Dubh-
—Reímmír le ainm-fhocla, aidiachta, aidiacht-bhriathra.
—Tabhair faoi deara sna somplaí réamhráite go bhfuil an bhéim ar dubh .i. dubh-shnámh agus rl., ach le dubh- bíonn an bhéim ar an ainm-fhocal, ar an aidiacht nó ar an aidiacht-bhriathar a theagas ar a lorg. Sé a mhalrait leis an réimmír "do-" é. Fc. do-. Ní chiallaíonn sé fearacht agus sna somplaí réamhráite (i) dath. (ii) droch-cháilíocht san ainm in a dhiaidh (dubhscríb, dubhdhraíocht agus rl.) ach tá an t-adhmad céanna le baint as agus atá as an réimmír fíor (fíor-dhona agus rl.). Is treise é ná an- ach níl réim ro- aige.
—Tá an réimmír "dubh-" an-tréan i gcaint go h-áirid i gCois Fhairrge. In áiteachaí eile (Rosmuc agus rl.) is mó a bhíos fíor- aca ná é.
—
+–
Gabhfaidh sé an dubh-aois. Ní raibh duine ar an bhfeáin aca sin nach bhfuair an-tsaol = gheobhaidh sé saol fada
Ba cheart don athair a bheith an dubh-aois anois. M'anam go bhfuil aois chothrom ag an mac féin anois
TUILLEADH (28) ▼
Rinne tú an dubh-chodladh bail ó Dhia ort. Codladh mhná Dhoire an Fhéidh adeir siad, ó Dhéardaoin go Domhnach
Dhéanfadh sé an dubh-chodladh dhá bhfágtaí ann é. Ní iarrfadh sé eirghe go deó
Dubh-mheirbhean báistí é seo. Déanfaidh sé tuairt anois = an-mheirbheadas nó bróthall báistí é seo
Bhí an dubh-mheirbhean ann inniu. B'éigin dom chuile shnáth dhá raibh orm a chaitheamh dhíom (idir-dhealaigh meirbhean agus meirbhthean = meirfean)
Fuair sé dubh-iarraidh. Bhí an tseamair Mhuire aige nachar ghiorraigh sí leis ar fad
Bhí dubh-shiúl faoi; bhí an dubh-shiúl faoi = an-tsiúl amach agus amach
Tá an dubh-ghaisce aige faoin ngníomh atá ann fhéin. Chonnaic muide dhá fhéachaint cheana é, agus má chonnaic fhéin, ba dona é. Dheamhan ní ba mheasa
Tá dubh-eirghe in áirde ag na gasúir sin. Dhá mbeadh an scoil tosuithe aríst, ba mhór an suaímneas do na daoine é
Rinne sé dubh-bháisteach (/du-wāšd′əx/) aréir
Bhí dubh-thráigh ann inniu. Bhí Carraig an Duilisc leis
Tá dubh-chruach (mhóna) amuigh aige. Gabhfaidh sí siúd an leathchéad gan stró ar bith
Chítear dhom go bhfuil dubh-ghála ag eirghe. Meastú an raibh an feóchan seo geállta san "álmanaic" …
Ní fuláir dhuit dubh-dheifir a dhéanamh le breith istigh air anois. Bíonn sé greadtha ar an dá luath agus a mbíonn a chuid tae ólta aige.
Tá dubh-chaint aice faoin a dhul go Sasana go gairid. Ach níl ann ach caint cheapfainn
Fear é a bhfuil an dubh-spreacadh ann
Tá dubh-acmhuinn aige ar fhuacht agus ar fhliuchán
Tá dubh-phian orm isteach in mo thaobh, agus sílim nach arrainn í. Bíonn sí ag priocadh liom go mór le tamall
Tá an dubh-fhuacht orm agus is diachta dhom sin, arae tá an-chlúdadh orm.
