Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dubhaigh
fc. dubh

Féach freisin

dubhaigh in iontrálacha eile (83)

 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
 
danra
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
+
déan 1
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirim). Tá an-smúit ann. Sin dúchan báistí amach ar an bhfarraige. Dhá dtugadh sé traíáil dhom a bheith ón bportach, dheamhan a n-abróinn go brách leis: 'Rinne tú go dona é,' ná cuid de rá!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna garraí N. Ph. aon dúchan fós
 
Tá deatach astu inniu le dúchan (as goirt fhataí)
 
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
 
deo
Go deo go bhfeice tusa an lorga ag breacadh, ní bheidh aon dúchan orthu — nó go bhfeice tusa srl.
 
diaidh
Chaith sé an oíche ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe sna sráideannaí, agus gan aon fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dúchan eile sin — an black-out
 
Déanfaidh an bháisteach seo díobháil anois. Feicfidh tú dúchan amárach
 
Níl an dúchan baol air chomh díobhálach anseo agus atá an lobhadh bán. Suas barr an bhaile is mó atá an talamh cuir anseo, agus tá mianach móna ann
 
Ní raibh gealach ar bith ann, ach bhí díogarnach bheag ar na réalta. Is beag acu sin féin a bhí ann, mar bhíodh an-dúchan ar an spéir scaití. Shíl mé chuile phointe go dtiocfadh sé ina bháistigh ach dar fia d'fhan aige go breá ina dhiaidh sin. Bhí sé ag tarraingt ar an ceathair a chlog shula bhí mé sa mbaile
 
Tá an spray sách dlúsúil anois. Feicfidh tú na fataí dubhaithe as seo go ceann dhá lá. Tá an uair seo an-mharbhánta, agus ní chuideoidh na múraíolachaí seo tada leo (le na fataí)
 
Is dochraí go mór an lobhadh bán ná an dúchan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bharr an dúchain. Is beag is ionann le chéile iad
 
