—
a.
gárthacht aimsire, cogaidh nó eile.
+–
Tá an lá (duine, saol, cogadh, rothar srl.) ag dul chun donacht
I leaba éirí as, 'sé an chaoi a bhfuil sé ag dul chun donacht. Tá sé (tinneas) dhá ghreamú rófhada
TUILLEADH (5) ▼
'Sé an chaoi a bhfuil an saol ag dul chun donacht le chuile chor
Ag dul chun donacht atá an aimsir. Chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile
Chuile líne ag dul chun donacht — chuile líne ag dul chun míne agus chun bréige
Níl aon ghair aige ar an athair. Chuile líne ag dul chun donacht, arsa tusa
Tá an lá chun donacht go mór — níos measa ná a bhí sé scaitheamh ó shin
+–
Tá sé ar a dhonacht (an saol, aimsir, duine srl.) — chomh dona is a d'fhéadfadh sé a bheith. Is annamh a bhíos an leagan seo sa scríbhneoireacht ach tá sé bunchoitianta go leor sa gcaint i chuile áit
Johnny! M'anam ní ceasacht ar Dhia é, go bhfuil sé ar a dhonacht.
TUILLEADH (4) ▼
Ara a dhuine, tá an saol ar a dhonacht. Beannacht Dé dhuit! 'Sé díol (dícheall?) an diabhail maireachtáil chor ar bith. Deir daoine go mbeidh an ball séire ar fad air ach a gcríochnaí an cogadh
Bhí an lá ar a dhonacht. Shíl mé dheamhan cladach a d'fheicfeadh muid go deo. Bhí sí ag tógáil uisce ar an mbord fúithi chomh maith leis an mbord os a cionn (bád). Ba é an lá ba mheasa é dhá raibh mé ar farraige ariamh sílim
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon chlaochmú. B'fhurasta a aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas i ndiaidh a tóna le seachtain
Bhí sé chomh maith do dhuine gan buille ar bith a dhéanamh agus a dhonacht (lena dhonacht) agus atá an saol
+–
Tá Seán bocht ar dhonacht (deirtear mar seo scaití é gan a ar bith fearacht ar fheabhas). Beidh a sháith le déanamh aige agus a theacht as chor ar bith
Tá an teach sin ar a dhonacht anois. Dheamhan bonn bán orthu. Is mór idir inniu agus inné, adeir tú …
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé aon mhadadh ariamh mar é ar a dhonacht. Ní leanfadh sé bó ná gamhain
Tá an-deabhach go deo ar an mbóthar seo ar a dhonacht. Níl sé inrásta ag duine ná beathach é a shiúl
Níor díoladh aon bhó amháin ar an aonach inniu lena ndonacht — ní raibh aon phraghas orthu
Ní fiú an eorna sin thoir a bhaint agus a dhonacht agus atá sí. Beithígh a bhí a scaoileadh isteach inti — níl aon mhaith inti
b.
·
Tá a dhonacht fhéin i chuile rud — milleadh; míbhuntáiste; disadvantages
Ní dhéanfadh sé donacht ar bith dom (dochar) a dhul ag siúl
·
Dhá dhonacht maoil is measa mullóig (mullach) — dhá dhonacht rud is measa rud eile
Seán an ea. B'fhearr liom T. fhéin ná é sin. Dhá dhonacht maoil is measa mullóig
·
Fágadh sa donacht ariamh é, agus síleann sé anois go bhfuil leis ach daba ar bith a fháil — sa mbochtaineacht, san anró
Go deimhin féin níl aige ach an donacht agus an bhochtaineacht istigh ansiúd ar thamhnóigín shléibhe
c.
·
Is furasta a aithinte ar dhonacht na mbeathach nach bhfuair siad a leath ndóthain. Féacha na beithígh atá ag P. Sciorrfá dóibh, tá siad chomh sleamhain sin — drochordú; gan aon tógáil
Ní cheannófá aon bhanbh ar an margadh lena (ar a) ndonacht — bhí siad chomh dona sin
d.
+–
Cois thinn atá agat. Ní beag dhuit a dhonacht a dhuine bhoicht — is olc an rud cois thinn a bheith ag duine, nó is rud sách dona é
Níor bheag dhuit a dhonacht mar a bhí tú, agus gan tuilleadh a theacht ort
TUILLEADH (2) ▼
Má tá ort siúl ó cheann an bhóthair abhaile, ní beag dhuit a dhonacht, agus gan siúl as seo go dtí ceann an bhóthair
Ní beag do dhuine a dhonacht nuair a bhíos imní air, agus gan tinneas dhá bhualadh ina cheann sin
e.
olc, drochmhúineadh, faltanas, drochintinn; rud a chur as do dhuine.
