Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donacht
ainm-teibí as dona
geiniúnach uathaidh: donachta
a.
gáracht aimsire, cogaidh nó eile.
+
Tá an lá (duine, saol, cogadh, rothar agus rl.) ag dul un donacht
I leabaidh eirghe as, sén chaoi a bhfuil sé ag dul 'un donacht. Tá sé (tinneas) dhá ghreamú ro-fhada
TUILLEADH (5) ▼
Sén chaoi a bhfuil an saol ag dul 'un donacht le chuile chor
Ag dul 'un donacht atá an aimsir. 'Chuile lá ag baint fearrasbarr dhá chéile
Chuile líne ag dul 'un donacht = chuile líne ag dul 'un míne agus 'un bréige
Níl aon-ghoir aige ar an athair. 'Chuile líne ag dul 'un donacht, arsa tusa
Tá an lá 'un donacht go mór = níos measa ná a bhí sé scathamh ó shoin
+
Tá sé ar a dhonacht (an saol, aimsir, duine agus rl.) = cho dona agus a d'fhéadfadh sé a bheith. (Is annamh a bhíos an leagan seo san scríbhneoireacht ach tá sé bun-choitianta go leor san gcaint is chuile áit)
Johanny! M'anam ní ceasacht ar Dhia é go bhfuil sé ar a dhonacht.
TUILLEADH (4) ▼
Ara a dhuine, tá an saol ar a dhonacht. Beannacht Dé dhuit! Sé díol (dícheall?) an diabhail maireachtáil chor ar bith. Deir daoine go mbeidh an ballséire ar fad air ach a gcríochnaí an cogadh
Bhí an lá ar a dhonacht. Shíl mé dheamhan cladach a d'fheicfeadh muid go deó. Bhí sí ag tógáil uisce ar an mbord fúithe cho maith leis an mbord as a cionn (bád). Ba é an lá ba mheasa é dhá raibh mé ar farraige ariamh sílim
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon-chlaochmú. B'fhurasta aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas indiaidh a tóna le seachtain
Bhí sé cho maith do dhuine gan buille ar bith a dhéanamh agus a dhonacht (len a dhonacht) agus atá an saol
+
Tá Seán bocht ar dhonacht (deirtear mar seo scaithtí é gan a ar bith fearacht "ar fheabhas"). Beidh a sháith le déanamh aige agus a theacht as chor ar bith
Tá an teach sin ar a dhonacht anois. Dheamhan bonn bán orra. Is mór idir inniu agus inné, adeir tú …
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé aon-mhadadh ariamh mar é ar a dhonacht. Ní leanfadh sé bó ná gamhain
Tá an-deabhach go deó ar an mbóthar seo ar a dhonacht. Níl sé ionrásta ag duine ná beitheach é a shiúl
Níor díoladh aon-bhó amháin ar an aonach inniu lena ndonacht = ní raibh aon-phradhas orra
Ní fiú an eorna sin thoir a bhaint agus a dhonacht agus atá sí. Beithigh a bhí a scaoileadh isteach innte = níl aon-mhaith innte
b.
·
Tá a dhonacht fhéin is chuile rud = milleadh; mí-bhantáiste; disadvantages
Ní dhéanfadh sé donacht ar bith dom (dochar) a dhul ag siúl
·
Dhá dhonacht maol is measa mullóig (mullach) = dhá dhonacht rud is measa rud eile
Seán an eadh. B'fhearr liom T. fhéin ná é sin. Dhá dhonacht maol is measa mullóig
·
Fágadh san donacht ariamh é, agus síleann sé anois go bhfuil leis ach daba ar bith a fháil = san mboichteanacht, san anró
Go deimhin féin níl aige ach an donacht agus an bhoichteanacht istigh annsiúd ar thamhnóigín shléibhe
c.
·
