→
aire
strapa (10)
→
fáinneog
Bhí fear ina shuí thuas ar fháinneoig an lorry agus greim aige ar an gcruib. Dar fia ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suínn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin
→
fálróid
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad in ann ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, ligthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair ná ar strapaí
→
aire
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
→
amuigh
Rugthas ar mo chois sa strapa agus tá faitíos orm, mura bhfuil ag Dia, go bhfuil sí amuigh.
Nach lena aghaidh sin atá sí ann. Cén mhaith di a bheith ina bean leanna mura bhfuil sí in ann an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneáil ar strapa go gcaithe tú an chianóig dheiridh. Bóthar agus bata a thabhairt duit ansin. Is cóir adúirt an té adúirt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtabharfaidís dom lóistín na hoíche"
Mise ag tnúthán go dtabharfadh sé ceann de na faoitíní dhom ó casadh mé in éindí leis sa gcurach. Ní ghiorródh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá strapa againn. Cén bhrí ach mise is mó a mharaigh iad. Dá mbeadh sé taobh lena chuid féin, ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thabharfadh sé siúd faoitín do Dhia shúlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad
Cé hí an bhean mhór dhradgháireach a bhí i lár báire. Ba gheall le bean Gh. fadó í: G. an jumper, má ba í a bhean fhéin chor ar bith a bhíodh ag imeacht ar strapa soir agus anoir ansin aige
Is minic a chonaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc ansin agus mé ag breathnú orthu as seo. Tá faoi na huláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agat, ba gearr a bheifeá ag marú strapa éisc ann …