+–
Ní thaobhódh duine ar bith é sin agus a dhonacht agus atá sé (olc, fealltach, drochmhúinte)
'Sé a dhonacht féin le daoine bochta a d'fhága mar sin é
TUILLEADH (7) ▼
Ní dhéanfaidh sé donacht ar bith duit, hé brí cén mhaith a dhéanfas sé
Is beag a chuirfeas an ceann céanna ann d'aon duine, hé brí cén donacht a dhéanfas sé
Ní fhaca mise aon donacht déanta ariamh aige, théis an droch-cháil atá air. Ach an té a dtéann cáil na mochóirí amach dó, níor mhiste dhó dhá mbeadh sé gan éirí go headra
Níl donacht ná fabht i nduine ar bith den dream sin — níl faltanas ar bith iontu
An té a bhfuil an donacht ann, tá sí ann, agus tá sí ann ar a chéill agus ar a mheisce
Bhí chuile dhuine ag caint ar dhonacht Mh. ach ní choinneodh sé coinneal dó seo atá ann anois. Tá ruibh air seo
Chaith mise cheithre bliana abuil na Sasanaigh, agus ní fhaca mé thairis sin de dhonacht iontu. Ba mheasa dhuit go fada leiciméara d'Éireannach a d'inseodh chuile mhíle rud don bhoss ort
f.
tinneas, othras, creatán, ardú nó barr tinnis.
+–
Buaileadh síos le donacht eicínt é aréir — tháinig donacht (tinneas) eicínt air aréir (b'fhéidir dhó a bheith tinn cheana ach go dtáinig ardú air)
Ní ligfeadh an donacht dom a dhul amach le seachtain — tinneas
TUILLEADH (12) ▼
Dhá gcuirinn an donacht seo tharam b'fhéidir go mbeadh agam
Níl de dhonacht air ach daitheachaí
Ná caith é sin chor ar bith. Is mó an donacht a dhéanfas sé dhuit (séard a dhéanfas sé donacht a chur ort)
Tá an donacht mhór imithe dhó (dhe), ach dheamhan a bhfuil tada le reic aige fós
Cén uair ar bhuail an donacht é?
Is mór a thug an donacht sin anuas é. Níl ann ach na stéigeachaí anois
Chaith sé an donacht deiridh ach d'fhága sé cloíte é, agus má bhuaileann aon donacht eile é go gairid, tá faitíos orm go bhfuil a chaiscín meilte
An bhfuil cuimhne ar bith aige éirí as an donacht? Shílfeá má tá i ndán bisigh dhó, go bhfuil sé in am aige a bheith ag cur cosúlacht eicínt air fhéin feasta
Ní fhéadann sé an teach a fhágáil ag an donacht
Chuile dhonacht ach donacht daitheachaí: sin é adéarfainnse — tá chuile phian go maith ach na daitheachaí
Is mór atá an donacht in ann a dhéanamh le duine. Ba fear luath láidir é sin, agus an bhfeiceann tú an chruth atá anois air?
Deir siad gur measa donacht fíona ná tinneas óil ar bith eile
+–
Níl creatán ná donacht air, ach an oiread is atá ormsa
Donacht as air! Donacht a bhíos air chuile lá beo
TUILLEADH (11) ▼
Is lú an donacht atá ort ná ormsa agus caithfidh mé a bheith ag crochadóireacht liom ina dhiaidh sin. Is beag a bheas ar chuid de na daoine nuair a éagnós siad é
Is mó an donacht atá air inniu ná lá ar bith ó bhuail sé é. Tá faitíos orm go bhfaighidh sé rud le déanamh agus srianadh as.
Ar an dá luath is ar chaith sé an braoinín bainne chuir sé donacht air (barr; ardú)
Is iontas donacht mar sin a theacht air de léim
Níor sheas an donacht uirthi ach lá, ach níor bheag di sin. Is mór a chloífeadh lá féin duine nuair a bheadh pian ghártha air
Bhí donacht air le bliain má b'fhíor dhó fhéin, ach is beag an donacht atá anois air ag goid mhóna!
Más fíor di fhéin, is uirthi atá donacht an tsaoil
Tá an-donacht air (fíordhonacht, an-donacht go deo, roinnt donachta, an-donacht thar cionn srl.)
