Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damanta, damantach
Aidiacht
Bíonn an dá leagan — damanta, damantach — ar an bhfocal seo
malluighthe.
a.
·
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spiadóireacht ar Mhac Dé
Tá sé sin damanta má damnuigheadh aon-duine ariamh — ach diúltaigheamuide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéanaidh Dia grásta air!
+
"Má's peacadh a bheith buidhe, tá na mílte damanta" (sean-fhocal) = má tá rud áirid contráilte, mí-cheart, mí-chuíbheamhail, éagcórach, nó as compás, tá gach uile dhuine cionntach, mar is rud é a ghníos gach uile dhuine
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroidhe. 'Ar ndú' má's peacadh é bheith buidhe nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (3) ▼
Ghoid tú cupla uailín móna ar chruadhóig! Bíodh unsa céille agad a dhuine sin! Ar chuala tú ariamh é, má's peacadh a bheith buidhe, tá na mílte damanta. Bíodh a fhios agad an méid sin!
Ná tabhair áird ar bith ar fhocla de'n tsórt sin. Ní aige-san amháin atá siad. Má's peacadh a bheith buidhe tá na mílte damanta
Tá eitinn ionnta! Dar príosta muise mara bhfuil le casadh leo ach an méid sin, ní cás dóibh é. Má's peacadh a bheith buidhe, tá na mílte damanta. Ní h-ionann anois agus ariamh. Bhíodh náire ar dhaoine fadó a amhdachtáil go mbeadh sí in aon-duine a bhainfeadh leo, ach níl ceilteamas ar bith aca anois air.
b.
míonósach, mioscasach, míostáideach, dalba, diabhalta, mío-chomhairleach, dona, olc, uathbhásach, millteach, bioránach, díbheirgeach.
+
Chuala mé gur buaileadh P. go damanta Oiche Fheil' Stiopháin. Tuilleadh ghéar do'n diabhal aige. Is fada é dhá thuaradh sin dhó féin
Níl sé ag sioc an-damantach anois. B'fhéidir gur gearr uaidh claochmú
TUILLEADH (6) ▼
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom
Is damantach an chaoi atá air. Níl snáth de na seacht n-éadaigh air, ach ag imeacht mar sin ins na briollachaí. Is geall le ceannuidhe mála é
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. [Má] mhaireann dó ar an dubhachan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fheile Pádraig.
Nach damanta an conuas fir é. Luighe fiadha a bhí a chur air le fadhb. Duine ar bith a dhéanfadh cleas de'n tsórt sin bheadh sé sáthach maith aige
Nach damanta na goithtí atá aige. Diabhal mé go sílfeá gur leis féin an baile
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an ghiodáinín talmhana sin do na dílleachtaí bochta. Déarfá go mbadh bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi.

Féach freisin

damanta in iontrálacha eile (1)

 
dóigh 3
Má sin poll dóighte ar a chóta muis, go bhfóiridh Dia ar thuilleadh. Mara bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuidhe, 'séard adéarfainnse: "má's peacadh a bheith buidhe tá na mílte damanta". Cá'il an té nachar ith an dream a bhain leis min bhuidhe