Deoin
—Fuaim /d′ūn′/
—ainm-fhocal; buineann
—
toil; rud a thogairt; rud a dhéanamh uait féin.
+–
Rinne sé dhá dheoin féin é = dhá thoil féin
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é, fág mar sin é. Níl gnatha ar bith a dhul 'un droch-mhúineadha leis
TUILLEADH (11) ▼
Mara n-ólaidh sé dhá dheoin féin é, ná tabhair méir ar bith dhó. 'Sí an tsean-mhéir aige anois í. Troisceadh sé anois má's breagh leis = laogh nach n-ólfadh bainne d'fhuireasbhaidh méire
Mara n-ithidh sé dhá dheoin féin é, cé'n mhaith a bheith ag sáraidheacht leis. "Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó." Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air, go mba deacair é a choinneál uaidh
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in don a bhaint dó. Dheamhan a fhios aghamsa an bhfuil
Ná bac len a leithide sin. Fear ar bith nach bhfaca tú ag dul amach ariamh dhá dheoin féin ag an Aifreann, go gcaithfí a dhul dhá shaghdadh amach ann!
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh, marab é a deoin fhéin é. Ise a bhéas síos leis, agus ní h-iad an dream a chuirfeas 'un caitheachtála di é
Tháinic sé aníos agus ní dhá dheoin é = ní raibh aon-fhonn air a theacht
Mara marbhuighidh sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é. (tá rún a mharbhtha aige). Níl cruinneál ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcriogaidh sé é. Ach tá an fear eile féin sáthach áirdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tiubharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
Mara mbeidh iasc aige, ní dhá dheoin é. Ní leigeann sé lá ar bith thairis gan a dhul ar meath. Ach níl aon-bhualadh 'e rath orra chreidim
Deirimse leat mara ndéanaidh sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leith-phighinn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirre scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an áirdeall, nó ní bhfuigheadh sé an tsinseáil cheart uaithe
Mara bhfanaidh sí ann dá deoin, níl agad a dhéanamh ach a díol. Ní fhaca mé aon-bhó ariamh as an ruta céadna nach mbeadh an bhradghail agus an chneámhaireacht ag imeacht léithe
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin é, déanfaidh sé dhá aindeoin é = déanfaidh sé dhá dheoin nó dhá aindeoin é (fc. aindeoin)
Féach freisin
→
ainneoin
Deoin in iontrálacha eile (18)
→
beo 1
Is fhearr do dhuine í 'mharbhú (muc) dhá dheoin fhéin, ná caitheachtáil í 'mharbhú (le tinneas). 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána aghainn'.
+
→
ainneoin
Caithfe tú 'dhul chuig an scoil de do dheoin (dhiúin) nó do t'aindeoin = caithfe tú a dhul chuig a' scoil má's olc maith leat é; mara bhfuil tú sásta a dhul ann, cuirfear ann thú de'n bhuidheachas.
TUILLEADH (13) ▼
Déanfa mé é dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin = déanfa mé é má's olc maith leo(b) é.
Tiocfa mise an casán sin dhá dheoin nó dhá aindeoin.
Chuala mé gur dhubhairt a h-athair léithe go gcaithfeadh sí é a phósadh dhá deoin nó dhá h-aindeoin.
Siubhailfe mise an bóthar sin dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin.
Dhá mhéid treampáin dhá gcuirfe siad ormsa, ní bhacfa sin mé gan a dhul 'na chladaigh, dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin.
Is beag, beag dhá fhonn a bhí air, fuireacht ann dhá dheoin nó dhá aindeoin.
Caithfe sé obair a dhéanamh anois, dhá dheoin nó dhá aindeoin.
Dubhairt sé go gcuirfeadh sé amach an claidhe de mo dheoin nó de m'aindeoin.
Mara dteighe sé ann dhá dheoin, tiocfa sé ann dhá aindeoin = mara bhfuil sé sásta a dhul ann, cuirfidhear ann de'n bhuidheachas é.
Mara dtuga tú airgead domsa de do dheoin, tiubharfa tú dhom é de t'aindeoin.
Mara leige siad isteach muide dhá ndeoin, feicfe tú féin air, go leigfe siad isteach dhá n-aindeoin muid.
Mara bhfagha muid obair dhá dheoin, gheobhfa muid dhá aindeoin í.
Mara dtuga sé aon-tsásamh dhomsa dhá dheoin, tiubharfa sé dhá aindeoin dhom é.
→
deara
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meastú a bhfuighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
→
dána
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
→
téigh do
Tá sé an-tsáruigheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcomhnaí, nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'aindeoin. Ní maith le duine a bheith francuighthe, agus de ghrádh an réidhtigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le goirid, agus fhobair mé rud a bheith ar a shon agam