Níl aon donacht mór mar sin air, ach tá sé an-chroite
Is iomaí donacht a bhí ariamh air, agus m'anam má bhí féin gurb é atá crua cuisneach fós
Tá donacht mhór air sin go deimhin! M'anam má tá gur donacht phórtair é, sin nó donacht dá uireasa
·
Déarfá go raibh sé as ach bhuail iontú donachta aríst é. Galra gorálach é sin. Ní furasta a theacht as
Má theagann aon iontú donachta air as seo go maidin, cuiridh fios orm.
+–
Aithníonn an donacht a duine féin (seanfhocal) — an duine a bhfuil an fabht ann, nó nach bhfuil leigheasta ceart, bíonn sé buailte síos nó meath-thinn i gcónaí; bíonn sé de bheith ar dhaoine a bheith tinn.
Ní féidir gur buailte síos atá sé aríst, ach aithníonn an donacht a duine féin
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn slaghdán uirthi siúd i lár an tsamhraidh. Mar a chéile aici samhradh agus geimhreadh. Aithníonn an donacht ar ndóigh, a duine féin
Baol air sin aon cheo a tholgadh. Dheamhan é muis, ná dhá mbeadh sé go dtí n-a dhá shúil i bhfarraige seacht lá na seachtaine. Tá daoine ann lena aghaidh sin (tinneas). Aithníonn an donacht a duine fhéin
Más leat a bheith buan, adeir siad, caith fuar agus te, ach is aon chás amháin domsa céard a chaithfeas mé. Bíonn an donacht ag siocadh liom i gcónaí. Aithníonn an donacht a duine féin
Is deacair leis an donacht scaradh leis an seanduine. Aithníonn an donacht a duine féin
+–
Ní bhíonn aon neart ag an donacht fhéin air go bhfóire Dia orainn! — caithfidh an donacht fhéin a bheith ann go bhfóire Dia orainn!; ní ceart a bheith sa mullach ar dhaoine a bhíos ag éagaoineadh agus ag gearán. Is cuid de chúrsaí an tsaoil an tinneas agus an phian
Chinnfeadh sé ormsa anois siúl chomh fada le teach an phobail dhá bhfaighinn Éire bronnta orm. Ní bhíonn aon neart ag an donacht fhéin air
TUILLEADH (1) ▼
Níor thuill sé aon mhilleán uaibh, agus mar sin ní raibh agaibh aon mhilleán a thabhairt dó. Má tá sé ag casaoid, tá a údar aige. Caithfidh an donacht féin a bheith ann. B'fhéidir go mb'fhurasta cur agaibh féin fós
donacht in iontrálacha eile (50+)
+
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
TUILLEADH (1) ▼
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
→
fáinneog
Ní raibh aon cheo air ach go raibh an fháinneoig uilig sníofa, ach chreidim nár bheag dó a dhonacht. Ba mhaith a chuaigh siad as nár maraíodh ar fad iad, sábhála Dia sinn
→
féar
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith, is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "ina luí" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireanach sa mbliain
→
fóir
Níl fuarú ná fóirithint aige inniu ach an oiread le aon lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta Dé. Is mór m’fhaitíos gur cancer atá air
→
calm
Is olc an rud lá cailm ar an bhfarraige. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í ná seal cailm.
Dhá dhonacht é an té a ólfas i gcomhfhios é, is seacht measa an té a ólfas i ngan fhios, druncaera ceart é sin.
Dhá dhonacht an t-athair le míchuntanós, dheamhan gair ar bith aige ar an mac. Séard a bhí le déanamh leis an mac, é a phlúchadh faoi phota mar a dhéanfaí le cat.
+
→
baile
Tá an baile ina dhá mhuintir ag an diabhlánach sin siar. Murach eisean, b'fhurasta ceart a bhaint den chuid eile, ach cé beag a dhonacht, arsa tusa.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dhonacht é an baile, is fhearr é ná bheith ina easpa (sórt leathfhocal)
Níor cheart dom fanacht sa mbaile le mo shé, dhá dhonacht dhá raibh sé.
+
→
bealach
Níl siúl an bhealaigh anois inti ó chuaigh sí chun donacht le na scoilteachaí.
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú an donacht ar bith atá air le nach bhfuil sé le feiceáil i mbealach ná i ndearmad leis an fhad seo.
Is ait an áit a fuair sí ar bhealach, ach i nDomhnach tá a dhonacht fhéin ann freisin.