Is furasta aithinte ar dhonacht na mbeitheach nach bhfuair siad a leath ndóthain. Féacha na beithigh atá ag P. Sciorrfá dóibh, tá siad cho sleamhain sin = droch-ordú; gan aon-tógáil
Ní cheannóchthá aon-bhanbh ar an margadh le (ar) na ndonacht = bhí siad cho dona sin
d.
+
Cois thinn atá agad. Ní beag dhuit a dhonacht a dhuine bhoicht = is olc an rud cois thinn a bheith ag duine, nó is rud sách dona é
Níor bheag dhuit a dhonacht mar a bhí tú, agus gan tuilleadh a theacht ort
TUILLEADH (2) ▼
Má tá ort siúl ó cheann an bhóthair abhaile ní beag dhuit a dhonacht, agus gan siúl as seo go dtí ceann an bhóthair
Ní beag do dhuine a dhonacht nuair a bhíos imní air, agus gan tinneas dhá bhualadh in a cheann sin
e.
olc, droch-mhúineadh, faltanas, droch-intinn; rud a chur as do dhuine.
+
Ní thaobhódh duine ar bith é sin agus a dhonacht agus atá sé (olc, fealltach, droch-mhúinte)
Sé a dhonacht féin le daoine bochta a d'fhága mar sin é
TUILLEADH (7) ▼
Ní dhéanfaidh sé donacht ar bith duit, hébrí cén mhaith a dhéanfas sé
Is beag a chuirfeas an ceann céanna ann d'aonduine hébrí cén donacht a dhéanfas sé
Ní fhaca mise aon-donacht déanta ariamh aige, th'éis an droch-cháil atá air. Ach an té a dteigheann cáil na mochóirí amach dó níor mhiste dhó dhá mbeadh sé gan eirghe go h-eadra
Níl donacht ná fabht in duine ar bith den dream sin. = níl faltanas ar bith ionnta
An té a bhfuil an donacht ann, tá sí ann, agus tá sí ann ar a chéill agus ar a mheisce
Bhí chuile dhuine ag caint ar dhonacht Mh. ach ní choinneódh sé coinneal dó seo atá ann anois. Tá ruibh air seo
Chaith mise cheithre bliana abuil na Sasanaigh, agus ní fhaca mé thairis sin de dhonacht ionnta. Ba mheasa dhuit go fada leiciméara d'Éireannach a d'innseódh chuile mhíle rud don "bhoss" ort
f.
tinneas, óthras, criotán, árdú nó barr tinnis.
+
Buaileadh síos le donacht eicínt é aréir = tháinig donacht (tinneas) eicínt air aréir (b'fhéidir dhó a bheith tinn cheana ach go dtáinig árdú air)
Ní leigfeadh an donacht dom a dhul amach le seachtain = tinneas
TUILLEADH (12) ▼
Dhá gcuirinn an donacht seo tharm b'fhéidir go mbeadh agam
Níl de dhonacht air ach doigheachaí
Ná caith é sin chor ar bith. Is mó an donacht a dhéanfas sé dhuit (séard a dhéanfas sé donacht a chur ort)
Tá an donacht mhór imithe dhó (dhe), ach dheamhan an bhfuil tada le reic aige fós
Cén uair ar bhuail an donacht é?
Is mór a thug an donacht sin anuas é. Níl ann ach na stéigeachaí anois
Chaith sé an donacht deireadh ach d'fhága sé claoite é, agus má bhuaileann aon-donacht eile é go gairid, tá faitíos orm go bhfuil a chaiscín meilte
An bhfuil cuimne ar bith aige eirghe as an donacht? Shílfeá má tá indán bisigh dhó, go bhfuil sé in am aige a bheith ag cur cosúlacht eicínt air fhéin feasta
Ní fhéadann sé an teach a fhágáil ag an donacht
Chuile dhonacht ach donacht doigheachaí: sin é adéarfainnse = tá chuile phian go maith ach na doigheachaí
Is mór atá an donacht indon a dhéanamh le duine. Ba fear luath láidir é sin, agus an bhfeiceann tú an chruth atá anois air?
