Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fíor (68)

 
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
 
dáimh
Tá dáimh aici sin le chuile dhuine sa tír más fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aici sin é
 
dairt
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
 
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
 
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
+
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
TUILLEADH (1) ▼
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort! Tá iníon agamsa agus sháródh sí ceart críochnaithe thú. Tá gruaig mo chinn tite ag géaraíocht uirthi, ach b'fhearr dhom in mo chónaí, scáth a dtugann sí d'aird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphínne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nár féachadh le fír na maitheasa a chur inti, ach is cosúil nár cuireadh ina dhiaidh sin
 
'Tá P. thar cionn,' adeir sí. 'Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha de N.' Más fíor di féin é, níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil sna coláistí cheana
+
déan 1
Gabh síos ann agus déan do ghealladh fíor — comhlíon do ghealladh
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé a ghealltamas fíor ina dhiaidh sin
Déan do ghealltanas fíor do do dheartháir
Nach maith uaidh an bhréag a dhéanamh théis chomh diaganta agus atá sé más fíor dhó fhéin
 
Nach bhfuil an cúpla sin déanta suas le chéile aríst. Má b'fhíor go raibh an brachán dóirte: troid na mbó maol a bhí ann sílim
 
Cén chaoi a bhféadfadh aon déantús maitheasa a bheith ann, nuair nár cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca trua. 'Sí an pheataíocht sin a d'fhága é sa gcruth a bhfuil sé, gan maith gan maoin
 
deara
Mura gcuire tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leadaí
 
dearmad 1
Níl aon eolas aici ar na cruacha móna más fíor di féin, agus as mo chruaichse a thugas sí i gcónaí í (an mhóin) i ndearmad
 
Cén siopa a mbíonn sí ag déileáil ann anois. Ghníodh sí déileáil cuid mhaith sa siopa ó dheas, ach chuala mé gur athraigh sí ó thuaidh le gairid, más fíor é nó nach fíor
 
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
 
Deir siad go bhfuil an bheirt deisithe le dhul go Meiriceá más fíor é. Chreidfinn go bhfuil ar chaoi ar bith. Rugadh thall eisean, agus bhí sise ann cheana freisin
 
deoir
Caitheann sí an lá ag bualadh a huchta agus deora aithrí léithe más fíor di féin, ach sin í an t-uisce faoi thalamh. Is breá uaithi geábh cúlchainte a dhéanamh má chastar léithe an té a éistfeas léithe taobh amuigh
 
diaidh
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
 
Tá sé an-dícheallach ag obair. Dhéanfadh sé an oiread le triúr nuair a thosaíos sé. Dheamhan tuirse ar bith a bhíos air. Ar ndóigh chuaigh fír na maitheasa ann in am
 
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé díchúis air. Tá fíor-dhroch-chroí aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaol mar is mór leis chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
 
Istigh ag bearradh agus ag diogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá pointeáilte más fíor di féin. Bheadh chuile chleite ag gabháil leo ar sliobarna ar an gcuid s'againne, agus dheamhan diogáil a dhéanfaí orthu muis
 
Is deas an chaoi atá air anois agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar don diabhal aige ó chaithfeas mé a rá leis! Bhí slí agus seifte aige ansin agus tháinig an oiread aige ón dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól agus ag gobaireacht má b'fhíor dó féin. Ba in í an gobaireacht eile muis. Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhullán ansin thoir i mbliana a cheannaigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste iontu. Cén chaoi a bhféadfadh fear den tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!
 
díol 2
'Sé an díol magaidh is mó sa tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin, agus níorbh fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Ainneoin an méid sin, rinne siad siúd nead ina chluais nó gur bhuail siad air í: bean atá chomh sean leis an gceo agus í caoch agus bacach agus gan cianóig rua de spré aici
 
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
 
Is furasta a aithinte céard atá uirthi: díomhaoineas. Ní dheachaigh fír na maitheasa inti nuair a bhí aige a dhul inti
 
Chuala mise go mbíonn giúirinneacha ag fás ar fhear do thírese. Ní móide gur fíor dhóibh é! — le fear as oileán adúradh
+
An ceathair a chlog! Ní féidir! I nDomhnach, chreidim gur fíor dhuit é. Tá an lá ag diúltú den tsolas
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil lampa agat níl aon ghnaithe amach anois agat. Beidh an oíche chomh dubh leis an bpúca gan mórán achair. Tá an ghealach ag diúltú dhá solas. Níl ann ach sceallóigín gealaí fós, agus is gearr go dté sí faoi. Déanfaidh sí fíor-dhrochoíche freisin …
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
+
dligh
Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Muran bog a fhaigheas sé na daoine más fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne nuair a dhlífeas sé lá oibre dhúinn, rud nach ndlíonn. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imithe ag obair aige chuile lá sa mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin chomh cóir sin faoin rud a bhíos aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
 
