Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diúgaireacht
ainm bhriathar agus ainm-fhocal.
Ní baintear leas as mar bhriathar coimsidhe.
an gol neamhaidhe síorruidhe a bhíos ag páistí; banrán síorruidhe; síor-chaoineadh íseal.
+
Chaith an páiste an oíche ag diúgaireacht
Cé'n sórt diúgaireacht sin ort anois. Ní féidir gur ag iarraidh bainne a bheitheá aríst agus nach bhfuil mé ach th'éis an buidéal a bhaint de do bhéal. 'Sé an cás céadna é. Dá bhfuightheá an saoghal mór, bheitheá ag diúgaireacht ina dhiaidh sin
TUILLEADH (7) ▼
A Mh. breathnuigh an bhfeicfeá an bhféadfá an páiste sin a bhréagadh. Tá sé in a ainnle bhradach ag diúgaireacht ó mhaidin
Ag diúgaireacht chaoineacháin atá tú aríst. Is diachta duit sin. Dar ndóigh ní rud le n-ithe atá uait aríst agus a ghoirdeacht agus ó fuair tú "bruth-bruth".
Tá sé ar an diúgaireacht chéadna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thuit néal ar mo shúil aréir ná arbhú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcomhnuí. Ag diúgaireacht leis i gcomhnuí i gcomhnuí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabhail dó i dtosach ach ní cheapaim go (gur) b'eadh anois. Tá a fhios ag mo chroidhe gur deacair a n-oileamhaint — na páistí céadna, bail ó Dhia orra. Ní túisce galra dhíob aca ná ceann eile orra. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ó'n mbeirt is sine anuiridh. Chaith mé seachtainí imbéal a chéile ar neamh-chodladh an t-am ar bhuail an treoch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois in áit a bhfaca sé bosca tae agam th'éis na Gaillimhe, agus ní bheadh fíth ná feáin air go bhfághadh sé é. An uair nach bhfuair, thosuigh sé ag gárthaighil, agus tharraingeochadh sé ba bodhra as coillte len a chuid síonaighle, nó gur thug mé cupla criogaide dhó. Tháinig meacan annsin ann — meacan droch-mhúineadha. Tá sé ag diúgaireacht ó shoin. Ag ceapadh go bhfuighidh sé an bosca sin agus gan goir ar bith aige air. Cé'n ghoir a bheadh aige air?
Is deas í do cheird: ag diúgaireacht 'chuile ré soluis. Ní mhairfeá gan a bheith ag tabhairt snug leat i gcomhnuí — ní mhairfeá sin. Níl a fhios agam cé uaidh a dtug tú an amhlóireacht chor ar bith. Ní fhaca mé aon-duine eile ariamh dhár rugadh ins an teach, ar an gcaoi sin cé's moite dhuit féin. Ach bíonn an cuilthíneach ar 'chuile thréad
"Dá bhfaghainn an saoghal ó fheirc go grian; Sealbháin maoin a's dúithcheannaí; Diúgaireacht naoidhin ní chloisfeá choidhchin; Le m'ais 'san oíche faoi shúsaí" (As amhrán)
+
Leig de do chuid diúgaireacht anois, nó dar Dia tiubharfaidh mise luach do chuid diúgaireacht' duit. Tá muid reicthe agad ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin, hébrí céard atá ort thar agus gasúir na tíre. Dá mbeinn cho maith le Ceaite Heic (níl a fhios anois cé'rbh í) ní bheadh a sheasamh agam leat. Bheadh ciall diúgaireacht marach gurb í an diúgaireacht chéadna i gcomhnuí í.
Mo choinsias 's dar m'anam anois mara n-eirighidh tú as do chuid diúgaireacht' beidh scéal agad air. Níor tháinig iabh ar do bhéal ó thráthnóna ach ar an gceird sin pébí cé'n sórt anshógh atá chor ar bith ort. Ach ní anshógh ar bith atá ort ach neart ámhuilleacht' agus stuacaighil. Má fhaghaimse slat mhaith ghéar agus leagan ort, an fhad agus a gheobhas mé teas in do chraiceann, b'fhéidir go mbréagfadh sin thú. Mara mbréagaidh múinfidh sé thú
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisim aon-bhlas de do chuid diúgaireacht' aríst go faoithin bainfidh mé na scairteachaí asad le a mbuailfidh mé ort, creid mise dhuit ann. Thosuigh tú annsin th'éis am dinnéir an uair nach leigfí go L. in éindigh leis an gcuid eile thú, agus go mbeitheá tuithte in do chnap shul dhá mbeitheá leath-bealaigh siar. Leigfear ann thú ach a mbeidh tú indon a dhul ann. Ní leigfear go dtí sin

Diúgaireacht in iontrálacha eile (4)

 
Má tá sé in a dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionnabhar níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na h-oíche aréir ach ag amhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'eirigh mé faoi dhó ag téitheamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon-suaimneas in a dheidh sin
 
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daor-bhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil in a "chlass" buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le h-ais a chéile, agus an uair nach ag gárthaighil a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nachar) thriomuigh a shúile ó'n lá a ndeachaidh sé isteach ins an scoil go dtí an lá ar fhága sé í.
 
dearg 2
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcomhnaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asad. Mo leanbh agus mo laogh thú!
 
Chaith sé an oíche ag diúgaireacht faoi rádh agus nach dtiubharfaí cead cuartaidheacht' dó