Deir siad gur measa donacht fíona ná tinneas óil ar bith eile
+
Níl criotán ná donacht air, ach an oiread agus atá ormsa
Donacht as air! Donacht a bhíos air chuile lá beó
TUILLEADH (11) ▼
Is lú an donacht atá ort ná ormsa agus caithfidh mé a bheith ag crochadóireacht liom in a dheidh sin. Is beag a bhéas ar chuid de na daoine nuair a éagnós siad é
Is mó an donacht atá air inniu ná lá ar bith ó a bhuail sé é. Tá faitíos orm go bhfuighidh sé rud le déanamh agus srianadh as.
Ar an dá luath agus ar chaith sé an braoinín bainne chuir sé donacht air (barr; árdú)
Is íontas donacht mar sin a theacht air de léim
Níor sheas an donacht uirre ach lá, ach níor bheag di sin. Is mór a chlaoifeadh lá féin duine nuair a bheadh pian ghártha air
Bhí donacht air le bliain má b'fhíor dhó fhéin ach is beag an donacht atá anois air ag goid mhóna!
Má's fíor di fhéin is uirre atá donacht an tsaoil
Tá an-donacht (fíor-dhonacht, an-donacht go deo, roint donachta, an-donacht thar cíonn etc.) air
Níl aon-donacht mór mar sin air, ach tá sé an-chraithte
Is iomdha donacht a bhí ariamh air, agus m'anam má bhí féin gurb é atá cruadh cuisneach fós
Tá donacht mhór air sin go deimhin! M'anam má tá gur donacht phórtair é, sin nó donacht dá fhuireasa
·
Déarfá go raibh sé as ach bhuail ionntú donachta aríst é. Galra gurálach é sin. Ní furasta a thiacht as
Má theagann aon-ionntú donachta air as seo go maidin cuirighidh fios orm.
+
Aithníonn an donacht a duine féin (sean-fhocal) = an duine a bhfuil an fabht ann, nó nach bhfuil leigheasta ceart, bíonn sé buailte síos nó meath-thinn igcomhnaí; bíonn sé de bheith ar dhaoine a bheith tinn
Ní féidir gur buailte síos atá sé aríst, ach aithníonn an donacht a duine féin
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn slaghdán uirre siúd i lár an tsamhraidh. Mara chéile aice samhradh agus geimhreadh. Aithníonn an donacht 'ar ndú' a duine féin
Baol air sin aon-cheo a tholgadh. Dheamhan é muis ná dhá mbeadh sé go dtí n-a dhá shúil i bhfairrge seacht lá na seachtaine. Tá daoine ann len' aghaidh sin (tinneas). Aithníonn an donacht a duine fhéin
Má's leat a bheith buan, adeir siad caith fuar agus te, ach is aon-chás amháin domsa céard a chaithfeas mé. Bíonn an donacht ag siocadh liom i gcomhnaí. Aithníonn an donacht a duine féin
Is deacair leis an donacht scaradh leis an seanduine. Aithníonn an donacht a duine féin
+
Ní bhíonn aon-neart ag an donacht fhéin air go bhfóiridh Dia orainn! = caithfidh an donacht fhéin a bheith ann go bhfóiridh Dia orainn!; ní ceart a bheith san mullach ar dhaoine a bhíos ag éagcaoineadh agus ag gearán. Is cuid de chúrsaí an tsaoil an tinneas agus an phian
Chinnfeadh sé ormsa anois siúl cho fada le teach an phobail dhá bhfaghainn Éire bronnta orm. Ní bhíonn aon-neart ag an donacht fhéin air
TUILLEADH (1) ▼
Níor thuill sé aon-mhilleán uaib, agus mar sin ní raibh agaibh aon-mhilleán a thabhairt dó. Má tá sé ag casaoid, tá a údar aige. Caithfidh an donacht féin a bheith ann. B'fhéidir go mb'fhurasta cur agaibh féin fós