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin
 
dlús
Bhí mé ag éisteacht le fear ag speecháil ansin thoir an lá faoi dheireadh. Má b'fhíor dó siúd, rinne siad cat agus dá rioball. Tháinig sé go dtí an béal agam fiafraí dhó, ó bhí sé chomh bastallach, tuige nár cuireadh dlús le rud eicínt anseo a thabharfadh slí bheatha do na daoine thar is iad a bheith meata ag rith anonn is anall go Sasana
+
Más fíor don mhisinéara, níl ní ar bith faoin saol chomh dochrach leis an bpoitín. Má tá sé chomh dona sin is iontas go mbeadh aon phlé ag sagairt leis — agus bíonn
TUILLEADH (1) ▼
Tuige nach mba dochraí an cancer ná an eitinn. Leigheastar cuid mhaith daoine as an eitinn anois, má théann duine roimpi in am, ach maidir le cancer, níl aon leigheas ina chionn má bhuaileann sé duine. Deir siad go mbíodh seandaoine dhá leigheas fadó le luibh eicínt ach ní maith go gcreidim é sin. Bhídís ag leigheas chuile shórt má b'fhíor dóibh féin. Is mór an t-ionadh go bhfaigheadh duine ar bith bás an uair sin!
 
Casadh fear linn ag coirnéal na sráide. D'iarr muid an t-eolas air. Chuir sé ar an eolas muid ar mhodh, ach bhí beagán sásaimh le fáil uaidh ina dhiaidh sin. D'fhan an fear seo thíos ina éadan. Níorbh fhéidir a thabhairt uaidh. Tá an fear seo thíos an-doghrainneach nuair a thograíos sé é. Chaith sé ansin ag siúite leis agus ag cur cheisteannaí, agus é chomh barainneach má b'fhíor dó féin. Shíl mé féin gur ag tachtadh a chéile a thiocfaidís as a dheireadh. Bhí imní ag teacht orm
 
Má b'fhíor go raibh chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach sa gcogadh den bhuíochas. Diabhal Éireannach ar bith a tógadh ar a shon sin mura raibh a chiontsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Ba é sin a fhearacht ag na hÉireannaigh i Sasana é. Bhí an tÉireannach in ann a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh ina gcraiceann rompu
 
dóigh 1
Ní abródh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rá uileag, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theanga féin — ná cailleadh ar bith
 
dol 1
Tá a fhios ag chuile dhuine acu céard é dola an chinn eile más fíor dóibh féin
 
Tháinig an domhnaíocht raic (wrack) anseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cén mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóraíocht dhá mbeadh sé taobh lena dtugann na póilíos de cheathrú shábhála uirthi. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneáil dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach i nDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaigheann duine ar bith breith a bhéil féin
 
dona
Bhí sé go dona tinn inné, má b'fhíor dhó féin, ach feicim amuigh ag obair inniu aríst é
+
Bhí donacht air le bliain má b'fhíor dhó fhéin, ach is beag an donacht atá anois air ag goid mhóna!
TUILLEADH (1) ▼
Más fíor di fhéin, is uirthi atá donacht an tsaoil
 
Níl a fhios agatsa ach an oiread é, más fíor duit féin. Ach deile cén chaoi a mbeifeá. Deartháir do Thadhg Dónall
+
Bíonn sé ag imeacht ina dhuine dhoscúch ag bainseachaí agus ag céilíochaí más fíor dó féin. Ach níl sé leath chomh doscúch agus atá a ligean amach. 'Siad na scéalta a chloiseas sé sin ag daoine eile a bhíos aige féin: go ndearna sé féin iad mar dhóigh dhe
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, théis gurb aige a bhí comhairle an duine doscúch. Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dtéinn go mbeadh aiféala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nár chaith sé féin tamall i gcomhar leis ach bhraith sé é féin in am
Má tá barúintí do leasa fút, glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúch agus éireoidh tú as an obair sin, agus tabharfaidh tú aire do do gheadáinín talúna. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agat sin. Chaith mé coraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag fóint don tír má b'fhíor dom féin, ach is beag aird a bhí ag an tír orm nuair a bhí mé i ngéarchall. Meas tú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteoidh ná leatsa. Is beag an baol uirthi. Mar adúirt mé cheana leat, is measa dhuit do gheadáinín talúna ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shochar agat é
 
