Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dubhaigh
fc. dubh

Féach freisin

dubhaigh in iontrálacha eile (50+)

 
Níor fhága an dúchan fata de bhláth bliana agam
 
Bhreathnaigh sí thrí fháinne na feiceála agus chonaic sí dúchan na gcéadta ag déanamh uirthi i bhfad uaithi agus ní i ngar di — sórt gloine eicínt; spy-glasstelescope is cosúil (níor chuala mé é ach i scéalta Fiannaíochta)
 
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
 
Drochbhliain a dhéanfas sí, tá faitíos orm. M'anam go bhfuil a chosúlacht lena chois. Níl barrann shlán ag gabháil liom nach bhfuil ite ag dúchan agus gan é ina Fhéil San Seáin fós.
 
Is olc í an cramhar bháistí sin ag fataí anois. Feicfidh tú dúchan amárach nó tá mise ag dul amú go mór.
+
aer
Tá an dúchan ó cheann thoir go dtí ceann thiar an aeir (aer = spéir)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an duifean ag bun an aeir (ag íochtar an aeir); tá sé ag dúchan ag bun an aeir. Is gearr uainn an braon.
Tá an-dúchan san aer thiar (thoir)
+
buinne 2
An bhfeiceann tú an gort sin thiar ag J. Ph. Tá an buinne glas fós ann. Dar mo chúis tá, théis goirt na tíre ruadhóite ag dúchan le mí.
TUILLEADH (1) ▼
In íochtar an bhuinne, in aice na créafóige, a thionsclaíonns an dúchan i gcónaí. Caithríonn sé as sin amach ar na bileogaí. Sin é an fáth go measaimse gur as an talamh a thaganns sé.
 
flaisc
Chreidim gur rinneadh an-fhlaisc anseo thíos inniu. Tá dúchan mór déanta de bharr an lae ar chuma ar bith. Siúd iad na buachaillí le ligean isteach i dtalamh craicinn — go leor oibre
 
Tráthnóna feothannach é. Is fhearr sin fhéin ná báisteach. Ba bheag an braon báistí a chaithfeadh sé anois nuair a bheadh dúchan amuigh
 
Caithfidh sibh ligean den fhuarchúis sin más libh earrach a dhéanamh. Tá sé in am agaibh crú a chur ina thosach, tá sin. Níl aon fhód talúna socraithe agaibh fós i mbliana agus an tír uilig ag dúchan
 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
 
danra
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
 
Tá deatach astu inniu le dúchan (as goirt fhataí)
 
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
 
deo
Go deo go bhfeice tusa an lorga ag breacadh, ní bheidh aon dúchan orthu — nó go bhfeice tusa srl.
 
diaidh
Chaith sé an oíche ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe sna sráideannaí, agus gan aon fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dúchan eile sin — an black-out
 
Tá an spray sách dlúsúil anois. Feicfidh tú na fataí dubhaithe as seo go ceann dhá lá. Tá an uair seo an-mharbhánta, agus ní chuideoidh na múraíolachaí seo tada leo (le na fataí)
 
