má ghníonn sé droichead de Bh. agus gan aon-chuireadh bainse a thabhairt di, reicfidh sí é. Cuirfidh sí a cháil faoi'n saoghal. Nach raibh sé cho maith dhó a h-iarraidh ar aon-nós
 
dubh 1
Bhí an oíche aréir an-dubh go deó agus níl tada le reic ag an oíche anocht féin, tá sí sách dubh
 
duine
Tá na daoine reicthe agad (muid)
 
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
 
Thug asail an bhaile seo leath ó bhfaca mise d'asail ariamh, le bradaíl. Tá na daoine reicthe aca. Eallach díobhálach iad mar asail ó theagas eachmuirt orra
 
Má cheannuigh siad "football" bainfidh siad a ndíocas aiste tamall, agus tiubharfaidh siad suaimhneas domsa. Bhí mé reicthe istigh ins an teach aca. Ní raibh a sheasamh agam mórán níos fuide. Marach gur chrap siad leo gheobhfaidís an tsráid amach. An raibh a athrú le déanamh agam leo?
 
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab eadh. Díogarnach fánach lae a bhéas aige an uair a bhéas sé ins an mbaile. Is deireannach a d'fhága sé air fhéin é, ach an oiread le scéal
 
Chonnaic tú annsin thiar é Mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlóchadh an t-athair leis, ní raibh aon-mhaith innte. Bhí mná maithe faighte aige dhó, ach ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeidís. Annsin dubhairt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaidh. Inghean T. Sh. sliseog chaithte chaillte, nach raibh cianóg ruadh ar a faghaltas. Reic sí an tsean-bhean a bhí ins an teach. Níor fhága sí nidh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe nar árduigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an droch-phósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha
 
díol 2
Thiubharfadh sé a dhíol le déanamh dhó é a leagan marach go raibh an stól ins an mbealach. Mar a bhí sé féin, ní raibh tada le reic aige
 
dóigh 1
Is maith an dóigh í sin. Dállta ar meisce 'chuile oíche, agus ag gabhail fhuínn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aice lóistín a fháil insan áit a bhfaghann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
 
dólom
Níl sé cho dólom críochnuighthe agus atá an dearbhráthair, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na h-átha de mhuirín ar an duine bocht
 
dúd
Caith rud eicínt in a dhúd sin a dhúinfeas é, agus ná bíodh na daoine reicthe aige ag sclamhaireacht níos fuide. Diabhal aithne air ar ith sé aon-ghreim le seachtain. Dhá mbeadh aonduine istigh náireochadh sé muid críochnuighthe
 
Chuaidh scéal eicínt amach uirre gur ghoid sí airgead, agus ní raibh ann ach pait. Nach diabhlaí beag 'e shuim a bhíos ag cuid de na daoine cliú daoine eile a reic
 
Chreidim go bhfuil ag dul ar na Gearmánaigh bochta. Diabhal neart aca air. Is mór an seasamh aca é agus iad frén a chéile in a n-éadan. Ach níl tada le reic ag na Sasanaigh ná na Meiriocánaigh fós, léar (de réir) mar chloisim
+
téigh
Dar príosta is gearr le dhul ormsa dhá unsa tobac má's é díol mo sheachtaine é. Dhá bhfaghainn trí unsa féin, ní bheadh mórán le reic aca
TUILLEADH (1) ▼
Ní rachaidh na cupla "fag" sin i bhfad ná ingearr air siúd. B'fhearr dhaoib a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid, má bhíonn sé d'fhuireasbhaidh "fags"