Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhchrónach
/duxrūnəx/
ainm-fhocal, fireann
crónachan na h-oiche; tuitim na h-oíche; an tráth sin den choinioscar a mbíonn sé idir dubh agus crón. "the gloaming". (Níl an focal seo ar "Black and Tans" san gcaint ach is cosúil gur ón dath dubhchrón a tháinig sin. Tá dubhchrón san gcaint).
+
Tháinig mé abhaile le dubhchrónach na h-oíche.
Ní raibh sé dubh amach agus amach, ach bhí sé na dhubhchrónach
TUILLEADH (5) ▼
An tráth seo bhliain ní thuiteann oíche chor ar bith. Fanann sé ina dhubhchrónach, nó go dteigheann an fáinne bán sin ó thuaidh soir, agus gealfaidh lá aríst ar an bpuinte = na h-oícheantaí faoi Mhí Meáin
Nach shin é ina dhubhchrónach oíche é cheana féin. Seogaí! Cuirigí bealadh faoi na h-ioscadaí go beo. Tá beithigh le bleán agus le freastal fós romhainn san mbaile
Bíonn sé amuigh leis an bhfáinne bán chuile mhaidin, agus diabhal isteach aríst go mbeidh an dubhchrónach ann, agus go minic in a dhiaidh. Sin é an talmhaí agad! Diabhal bréag!
Níl aon-lá ariamh féin nach mbéarfadh dubhchrónach na h-oíche air ar bhóithrí R. an Mh. Ach tá diúltú aige roimh a dhul siar ar fad le goirid. Go dtí an geábh sin fhéin anois, níor facthas siar é le saol agus aimsir.
Caitheann sí a bheith san mbaile luath chuile thrathnóna nó bheadh a "meaimí" le cuthach. Ach féadann sé a bheith dhá diúrnadh leis scathamh faoin aill annsiúd leis an dubhchrónach

Féach freisin