Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deona (6)

 
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
 
deis
Cé a chuir an deis siúd ar an dúchán móna? D'fhága duine eicínt béal in airde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as agus é a fhágáil faoi thoil deona Dé ansin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
 
díbir
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoil deona féin. Tá siad an-fhaiteach den tsaol
 
Duine dímheabhrach nach mba léir dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí chomh beaite leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoil deona fhéin, bhí aige ligint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneáil leis
 
domhain 1
Tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthu, agus cuireadh amach ar dhomhain na seiscinne iad. Lig siad don churach imeacht sa bhfeacht faoi thoil deona Dé
 
Chuaigh sí le sruth orainn faoi thoil deona Dé