→
de
dhi (50+)
→
focal
Níl gnatha tada a innseacht dhi sin, mar cuirfidh sí ionntú an fhocail air. Ní theagann iadhadh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síor-mheilt 'ar ndú', meileann sé mín agus garbh
→
fág gan
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fág
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'innis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaithtí)
→
fálróid
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad indon ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, leigthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair, ná ar strapaí
Bhí an oiread tairt air, a's gur scríob sé an chaile mhineog de linn atá tae(bh) istigh de chlaidhe annsin thiar ar thalamh J. Ph., a's d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid [ann] fanacht go bhfaghadh sé deoch tigh Ch.
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh a' chéad-fhear. A's mara bhfuil ag Dia, ní tús ná deire dhi. Tá'n camán luaithe chomh gártha sa teine anocht, a's bhí sé oidhche ar bith le seachtmhain.
→
ceal 1
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chomhnócha mise, go seasa mé thíos ar a h-urlár, a's go n-innsighe mé dhi, cé h-iad brothtuinn bradach na h-eitinne, a's déanad sí a rogha ceal di. Ní fhéadfa sí goirm chúirte a chuir orm ar aon-nós, faoi'n fhírinne.
Cheannuigh mé capall aniar as Conamara annseo an bhliadhain cheana, a's níor mhór duine dhá cinnireacht leis a' treabhadh idtoiseach. Ach tá sí taithighthe leis anois, a's níl go dona chor ar bith dhi.
Nar thuga Dia dhi níos fhearr é muis má d'eitigh sí é, ingeall ar a' méidín sin claon-fheachainte 'bheith ann! Dheamhan a' sásóchadh a' saoghal cuid de na daoine.
Is beag a' dochar dhi sin a bheith in a coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith a's a maoin.
Tá sí cruadh coinneálach, gar dhi fhéin = tá sí cruinn baileach cumhang, a's is beag aice cá luigheann an bhróg ar an té údan eile.
→
comaoin
Níor chumaoin a' bith dhi, mo mhac-sa a mhaslú, a's marach í bheith in a streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo, a rinne sé sin foghaint di.
+
→
cosacán
Mara gcuire tú cosacáin ar a' gcaora sin anois, tiubharfa sí an scóid dhi fhéin. Baoghal uirre sin fanacht annseo.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór duit cosacáin nó ceangal eicínt a chuir uirre go mbeidh sí taithighthe air an áit. Dheamhan's móide a n-iarrfadh imtheacht dhi annsin.
Shoraidh dhi a leithide de bhean bhreagh, nar phós fear eicínt thar a' gcíosáinín sin, nach bhfuil oiread do dhorna ann.
+
Bhí an bheirt a' tarraingt na bráithlíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad ceaithréabachaí dhi eatorra(b).
TUILLEADH (2) ▼
Buaileadh an púcán ar Ghob na Curra(ighe), a's rinne oibriú na fairrge, a's na maoidhmeannaí céadtacha atá annsiúd cotréabachaí dhi, gan mórán achair.
Bhuail daol eicínt é, a's dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr, nach ndearna sé ceatréabacha dhi. Fhobair nar féadadh é 'cheannsú chor a' bith. An t-ól a d'eirigh sa stuaic aige, is dóigh.
→
baile
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis, scáth a raibh le n-innseacht aice (scéal a d'innseochthaidhe, nó a leigfidhe amach, scathamh ó bhaile).
+
→
bealach
'San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon-ghoir ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireannach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, a's b'fhéidir tuighe srathar a bhualadh air, in aice sin.
TUILLEADH (4) ▼
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdin Mhuire) a's rinne sí bealach dhi thríd a' gcruinneál'.
Tá sé na cianta ó chonnaic mé imbealach ná indearmad í, go dtí indé, inGaillimh. 'Sí atá tuartha snuighte as a ceann-aghaidh, a's má tá fhéin, cé h-iongnadh dhi sin, a's an fhad a's bhí sí buailte síos.
Chuir a deirbhshiúr fios uirre, a's d'íoc sí a bealach dhi, anonn (i.e. go Ameriocá).
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (i.e. le dochtúr a dheanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é 'chaitheamh sa bhfairrge ná é 'chailleadh leis, mar amudha a chuaidh 'chuile phighinn dhi.
→
bealaigh
Dhá mbeadh ruainnín a' bith feola aghainn leis a' ngabáiste a bhealughadh, d'íosfadh muid greallach bhreagh dhi (i.e de'n ghabáiste).
→
beart
Tá sí chomh críonna le na h-easógaí má's fíor dhi fhéin, a's is iomdha beart a theighea(nn)s in a h-aghaidh ina dheidh sin.
Bhuail sé criogaide beag de'n mhaide ar a' mbó, ach bhuail sé 'san áit chontráilte í, ar a' dúil fhiadha. Dheamhan easna dhi nar thuit in a staic ar a' mbó. Dhá mbeadh sé de mheabhair ann, 'séard a bhí aige a dheanamh, laisc eile a thabhairt di, ar a' taobh eile, a's ní fhágfad sin aon-cheo uirre.
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aice, le corr-chreachlaois a dheanamh a (de) chongnamh dhi.
+
→
beo 1
Is fada an capall a' fanacht beo, a's tá sí chomh fada ó'n bhféar anois, a's bhí sí an chéad uair ar gealladh dhi é.
TUILLEADH (3) ▼
Cé'n mhaith dhi a cuid airgid anois. Ní dhéanfa sé beo aríst í.
Séid a' fód beo sin, a's b'fhéidir dhi lasadh.
Breagh nach n-íosfá do bhéilí go beo tapa, mar dheanfadh fear, a's gan a bheith 'blaismínteacht dhi, mar sin.
+
→
bior
Dhá dtugtá a bhfuil istigh in Gaillimh dhi, ní bheadh bior-eanga uirre ina dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bior uirre nó go bhfaghad sí cead scuir ar bhóithrí, ach is olc a chuaidh na bóithrí dhi, as a dheire, ní dhá roinnt léithe é.
Is mór is fiú í (an mhóin) a bheith in a leath-dhubhacháin fhéin. Caoi a' bith nach bhfágfaidhe caithte in a brat-scair faoi'n sioc í, dheamhan a' mbeadh daor-bhasctha dhi chor a' bith.
+
→
bruach
Bhí cloch sa mbruach, a's fhobair dhi an sleághan a bhriseadh orm.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bí a' priocadh chor a' bith léithe, nó má tá indán's go mbainfe tú na bruachannaí sin dhi, gheobhfa sí rud le déanamh a's cneasú, go goirid.
Imtheocha na bruachannaí sin lobhtha dhi, a's cneasócha sí annsin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agad.
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean a' bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar a' gcaoi sin, le ól. Bíonn caith(eamh) a's cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath-milleáin le tabhairt dóib, a's na mná fhéin ar a' gceird sin.
+
Níl aon-sean-bhriocán faoi'n saoghal — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, a's cabhaileannaí — nach aice atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannuidhe nó iad a chaithe(amh) amach, ná iad a fhágáil annsiúd a' déanamh gráin du(ibh).
TUILLEADH (1) ▼
Is maith dhi aice na sean-bhriocáin fhéin anois.