→
beanna
Tá na fir ina dhiaidh, ach ó dhonacht iad, is measa dhó na mná. Má thugann sé a bheanna ó na mná, is fear é a bhfuil buannaíocht aige.
→
beart
Níl beart dhá thútaí, ná dhá dhonacht, nach ndéanfadh sé, dhá gceapadh sé go mbeadh balachtáil bheag ar bith ag sroicheadh dhó fhéin.
→
coraice
Rugadh uainín dhom anseo an bhliain cheana ar choraice dhubh na bliana. Ba é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaol ariamh aon díthreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd ina dhiaidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
→
borr
Ní beag don chantalóir sin a dhonacht is atá sé cheana agus gan tusa a bheith ag borradh leis agus dhá splancadh tuilleadh.
+
→
buail
Cáid ó bhuail an donacht é? — cén fhad ó tháinig an donacht (tinneas, lagar srl.) air?
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail donacht eicínt í i dteach an phobail inniu agus b'éigean í a iompar amach.
Níl luí ar bith aige le rud le n-ithe ó bhuail an donacht é — ghlac sé col leis an mbia ó bhuail an donacht é
Is furasta cur chuige anois, go háirid ó bhuail an donacht é go deireanach.
+
→
buille
'Sé dúnadh agus donacht Mheiriceá a thug buille na speirthe do mhuintir na tíre seo. Tá siad gan saothrú ar bith anois.
TUILLEADH (2) ▼
Ó tháinig an méid sin donachta air níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim, ná ní bhuailfidh mura bhfuil ag Dia.
Níl mé chomh croite agus feictear dhuitse. Tá buille sa mbéim ionam fós, míle buíochas le Dia. Cá bhfios don té sin! B'fhéidir go gcuirfinn thusa fós, dhá dhonacht mé.
→
aire
Shoraidh dhíot le caoi a bheith ort! Dhá mhéad aire dhá dtuga mé dhuit, chun donacht a thiocfas tú (déarfadh duine caint den tsórt seo le gamhain, goisín, sicín, banbh srl.)
+
→
airigh
Cá n-airíonn tú an donacht?
TUILLEADH (2) ▼
Cáid ó d'airigh tú an donacht ort féin
Pé ar bith cén mhaith a airím orm fhéin, ní airím donacht ar bith, míle buíochas le Dia.
+
→
anam
Ó dhonacht é, níor mhaith liom a anam a bheith orm.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé réasúnta inné ach tháinig barr air tuairim is ardtráthnóna. Ag dul chun donacht atá sé ó shin, agus tá sé in achar an anama amach is amach anois.
Múinfidh an cladach é, dhá dhonacht d'antlachán é — bíodh sé ag dul 'na chladaigh moch deireanach ag tóraíocht fheamainne agus fágfaidh an cladach réidh é as deireadh na cúise
→
anó
Tá anó agus éalang ar an duine bocht agus ní beag dó a dhonacht — tá sé sách dona ag an gcithréim atá air
→
araoid
Dhá dhonacht sa diabhal a gcáil, ligfidís thart gan araoid thú, ní hé sin do na bacaigh eile é.
→
athraigh
Is mór adéarfá leis an ngeimhreadh, ach dhá dhonacht é, is corruair a d'fheicfeá athrúintí mar seo air
→
flith 1
Níl mórán soip iontu, cé is moite den fhlith sin, ach cé beag dóibh a dhonacht, arsa tusa. Sin í an cailín atá in ann a bplúchadh
Ní chuirim allas ar bith. Is minic a bhíos saothar ionam ach dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, ní chuirfinn ach fraighfhliuchas beag. Donacht chreidim. Ní mar sin a bhínn fadó
Ní grís é sin chor ar bith ach frithmheardáin. Ní beag dhuit a dhonacht. Tá siad sin fhéin sách bioránach
→
fuarú
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le teann donacht a theagas an fuarú allais sin orm! Deile? Murab ea, ní le maith é. Tá sé do mo chothú ar fad anois. Dheamhan agam ach siúl soir chomh fada leis an doras nuair a bheas an sruth liom
→
danra
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
+
→
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn air ach an daol sin ach ní beag dhó a dhonacht. Ní fhágann sí láthar ar bith ann go ceann seachtaine aríst. Is deacair leis a theacht ar a chóir féin uaithi chor ar bith
→
deachma
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionam in imeacht cupla mí. Murach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé
→
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith