Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh amach
1.
a.
+
Chuaidh luaidreán (ráfla, scéal, siomóid agus rl.) amach annseo uair, go raibh sé pósta le baintreach i Sasana agus nach raibh righeachan ar bith len a cuid airgid. 'Ar ndú' mo léan!
Chuaidh ráfla eicínt amach go raibh sé ag díol an ghabhaltais, agus bhí an baile ar fad spréachta ag an teach aige maidin, ag rádh go mbainfidís amach gan bhuidheachas é
TUILLEADH (2) ▼
Gabhfaidh an chaint amach de t'aindeoin. Ní bheadh a dhath maitheasa dhuit a bheith ag iarraidh rud a cheilt. Faightear fios ar 'chuile shórt. Sin é a cheapaimse ar chaoi ar bith. Chuaidh seafóid eicínt amach annseo uair go raibh tighthe nua le leigean amach ar phighinn ins an tseachtain, agus bhí tír agus talamh ag an mbeairic ag cur buinn ar an scéal lá'r na bháireach
Chuaidh go leor nach raibh ceart amach faoi'n gceann céadna. Ní raibh sé leath cho dona agus a bhí a cháil. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé i gcomhnaí
b.
·
Chuaidh scéal eicínt amach uirre gur ghoid sí airgead, agus ní raibh ann ach pait. Nach diabhlaí beag 'e shuim a bhíos ag cuid de na daoine cliú daoine eile a reic
Chuaidh sé amach uirre go mbíodh sí ag cómhrádh (ag cúirtéaracht) le saighdiúr "Black" i Londain, agus d'fhága sin ar an tráigh thirm í. Tá col ag 'chuile dhuine léithe
+
Chuaidh droch-cháil amach dó, agus má chuaidh féin, níl a fhios agam nachar thuill sé í
Má theigheann droch-cháil amach do dhuine, bhí sé cho maith dhó luighe siar. Fanfaidh an cháil sin air, dhá mbadh é an fear ba feilmheanaighe faoi'n domhan é. Ar chuala tú ariamh é an té a dteigheann cáil na mochóirighe amach dhó, bhí sé cho maith dhó gan eirghe go trathnóna
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn tú é sin, ní shaorfaidh Éire thú gan droch-cháil a dhul amach duit. Sin é a bhfuil ó dhaoine
2.
+
Tá sé ag dul amach ar a bhéal uiliog = caithte amach indiaidh a bhéil
Meastú ab é an pósadh a chuir an bhail siúd air. Tá sé ag dul amach ar a bhéal ar fad le tamall
TUILLEADH (4) ▼
Meastú ar eirigh aon-ghortú de'n chapall. Tá sí ag dul amach uiliog ar cheann de na cosa tosaigh
Dírigh suas thú féin a ghamail bhradaigh agus ná bí ag dul amach ar do bhéal mar sin. Ní ghlacfaí in aon-arm faoi'n domhan leat
Tá tú ag dul amach go mór ar na glúine (as na glúine) le goirid. Sílim gur gearr uait
Chuaidh sé amach ar a bhéal agus ar a fhiacla insan lochán = in diaidh a mhullaigh
3.
+
Tá an ghealach ag dul amach go maith ins an oíche anois = bíonn gealach ann go mbíonn sé deireannach ins an oíche
Is fuide amach ins an oíche a ghabhfas an ghealach anocht ná aréir
TUILLEADH (5) ▼
Is maith fada amach ins an mí seo chugainn a ghabhfas an ghealach seo. Níor tháinic sí go dtí dhá oíche ó shoin = mairfidh sí go mbeidh cuid mhaith de'n mhí seo chugainn caithte
Is diabhlaí fada amach ins an mbliain atá an Inid ag dul imbliana. Beidh sé ionann agus ina lá Bealtaine shul a bhéas aon-Cháisc agad imbliana
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada ins an samhradh, mar bhí an Inid deireannach
Chuaidh an droch-aimsir an-fhada amach ins an Samhradh imbliana. Beidh moill ar an bhfoghmhar, dhá réir
Gabhfaidh an rabharta seo amach ins an Márta
4.
·
Cé'n dula-amach atá air = costas (fc. amach agus dol)

Féach freisin