dóid
'Sé a bhí le cuthach inniu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat, ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun drochmhúineadh, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh
+
dubh 3
Dubhóidh mise na súile dhuit an-éasca mura lige tú de do chuid dradaireachta
TUILLEADH (32) ▼
Ní foláir duit an drad sin agat a sciúradh corruair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodta. Tá siad dubhaithe uileag le gairid
Tá na ballaí sin ag duibheachan aríst, théis gur gearr ó cheana ó cuireadh aol orthu. Is gearr go mbeidh siad dubhaithe go maith aríst ag an simléar
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinig dath críon dóite orthu) arú anuraidh ach i mbliana siad na barrannaí atá ag dúchan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
Dhá bhliain ó shin tháinig stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó tháinig an chéad fhear
Is mór atá an oíche dubhaithe ó tháinig mé isteach
Ní thabharfadh sé an oiread is a dhubhódh mo bhéal dom. Tá sé an-ghortach — an oiread is a d'fheicfí in do dhrad (de bheatha, milseáin srl.)
Ní bhfaighidh tú an oiread is a dhubhódh do bhéal di. Dheamhan é muis. Is dona uait fhéin roinnt nuair a bhíos rud agat
Is beag an mhaith d'aon duine leath agus páirt a fhuagairt ar an ngortachán siúd. Ní bhfaigheadh a mháthair an oiread is a dhubhódh a béal uaidh, má bhíonn dúil aige fhéin ann.
Bhí sé dearg i dtosach, agus d'imigh an deirgeadas as agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú, ach ina leaba sin, séard a rinne sé dúchan agus bró thinn a dhéanamh agus b'éigean dom a dul chuig an dochtúr faoi.
Tá an spéir ag dúchan. Tabhair dúchan air. Chugat an dórtadh!
Tá bun na gaoithe ag dúchan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile den lá ceathannach. Déan deabhadh anois go gcrapa muid linn!
Tá an Sunda Salach ag dúchan. Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhúinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shula thiocfas an dórtadh
Breacaimsir í. An t-aer ag dúchan agus na léasáin sin ann gacha le leathuair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
Ní raibh sí leath chomh mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh
Dubhóidh an scéal sin a chroí ach a gcluine sé é, ach m'anam gur beag sin againn, mar gur beag é a thrua féin d'aon duine
Tá criathrach dubhaithe aige ar chaoi ar bith — a lán móna bainte agus scartha aige air; tá talamh dubhaithe aige — curtha, deargtha
Tá cuid mhaith talúna dubhaithe (deargtha, curtha) aige le cupla lá
Tá sé ag dúchan thíos anseo. Féachfaidh an bhreaclach sin leis é freisin — ag deargadh
An bhfuil aon rath ort ag dúchan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garraí Ú. Mh. Tá an craiceann siúd in ann thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cén gníomh atá ionat le talamh, nó an bhfuil tú chomh maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dúchan, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha dhaom (dhíom) féin
Bhí an garraí dubhaithe (dú-aí) againn ach ar tháinig S. G. aniar tráthnóna. Ba in lá oibre: is fhearr é ná píosa talúna go hard. M'anam go raibh agus dubhaithe glan (ní cur maolscríobach nó gaelach a thug muid air)
Tuairim is cion lae d'fhear mhaith atá dubhaithe ann, théis go bhfuil seisean seachtain leis. Ach níl aon bhrí sa ngeospailín údaí, thé (cé) nach raibh aon chailleadh ag obair air scaitheamh. Tá sé leata uirthi siúd ar aon chor
Chugat a gharraí! Má sheasann lánta dhomsa dubhóidh mé talamh as seo go dtí Lá Buí Bealtaine seo chugainn le cúnamh Dé! Dhá bhfaighinn aire mhaith dhéanfainn é arsa tusa, ach is deacair d'fhataí tura a bheith ag comórtas le togha na feola mar atá sé seo thoir a chaitheamh
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhaithe aige leis féin le seachtain. Ginn é! Bheadh ciall ina leithide. Is aoibhinn don bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuí a bheas sí Lá Fhéile San Seáin (beidh seanfhataí aice)
Dubhaíonn siad cúnamh maith de phíosa talúna chuile lá, ainneoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-ionadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairtmhaidin agus ní scoireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do chuile dhuine dúchan a dhéanamh dhá dtéadh sé di chomh dúshlánach sin — as cosa i dtaca. Ach fágfaidh siad ina ndiaidh é chomh maith leis an té a ghlacfas an saol go réidh!
Dar príosta muise ní dhubhóidh sé an oiread den chraiceann sin de rith is de léim mar a rinne sé leis an gcoinleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