Is dochraí go mór an lobhadh bán ná an dúchan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bharr an dúchain. Is beag is ionann le chéile iad
+
dubh 3
Dubhóidh mise na súile dhuit an-éasca mura lige tú de do chuid dradaireachta
TUILLEADH (27) ▼
Ní foláir duit an drad sin agat a sciúradh corruair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodta. Tá siad dubhaithe uileag le gairid
Tá na ballaí sin ag duibheachan aríst, théis gur gearr ó cheana ó cuireadh aol orthu. Is gearr go mbeidh siad dubhaithe go maith aríst ag an simléar
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinig dath críon dóite orthu) arú anuraidh ach i mbliana siad na barrannaí atá ag dúchan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
Dhá bhliain ó shin tháinig stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó tháinig an chéad fhear
Is mór atá an oíche dubhaithe ó tháinig mé isteach
Ní thabharfadh sé an oiread is a dhubhódh mo bhéal dom. Tá sé an-ghortach — an oiread is a d'fheicfí in do dhrad (de bheatha, milseáin srl.)
Ní bhfaighidh tú an oiread is a dhubhódh do bhéal di. Dheamhan é muis. Is dona uait fhéin roinnt nuair a bhíos rud agat
Is beag an mhaith d'aon duine leath agus páirt a fhuagairt ar an ngortachán siúd. Ní bhfaigheadh a mháthair an oiread is a dhubhódh a béal uaidh, má bhíonn dúil aige fhéin ann.
Bhí sé dearg i dtosach, agus d'imigh an deirgeadas as agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú, ach ina leaba sin, séard a rinne sé dúchan agus bró thinn a dhéanamh agus b'éigean dom a dul chuig an dochtúr faoi.
Tá an spéir ag dúchan. Tabhair dúchan air. Chugat an dórtadh!
Tá bun na gaoithe ag dúchan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile den lá ceathannach. Déan deabhadh anois go gcrapa muid linn!
Tá an Sunda Salach ag dúchan. Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhúinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shula thiocfas an dórtadh
Breacaimsir í. An t-aer ag dúchan agus na léasáin sin ann gacha le leathuair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
Ní raibh sí leath chomh mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh
Dubhóidh an scéal sin a chroí ach a gcluine sé é, ach m'anam gur beag sin againn, mar gur beag é a thrua féin d'aon duine
Tá criathrach dubhaithe aige ar chaoi ar bith — a lán móna bainte agus scartha aige air; tá talamh dubhaithe aige — curtha, deargtha
Tá cuid mhaith talúna dubhaithe (deargtha, curtha) aige le cupla lá
Tá sé ag dúchan thíos anseo. Féachfaidh an bhreaclach sin leis é freisin — ag deargadh
An bhfuil aon rath ort ag dúchan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garraí Ú. Mh. Tá an craiceann siúd in ann thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cén gníomh atá ionat le talamh, nó an bhfuil tú chomh maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dúchan, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha dhaom (dhíom) féin
Bhí an garraí dubhaithe (dú-aí) againn ach ar tháinig S. G. aniar tráthnóna. Ba in lá oibre: is fhearr é ná píosa talúna go hard. M'anam go raibh agus dubhaithe glan (ní cur maolscríobach nó gaelach a thug muid air)
Tuairim is cion lae d'fhear mhaith atá dubhaithe ann, théis go bhfuil seisean seachtain leis. Ach níl aon bhrí sa ngeospailín údaí, thé (cé) nach raibh aon chailleadh ag obair air scaitheamh. Tá sé leata uirthi siúd ar aon chor
Chugat a gharraí! Má sheasann lánta dhomsa dubhóidh mé talamh as seo go dtí Lá Buí Bealtaine seo chugainn le cúnamh Dé! Dhá bhfaighinn aire mhaith dhéanfainn é arsa tusa, ach is deacair d'fhataí tura a bheith ag comórtas le togha na feola mar atá sé seo thoir a chaitheamh
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhaithe aige leis féin le seachtain. Ginn é! Bheadh ciall ina leithide. Is aoibhinn don bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuí a bheas sí Lá Fhéile San Seáin (beidh seanfhataí aice)
Dubhaíonn siad cúnamh maith de phíosa talúna chuile lá, ainneoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-ionadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairtmhaidin agus ní scoireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do chuile dhuine dúchan a dhéanamh dhá dtéadh sé di chomh dúshlánach sin — as cosa i dtaca. Ach fágfaidh siad ina ndiaidh é chomh maith leis an té a ghlacfas an saol go réidh!
Dar príosta muise ní dhubhóidh sé an oiread den chraiceann sin de rith is de léim mar a rinne sé leis an gcoinleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
Tá dúchan mór déanta aige — garraí na hA., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhaithe freisin aige. Thabharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhúchan. Níl leisce ná drogall air. Tá sé chomh santach ar an drochlá agus atá sé ar an lá breá
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna