→
ainm
gleacaíocht (6)
→
beart
Sin beart eile atá sé a chur ina shuí anois, an cneámhaire, le é fhéin a dhaingniú isteach tuilleadh. Dheamhan a athrú ariamh! An féidir a bheith suas lena chuid gleacaíochta chor ar bith?
→
ainm
Le gleacaíocht má b'fhíor dhó fhéin, a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfaidh an ghleacaíocht daor air feadh is na póilíos dhá fháil amach air (fc. gleacaíocht)
→
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
Tá dliteanas mór amuigh ag Meiriceá ar Shasana ach measaim nach bhfuil aon rún ag Sasana a íoc. Tá siad ag dul anonn is anall leis an scéal ó bhí an cogadh ann (cogadh 1914) agus dhá chur ar an méir fhada i gcónaí. Sin páirt de ghleacaíocht Shasana. Tá na fir is smeartáilte (smart) faoin domhan inti agus níl aon mhaith d'aon duine a athrú a rá
→
déileáil
Ná bíodh aon déileáil agat leis an mbean sin chor ar bith. Tá an ghleacaíocht ag imeacht lena cineál fré chéile, agus ní fearr léi duine a mbeidh sí ag imeartas air ná ort
Chuaigh sé chun críonnachta agus chun gleacaíochta ó himríodh air fadó faoin airgead. Ní bhfaighfear chomh bog aríst é go ceann fada sílim