diúgaireacht
—ainm briathartha agus ainmfhocal
—ní baintear leas as mar bhriathar cuimsí
—
an gol neamhaí síoraí a bhíos ag páistí; banrán síoraí; síorchaoineadh íseal.
+–
Chaith an páiste an oíche ag diúgaireacht
Cén sórt diúgaireacht sin ort anois. Ní féidir gur ag iarraidh bainne a bheifeá aríst agus nach bhfuil mé ach théis an buidéal a bhaint de do bhéal. 'Sé an cás céanna é. Dá bhfaightheá an saol mór, bheifeá ag diúgaireacht ina dhiaidh sin
TUILLEADH (7) ▼
A Mh., breathnaigh an bhfeicfeá an bhféadfá an páiste sin a bhréagadh. Tá sé ina ainle bhradach ag diúgaireacht ó mhaidin
Ag diúgaireacht chaoineacháin atá tú aríst. Is diachta duit sin. Dar ndóigh ní rud le n-ithe atá uait aríst agus a ghairdeacht agus ó fuair tú bruith bruith
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois, an áit a bhfaca sé bosca tae agam théis na Gaillimhe, agus ní bheadh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé é. Nuair nach bhfuair, thosaigh sé ag gárthaíl, agus tharraingeodh sé ba bodhra as coillte lena chuid sianaíola nó gur thug mé cupla cniogaide dhó. Tháinig meacan ansin ann — meacan drochmhúineadh. Tá sé ag diúgaireacht ó shin. Ag ceapadh go bhfaighidh sé an bosca sin agus gan gair ar bith aige air. Cén ghair a bheadh aige air?
Is deas í do cheird: ag diúgaireacht chuile ré solais. Ní mhairfeá gan a bheith ag tabhairt snag leat i gcónaí — ní mhairfeá sin. Níl a fhios agam cé uaidh a dtug tú an abhlóireacht chor ar bith. Ní fhaca mé aon duine eile ariamh dhár rugadh sa teach ar an gcaoi sin, cé is moite dhuit féin. Ach bíonn an coilíneach ar chuile thréad
"Dá bhfaighinn an saol ó fheirc go grian; Sealbháin maoin agus dúicheannaí; Diúgaireacht naíoin ní chloisfeá choíchin; Le m'ais san oíche faoi shúsaí" (As amhrán)
+–
Lig de do chuid diúgaireacht anois, nó dar Dia, tabharfaidh mise luach do chuid diúgaireachta duit. Tá muid reicthe agat ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin, hé brí céard atá ort thar is gasúir na tíre. Dá mbeinn chomh maith le Ceaite Heic (níl a fhios anois cérbh í), ní bheadh a sheasamh agam leat. Bheadh ciall diúgaireacht murach gurb í an diúgaireacht chéanna i gcónaí í
Mo choinsias is dar m'anam anois mura n-éirí tú as do chuid diúgaireachta beidh scéal agat air. Níor tháinig iamh ar do bhéal ó thráthnóna ach ar an gceird sin, pébí cén sórt anó atá chor ar bith ort. Ach ní anó ar bith atá ort ach neart ábhailleachta agus stuacaíl. Má fhaighimse slat mhaith ghéar agus leagan ort an fhad is a gheobhas mé teas in do chraiceann, b'fhéidir go mbréagfadh sin thú. Mura mbréaga, múinfidh sé thú
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisim aon bhlas de do chuid diúgaireachta aríst go faoithin, bainfidh mé na scairteachaí asat le a mbuailfidh mé ort, creid mise dhuit ann. Thosaigh tú ansin théis am dinnéir nuair nach ligfí go L. in éindí leis an gcuid eile thú, agus go mbeifeá tite in do chnap shula mbeifeá leath bealaigh siar. Ligfear ann thú ach a mbeidh tú in ann a dhul ann. Ní ligfear go dtí sin
diúgaireacht in iontrálacha eile (4)
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í
→
dearg 2
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcónaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asat. Mo leanbh agus mo lao thú!