Féach freisin

dona

donacht in iontrálacha eile (52)

 
dáil
Bhí sé indáil le thoir ag an Aifreann nuair a tháinic an donacht air
 
dán
Níl indán suaimnis duinn. Mara rud é, is rud eicínt eile é. Shíl mé nuair a d'imigh sí sin uainn go mbeadh linn, ach ó dhonacht maol is measa mullóg.
 
danra
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd
+
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn air ach an daol sin ach ní beag dhó a dhonacht. Ní fhágann sí láthar ar bith ann go ceann seachtaine aríst. Is deacair leis a theacht ar a chóir féin uaithe chor ar bith
+
de
Is beag de dhonacht atá air inniu thar agus inné
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dhonacht é (dhá dhonacht dhá bhfuil sé; ní abróchaí "dhá dhonacht atá sé"), is fhearr é ná a bheith dhá uireasa
 
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionnam in imeacht cupla mí. Marach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé.
 
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaidh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag pléidh leis an bhfeamuinn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ballséire agus a ghiolla. Tá cur-faoi-ionga anois deanta aice ar chaoi ar bith
 
déan 1
Nach beag an mhoill a bhíos orra in a dheidh sin nó go mbíonn na cosa déanta aca, théis cho lag agus a bhíos siad. Chonnaic mé uainín meirbh a bhí againn annseo an bhliain cheana, agus ní raibh siad déanta aige go ceann coicíse, ach má sea ba donacht a bhí dhá dhéanamh air. Ní raibh lúd ar bith ionnta go ceann fada
 
deil 1
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deóir innte ach a dtaga an chéad-chioth bháistí
 
Ní bhfuair mé ann ar mo phíosa dhá scilling ach cupáinín tae cosnochttha, ach ba bhuidhe déirce liom an méid sin féin, arae bhí an ghearradh-ghíonnach in mo stéigeachaí, ach dhá dhonacht dhá raibh mé leis an ocras, ba mheasa go mór mé leis an tart. Bhí íota orm. Is diabhlaí nach n-osclóchadh tighthe ósta ann lá de'n tsórt sin, agus a mbíonn cruínn ann
 
Bhí an laogh suas le uair idir chnámha agus é cínnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daor-bhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht annsin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luighe agus eirghe. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
 
dia 1
Dia agus Muire linn! Ní beag dó a dhonacht an duine bocht. An bhfuil aon-bhó eile aige ach í sin anois?
 
diabhal 1
Diabhal an beag dhuit a dhonacht a chomharsa!
 
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí aca ní raibh siad doicheallach. Gheobhfadh sé dídean na h-oíche ann, agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé ro-mhór ann féin le fanacht imbráicín mar sin. Is dona a chuaidh an leithead dó muis, ní dhá roint leis é
+
díle 1
Dhá dteigheadh an Díle thar an Domhan — sábhálaidh Dia sinn — bheadh teas an aithne in a thóin siúd ag dul amach! Ní choinneochaidh rud ar bith istigh é sin, nó go mbuailidh an donacht in éindigh é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaighe dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh.
TUILLEADH (1) ▼
Ara cé'n donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ó'n Díle, agus is beag an chlóic air in a dheidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul 'un aois na h-óige atá sé, seadh sin.
 
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabhail amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar fascadh i lúibinn an chlaidhe anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
 
Tá díocas air chuig feamuinn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin ins an bhfeamuinn. Pléidhfidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus droch-uair, dar an leabhar ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air
 
Bíonn sí ag díogarnaighil mar sin ó oíche go maidin. Níl maith ná donacht ag teacht uirre, ach ins an meath chéadna i gcomhnuí. Eirigheann sí laetheantaí agus baineann sí scaithín amach ar an teallach, ach tá sí ag cothú na leabthan an-mhór le goirid. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar aonduine ó a bhaileochas sé na cheithre scóir
 
Chuala tú an scéal faoi'n té a chonnaic an fear dhá mharbhú agus ar tháinig dithchreideamh air, faoi nachar fhoillsigh Dia é féin ar an té a mharbhuigh é … Sin é agad é — díoghaltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaithtí, ach níl rud ar bith cho siúrailte leis. Mara dteagaidh sé ar an saoghal seo 'ar ndú' tiocfaidh sé ar an saoghal eile, agus ó dhonacht maol is measa mullóg
 