Tá dúchan mór déanta aige — garraí na hA., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhaithe freisin aige. Thabharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhúchan. Níl leisce ná drogall air. Tá sé chomh santach ar an drochlá agus atá sé ar an lá breá
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna
Dubhaíonn sé páipéar, bíodh aon mhaith ann nó ná bíodh — breacann sé
Tá tú ag dúchan bail ó Dhia ort — ag scríbhneoireacht
Tá na fataí ag dúchan anois — an dúchan ag teacht orthu; iad ag seargadh leis an dúchan
Ní bhíonn orthu ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — i dtús bliana. Ní mórán le go dtabharfá faoi deara chor ar bith é. Ach caithríonn sé amach agus dubhaíonn siad (fataí) i leaba a chéile, agus ní bhíonn siad inite chor ar bith i ndeireadh bliana
Tá mé ag ceapadh go bhfuil fataí dubhaithe (/duhī/). Bhí siad dubhaithe (/duhī/) nuair a bhí muid dhá lánú anuraidh: is gearr anois go ndubhaí (/ɴuhī/) siad (go dteaga an dúchan orthu)
+
Deir siad gur sa gcréafóig a chruthaíos an dúchan agus go gcaithríonn sé aníos sna dasachaí
TUILLEADH (32) ▼
Amach sa Mí Mheáin a theagas an dúchan. Uair mharbhánta cheo is measa. Sin í a bhuac. M'anam agus ná raibh ag an diabhal go bhfeicfeá na lorgachaí leata leis théis oíche a gcaithfeadh sé crámhar beag báistí
Bhí bliain anseo agus ní raibh oiread leithphínne beo d'aon bharrainn ag gabháil liom Lá Fhéil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhuail sé an taobh faoi den das chomh maith leis an taobh os a chionn. Ní raibh méid dubh na hiongan sna spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroí thú, ní raibh dhá lá go raibh an seanchur fréna chéile ina aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirim níor chás é, ach d'fhostaigh sé na fataí féin chomh maith leis an mbarainn … Sprae a chur orthu! Beannacht Dé dhuit! Ó aimsíos an dúchan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
Níl gair ná gaobhar ag an dúchan ar an mbuíochan. Sháraigh an lobhadh buí sin loirgne dóite
Is beag is ionann le chéile iad. Féadfaidh tú cúl a chur ar an dúchan má thapaíonn tú é, ach tá sé fánach agat aon chúl a chur ar an lobhadh bán. Speireann sé bun na ndasachaí as éadan, agus cuireann sé ó mhaith iad. Tá cuid de na barra garbha sin ar bheagán somhaoine dhá bharr
Déanfaidh sé dúchan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearfa is maolscríobach an cur a thugas sé orthu (fataí). Ar ndóigh sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaí ar bith a dhéanfas dúchan mór dó, beidh sé molta aige. Chonaic mé ansiúd thíos anuraidh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dúchan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orthu
Bhí dúchan mór déanta againn anuraidh shular rug an Márta orainn, ach ba suarach an t-ionadh sin agus an cúnamh a bheith ann. Ní bheidh aon dúchan déanta i mbliana sílim. Is gearr le dhul duine aonraic
Dhá bhfaigheadh siad freastal is orthu nach mbeadh an mhoill dúchan a dhéanamh, ach d'uireasa an fhreastail, tá siad coinnithe siar. An té a chaithfeas síolta a ghearradh agus a scaradh agus aoileach a chur amach, is beag é a fhoghail
Is diabhaltaí an dúchan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé chomh maith dhom a rá nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndearna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur buan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach ar ndóigh níl déantús maitheasa ar bith sa scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléireacht!
Ní prae mhór do dhuine ar bith dúchan a bheith i ndiaidh a láimhe má chuireann sé gaelach iad ar a nós seisean. Níl de ghlaineacht ná de shlacht ann i ngarraí ach an oiread is a bheadh i gcráin mhuice. Is cuma leis sa tubaiste é ach stróic mór a bheith curtha aige tráthnóna
Tá dúchan Achréidh aige seo thíos i dT. na M. Bíonn an-uafás air i gcónaí i dtús bliana, ach níl cur leis ar bith ann. Deir siad nach mbíonn tréan buan (dúchan Achréidh — deargadh nó cur mór mar a d'fheicfeá ar an Achréidh. Bheadh an-tsaothar déanta ansin lá, de bharr na n-acraí atá acu — céachtaí agus eile)
Cén mhaith dhó a chuid dúchain. An bhfaca tú an dúchan a rinne sé anuraidh, agus d'fhága sé mar sin ansin iad gan lánú gan ghortghlanadh gan sprae, nó nach raibh síol aige de bhláth bliana a chuirfeadh sé i dtalamh. Mura bhfaighe cur a chóir féin b'fhearr a fhágáil gan déanamh
"Chonaic siad an dúchan agus an seabhac ag teacht íochtarach" (as seanscéal — An Chú Ghearr Ghlas — m'athair) — toirt dhubh nó ball dubh ar an spéir, nó san aer