droch-
Fíor-dhrochlá é
 
Ghreamaigh sé dhó sin a bheith ina dhrochdhíolaí. Ar ndóigh bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcónaí ag imeacht ag iarratas agus an té a thabharfadh aird uirthi ní dhéanfadh sí aon díolaíocht go brách leis. Bhí sí uair anseo agus cíos ag teacht trasna uirthi, agus tháinig sí aníos chugam agus mé ag obair i ngarraí na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugat, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann ina shnáth mara le linn an chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíoraíocht ag tuineadh léithe shula fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
+
droim
Bhí sé ar dhroim na muice má b'fhíor dhó féin nuair a phós sé í sin, ach ina leaba sin, 'sé bóthar na muice báine amach atá sé a fháil anois. Ní den chríonnacht an chinnteacht i gcónaí — ní hea sin
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig siota bheag goimhiúil isteach thrí shiúntaí an dorais ansin aréir agus dúirt mé ar an bpointe le M. Bh. a bhí anseo ar an teallach go mba siota é a bhí ag éirí de dhroim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. Nuair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biathú leis
An gcreidfeá go liathfadh ceann duine de dhroim oíche — oíche amháin. Chreidfinnse é. Is mór atá imní nó faitíos cráite in ann a dhéanamh. Tá a chomharthaíocht lena chois. Chonaic mé é. Chonaic mé fear a raibh gruaig air chomh dubh leis an bhfiach. Chonaic mé é mar a d'fheicfinn inniu é, agus lá arna mhárach, ba liathcha é ná aon duine dhá bhfaca mé in mo shaol ariamh. Is fíor dhom é. Ba é an taispeánadh is mó dhá bhfuair mise ariamh é. Ní raibh oiread agus an ribe ina chomharthaíocht féin ar maidin. Tá aithne ag cuid agaibhse ar an bhfear chomh maith liomsa …
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus ina dhiaidh sin féin, ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siúl ann … an tOireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosúil. Sin é a chuir de dhroim seoil é. 'Sé a bhí deas air
 
Is furasta a aithinte nach ndeachaigh fír na maitheasa in do dhromán agus an drogall atá ort thú féin a lúbadh. Feicfidh tú féin gurb eo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asat. Isteach leat i ngabhal an bhara sin go bhfeicfidh muid cén gníomh atá ionat
 
duán
Splanctha i ndiaidh fir atá an chlann iníon sin uileag aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orthu féin i scátháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, más fíor dóibh féin ansin tráthnóna, agus a gcuid eochraí ar an duán acu. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar i ndiaidh an scaoinn ard sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
 
dubh 2
Siúcra. Níl oiread agus dubh na fríde ag gabháil linn, nó níl a fhios cén uair a bheas. Níl sé ag lucht na siopaí más fíor dóibh fhéin na laethanta seo
 
Tá dubhadh na mbóithrí soir ansin inniu. An chúirt chreidim. Ní fhaca mé an oiread daoine go hiomaí agus atá cruinn ann inniu. Beidh fíor agus bréag ansin mo choinsias. Níl go dona ann ach an té a chaithfeas éisteacht lena gcuid glagaireacht sin go tráthnóna. Tá mé ag ceapadh nach buíoch a bhíos an giúistís dóibh go minic muis, agus iad ag iarraidh an dubh a chur ina bhán air
 
Isteach liom ag déanamh aicearra má b'fhíor dhom féin, ach ba in é an t-aicearra a fhóbair a theacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise trasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na boinn é, ach níor leis-sean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaolbhearna ach chuaigh sé idir mé agus í …
 
dúil
A Dia dhá tharrtháil! D'ól sé gloine phoitín. Is gearr ó nach raibh dúil dubh ná dath aige ann má b'fhíor dhó féin. Ach 'siad an dream sin a bhíos dhá cheilt is measa a bhíos ina mbruithshléacht nuair a thosaíos siad
 
duine
Is fíor dhuit é a dhuine chroí
 
Tá le rá, más fíor é, gurb é atá le theacht anseo thoir
+
Tá chuile earra ag dul thar a luach anois ó thosaigh an cogadh. Nach fíor dhom é?
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé ag dul tharam é, ach níl a fhios agam an fíor bréag é. Thiocfadh dó gurb é an fhírinne é mar sin féin
Meas tú an mise atá dhá chumadh. Is beag an baol. É a chloisteáil ag dul tharam mar sin: sin é a bhfuil d'údar agamsa leis. Más fíor nó bréag é, ní deas an scéal é ar chaoi ar bith