Bhí sé féin díoghaltasach. Dar mo choinsias is fada a shiubhailfeá shul a d'fheicfeá a leath-cheann eile ar dhonacht agus ar aicís. Agus breathnuigh ar an rud ad'eirigh dhó féin as deire na cúise. Nar ba lughaide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrighe
 
Go deimhin is deas é do cheird, ag diúrnadh an diúilicín de chut sin 'chuile ré soluis! Caith annsin i dtigh an chlampair é. Ní beag dhó a dhonacht agus tá sé, agus gan tusa a bheith ag cur fearas barr donacht' air. Má fheicim tú ag leagan láimh ná cois aríst i mbliana air, bainfidh mé an t-anam asad, bainfidh sin!
 
Íoc do chuid dlighteanais agus ná bí ag tuilleamaidhe le aonduine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlighe ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) ins an deire. Tá a dhonacht féin ins an dlighe i gcomhnuí
 
do 1
Ní beag dó a dhonacht (a thúisce)
 
Is beag an dóchas atá le bheith uirre. Ag dul 'un donacht' atá sí
 
Dodaighil an óil a bhí air. Ní chuímneochaidh sé ar a dhath dhó (de) sin ambáireach. Bíonn a dhonacht fhéin ins an ól, agus ní mara chéile a theigheas sé do 'chuile dhuine
 
Bhí 'chuile dhuine rithte anall as Sasana ar an gcéad iarraidh. Síleadh an uair sin go mar(bhóchth)aidhe iad as éadan. Ach ba ghearr aríst go raibh an choisidheacht chéadna anonn aca, agus níor marbhuigheadh mórán aca ó shoin. Ní cheapaim go bhfuil duine ar bith as an ruta seo marbhuighthe ná ar iarraidh. Dhá dhonacht dá raibh sé, ní raibh sé baoghal air cho dona agus a rinne daoine amach idtosach. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn arsa tusa
+
dóigh 1
Níor dhona an dóigh do dhuine cupla péire de na "clogs" sin a cheannacht 'fhad agus atá siad fairsing. B'fhéidir go bé (gur) an chaoi a mbeadh sé ar ball go mbeadh muid gan Murrchadha gan Mánus. Dhá dhonacht iad, is fhearr iad ná imeacht cosnochttha
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóigh an-mhaith a bheith i Londain faoi láthair. Tá an V2 ag teacht anuas in a ceathannaí. Níl aon-dochar in áit ar bith eile i Sasana ach annsin amháin, ach cé beag a dhonacht. Is i Londain is mó atá muintir na h-áite seo
 
dóigh 3
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoi'n domhan a bheith orm an puínte seo de ló ná an t-anshógh atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhóghadh. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
 
dol 1
Níl léigheamh ar bith ar a bhfuil de dhola air sin in a dheidh sin. Tá carr agus "lorry" aige ar an mbóthar agus péire capall, agus tá cíos trom agus rates ar an áit sin. Diabhal a fhios agam féin dá bhfanadh sé mar a bhí sé, nach mb'fhearr na gnaithí a dhéanfadh sé. As na tighthe beaga a theightear ins na tighthe móra adeir siad, ach diabhal a bhfuil na tighthe móra gan a ndonacht féin freisin
+
dona
Dhá dhonacht S. is seacht measa T. = tá sé seacht n-uaire níos measa ná é
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dhonacht cogadh is seacht measa gorta
Cén neart atá aige air má tá sé go dona tinn. Ní bhíonn aon-neart ag an donacht féin air
 
Tá tusa ag rádh go bhfuil tú féin doscúdhach. Tá tú buille doscúdhach freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart annsin ins an samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaoghal fhéin shul 'á ndeacha sé ina shagart. Bhí sé ins an gCogadh Mór agus amuigh ins an mbriseadh. Th'éis an chogaidh bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agad cé'n puínte a mbainfí an bhaithis asad ann. Bhí 'chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraint ann: "murdaróirí", gaduidhthe agus mar sin. D'fhan sé ann in a dheidh sin. Nar dhoscudhach an mac é sin. Agus tá sé in a shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
 
