Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damanta, damantach
aidiacht
bíonn an dá leagan — damanta, damantach — ar an bhfocal seo
 mallaithe
a.
·
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spíodóireacht ar Mhac Dé
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
+
"Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta" (seanfhocal) — má tá rud áirid contráilte, mícheart, míchuibhiúil, éagórach, nó as compás, tá gach uile dhuine ciontach, mar is rud é a ghníos gach uile dhuine
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroí. Ar ndóigh más peaca é bheith buí, nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (3) ▼
Ghoid tú cupla uailín móna ar chruóig! Bíodh unsa céille agat a dhuine sin! Ar chuala tú ariamh é, más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta. Bíodh a fhios agat an méid sin!
Ná tabhair aird ar bith ar fhocla den tsórt sin. Ní aigesean amháin atá siad. Más peaca a bheith buí tá na mílte damanta
Tá eitinn iontu! Dar príosta muise mura bhfuil le casadh leo ach an méid sin, ní cás dóibh é. Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta. Ní hionann anois agus ariamh. Bhíodh náire ar dhaoine fadó a amhdachtáil go mbeadh sí in aon duine a bhainfeadh leo, ach níl ceilteamas ar bith acu anois air
b.
mínósach, mioscaiseach, místaideach, dalba, diabhalta, míchomhairleach, dona, olc, uafásach, millteach, bioránach, díbheirgeach.
+
Chuala mé gur buaileadh P. go damanta Oíche Fhéil Stiofáin. Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Is fada é dhá thuaradh sin dhó féin
Níl sé ag sioc an-damantach anois. B'fhéidir gur gearr uaidh claochmú
TUILLEADH (6) ▼
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmaid díom
Is damantach an chaoi atá air. Níl snáth de na seacht n-éadaigh air, ach ag imeacht mar sin sna breallachaí. Is geall le ceannaí mála é
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
Nach damanta an cunús fir é. Luí fia a bhí a chur air le fadhb. Duine ar bith a dhéanfadh cleas den tsórt sin bheadh sé sách maith aige
Nach damanta na goití atá aige. Diabhal mé go sílfeá gur leis féin an baile
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi

Féach freisin

damanta in iontrálacha eile (1)

 
dóigh 3
Más in poll dóite ar a chóta muis, go bhfóire Dia ar thuilleadh. Mura bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuí, séard adéarfainnse: "más peaca a bheith buí tá na mílte damanta". Cá'il an té nár ith an dream a bhain leis min bhuí