Bhí dubh-sheanmóir aige inniu = seanmóir an-fhada
Sin dubh-bhréag muis = bréag thar cíonn
Chuir sé dubh-mhilleán orm faoin gcapall
Tá dubh-bhaint déanta aige ar an bportach siúd anois = go leór móna bainte aige; go leór den phortach bainte aige
Tá an dubh-sheasamh agad agus éisteacht leis sin
Tá dubh-chaitheamh san bpíopa seo, ach is beag an dochar dhó, agus an chaint atá taobh istigh air
Tá dubh-bhruith ag an bhfeoil sin = bíonn sí an-fhada ag bruith
Shílfeá go ndeárna sé dubh-mhagadh fút. Tuilleadh diabhail agad a d'éist leis!
Tá dubh-bhéal air = béal gránna; gráiscín
Tháinic dubh-olc (dubh-fhearg, dubh-spadhar agus rl.) air nuair a rinne mé an méid sin a shamhlú leis. A dheárthair mo chroí ba é an droch-pheata é
+–
Duine dubh-bharainneach é ag déanamh chuile shórt
Tá sé dubh-chantalach má chuireann tú chuige ná uaidh
TUILLEADH (14) ▼
Bean dubh-bhréagach í. Scéal ar bith a chloisfeas sí cuirfidh sí a dhá oiread air agus a bhí ann
Teach dubh-mhór é. Ní chreidfeá ach an áirge atá ann
Tá siad dubh-mhór le chéile anois th'éis gur gearr ó bhí siad ag dul san bpíobán agán a chéile
Caracháinín dubh-thaghdach é, le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé san domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na druinne air.
Fainic thú fhéin Dia aithnighear! Tá an scian sin dubh-ghéar
Tá an aimsir dubh-bhreá glóire do Dhia
Duine dubh-ghnaíúil é, an té a mbeidh aon-bheann aige air, ach is duine san gcéad é sin
A mhic ó go deó, tá sé siúd dubh-láidir. Níl aon-ghoir agadsa dhul ag dréim leis ar chaoi ar bith
Tá an stól sin dubh-chorrach. Seachain a ndéanfá cleas an tradhaill dó.
Feicthear dhom go bhfuil an oíche dubh-gheal
Ní chorróidh mé as an áit a bhfuil mé. Tá mé dubh-thuirseach
Tá méir liom dubh-thinn. Déarfainn go bhfuil sí ag déanamh braoin
D'fhága tú an sugán dubh-ghearr
Tá sé dubh-bhróllach (brothallach) = an-mheirbh
+–
Tá sé dubh bhuailte de bharr na bainse
Tá na beithigh dubh-thuithte ó'n aonach cheana = anuas san bpradhas
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé dubh-chraiplithe anois. Níl lúd ar bith fanta ann
Tá an bhróig seo dubh-chaithte. Níl an feire féin innte anois
Tá mé dubh-bhuailte suas as mo chosa. Dheamhan coisméig shiúil ar bith ag fanacht agam.
Tá sí dubh-chlaoite an créatúr. Níl ann ach go bhfuil sí indiaidh a chéile
Tá an garraí sin thiar dubh-chrínnte (creinnte) anois. Níl gionnóid (dionnóid, deannóid) air
Tá mé dubh-thugtha anuas le cupla mí = an-chaithte claoite
Tá an carraigín seo dubh-thriomuithe. Níl cúram níos mó tuair air
Tá an bóthar siúd dubh-dheasuithe ó a bhí mise air go deireannach
Deir siad go bhfuil a chois dubh-bhriste … Tuitim de bhord lorry an lá faoi dheireadh. Tá na sean-lorraíochaí sin cleasach ach an oiread le rud
"Cripes" tá an balla sin dubh-scartha. Mara dteighidh caoi air gan mórán achair, tuitfidh sé anuas in a bhrúisc
Bhí sé dubh-choipthe nach leigfí é féin ar an mbainis
Tá sí dubh-leigthe léithe féin = dubh-bhainte amach
Tá an pórtar sin dubh-rodtha. Tholgfadh sé duine
Tá an bhó sin dubh-thóigthe (ní "do thóigthe" agus an bhéim ar an gcéad siolla do)
Tá mé dubh-thugtha = an-tuirseach