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roint leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná tharta. Agus bhíodh an oíche caithte thar druim an uair a thaobhuigheadh sé an teach ins an am a dtaobhuigheadh sé é. Gan eirghe go h-eadarshuth annsin, agus beithidhigh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearraidheachaí dó (de). Nach shin é do dhóthain
 
driog
Tá driog eicínt in mo chois annsin le cupla lá. Shíl mé gur iasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach h-eadh. Níl neart agam an chois sin a chur treasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul 'un donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aithmhéala aríst
 
droim
Ní raibh sé ar dhruim na talmhana aon-duine ba lághaighe le gasúir ná é, gur bhuail an donacht é, ach uaidh sin amach, ní raibh aon-ghoir ag aonduine aca tangachtáil leis (teangmhastáil) = ar dhruim na talmhana: faoi'n saoghal; faoi'n mbogha bán
 
duine
Aithnigheann an donacht a dhuine féin (fc. donacht)
 
Nach maith dúlaidhe anois atá sí ins na "sweets" agus nach mbíonn aon-oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge aca a cheannacht. Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneochadh 'chuile shórt eile ó chodladh í, adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agad. Dá mbadh mise a fear thiubharfainn "sweets" ar an ngoile di. An pleota! I leabaidh breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breagh gnaoidheamhail léithe mar a dhéanfadh fear!
 
An aistighil agus an dúnárus a mharbhuigh é sin ariamh. An bhfaca tú sochraide a mháthar. Ní raibh triúr as a bhaile féin ann th'éis í a bheith istigh in a gceartlár. Dheamhan a leigfeadh an scáth dóib an teach a thaobhachtáil aige, agus gan a fhios aca nach hé a n-ordú amach aríst a dhéanfadh sé. Níl droch-mhúineadh ar bith ann, ach ní beag dó a dhonacht, in a dheidh sin
 
Bhí an bhean curtha shul má chuala muid é. Duine dúnárusach ceart é siúd. Níor innis sé d'aonduine go raibh donacht ar bith uirre nó go bhfuair sí bás. Nach raibh a fhios aige go bhfuighthí amach de'n bhuidheachas é. Ach níor mhiste leis. Ní thiubharfadh sé an oiread de do chroidhe dhuit in a dheidh sin agus go gcainteochadh sé air. Sochraide bheag a bhí ann i ngeall ar a chuid dúnáruis féin. Leath a raibh sé dlighte dóib, níor chuala siad smid fúithe go raibh an bhean bhocht curtha
 
Tá dubhradáinín dona d'athair aige muis — ní dhá roint leis é, ach dhá fhágáil aige. Dheamhan carr móna a bheadh bainte aige bliain mhór fhada agus é a fhágáil faoi féin. Ach dhá dhonacht dhá bhfuil sé anois ba mheasa go mór fadó é. Buille maitheasa ar bith ní dhéanadh sé ach fáiscthe síos ar bhóithrí agus ag súdaireacht soir annseo.
 
Ní raibh ginnín dhá anáil aige th'éis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidthe ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd
+
Chuaidh an aimsir go mór 'un donacht le seachtain
TUILLEADH (2) ▼
Meastú nach ag dul 'un donacht atá sé. Sin é adéarfainn. Níl aon-mheas ag an dochtúr air
Is mór a chuaidh sé 'un donacht le uair féin. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an oíche a shárú
 
Tá donacht eicínt ag dul di le cupla lá. Cineál lagair, agus teagann meirbhthean uirre amanntaí. Bíonn fonn múisc uirre ach ní chuireann sí tada amach. Ní thaithneochadh sé liom chor ar bith
 
Teigheann na ráigeanna seo thart dubh-sciobtha, ach nach beag dhóib a ndonacht an fhad agus a mhaireas siad
 
Is mór a ndeachaidh mé thríd ariamh, ach thug sé seo an barr uatha ar fad le donacht