Bhí mise fhoisceacht deich míle de Bhournemouth ar D. Day. Is gearr a bhí muid amuigh ag obair nuair a chonaic muid an dúchan ag déanamh orainn. Báid aeir a bhí ann ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer uileag dubh leo. Má bhí ceann ann, bhí fiche míle ann
Chonaic siad an dúchan ag déanamh orthu, isteach ón bhfarraige. Éan mór dubh a bhí ann
Is gearr uaidh ráig eile. An bhfeiceann tú an dúchan atá thiar. Is fhearr dhúinn tarraingt ar chaladh eicínt thar an áit seo, muran linn a bheith bog báite
Tá na tóineanna dubh sin ar an spéir aríst. Loirg an diabhail dóibh. Tuilleadh báistí a chaithfeas sé as an dúchan sin. Ní thriomóidh aon fhód móna i mbliana ach grásta Dé
Múr eile atá ag tolgadh. Is furasta a aithinte ar an dúchan sin é
Ná bac thusa le uair ar bith a bhfeicfidh tú an dúchan trom sin i mbéal na gealaí nua. Níl aon dea-uair fós air
Dhá n-ársaíodh an lá suas as an dúchan seo, b'fhéidir go mbeadh sé inrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon ghotha maith air chor ar bith. Míle buíochas le Dia nach caillte an uair í!
Dúchan sneachta é sin ó thuaidh. Nach bhfaca tú na saighne aréir agus na géabha fiáine ag gabháil thart. Tá tuairt air. Níor mhiste sin, dá mba rud é a bhainfeadh an ghoimh as an uair. Tá a fhios ag mo chroí go bhfuil na daoine craplaithe leis an bhfuacht
Tháinig dúchan chomh mór an lá sin agus go sílfeá go raibh an t-aer buailte ar an talamh. Níor léir dúinn na fataí am dinnéir. B'éigean solas a lasadh
Dúchan toirní é, nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Leagadh sé air anois, feadh is an cheathrú seo a bheith thuas agamsa. Níl aon tuilleamaí agam leis. Tá mo chuid coirce agus féir clúdaithe
D'éirigh dúchan ar an bhfarraige. Shíl muid i dtosach nach raibh ann ach an rosamh, sin nó smúit rabharta. Ach mo léan géar. Ba ghearr gur shéid sé ina ghealstoirm. Bhí an nathair talúna againn an lá sin agus muid a bheith ar an gcaladh roimpi. Ní raibh aon churach a rinneadh ariamh in ann í a bharraíocht
Tá dúchan mór déanta agat bail ó Dhia ort (an-lear scríbhneoireachta). Ag scríobh ag do bhuachaill atá tú bail ó Dhia ort. Ní chuirfeá an méid sin i litir dole ar aon nós
Tháinig Gaeilgeoir go dtí muid thoir ar an mbóthar anuraidh, agus thosaigh sé ag fiafraí dhaoinn (dínn) an raibh aon seanscéal againn. D'ionsaigh orainn ag scaoileadh aige. Mura bhfuair an fear sin bréaga ní lá fós é. Ach dheamhan ar mhiste leis. Chuir sé síos idir mhaith agus olc iad. Rinne sé dúchan ar an leabhar deirimse leat
Bhí dúchan na sráide de dhaoine ann — dubhadh na sráide (fc. dubhadh)
Bhí dúchan na gcnoc de bheithígh aige — bhí na cnoic breac ballach le beithígh aige; bhí na cnoic faoi bheithígh aige
Bhí dúchan an bhóthair agus na páirce de dhaoine ann. Ba é an t-oireachtas is mó a facthas ariamh anseo é. Dhá dtiteadh biorán beag is ar chloigeann duine a thitfeadh sé
"Nuair a tháinig sé ar an mbáinseoigín, bhí sé ag spaisteoireacht síos agus suas, agus ní fhaca sé duine ar bith ann. Is gearr go bhfaca sé dúchan na gcéadta ag déanamh air. 'Mo chrá croí nár fhaighe mé mura holc an job a rinne mé nár lig liom an triúr eile,' adeir sé" (as seanscéal — An Ridire Gaisce — ó Sheán Ó Laoi, Cuilleán, an Cheathrú Rua) — meall nó toirt a bhí san an-mhéid. Laoch eile a bhí ag teacht
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do lao ansin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothram, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúchan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. Aeroplanes Mheiriceá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann
Chuala mé Michael s'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair sa taobh ó dheas do Shasana — Bournemouth — D day agus go raibh dúchan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uileag acu, adeir sé. Nach iad a rinne an íospairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
Bhí an-dúchan ag brocach Bhríd Ní Churraoin. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an sionnach taithithe ann — an talamh taltaithe agus dubhaithe ag béal na brocaí fearacht is dá mbeadh bualadh sionnaigh nó broic ann
 
dún
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na hoíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharraí ina dhiaidh sin shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, ainneoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhaithe agam ó thosaigh sé
 
Bhí an-dúchan ann inniu, ach chuaigh an múr thart ina dhiaidh sin