Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de

díobh (46)

 
Ní údair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin iontu … ná bac leis sin. Is iomaí fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl ina dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach sa bhfata. Mura bhfuil, is cuma dhuit dalláin orthu nó dhíobh
 
Is beag an lua a bheadh aige na geanntrachaí a thabhairt dhom théis gur iarr mé air iad. Cén bhrí ach ní leis féin iad. Sin geanntrachaí a bhí ag lucht an bhóthair agus choinnigh seisean iad nuair a bhí an oirnis thuas ann. Rinne sé a chuid féin dhíobh. Dhá mba leis féin féin iad, nár dhaoithiúil an chaoi dhó gan a dtabhairt do chomharsa — ní áirím nach mba leis. Mhúinfeadh cuid de na daoine críonnacht duit, ach dheamhan a fhios agam an den chríonnacht an cheird sin ach oiread
 
dara
Ní bhfaighidh chaon dara duine dhíobh sin obair
+
de
Cé dhár díobh thú? — cén sloinne atá ort? Bíonn an b in díobh séimhithe sa leagan seo agus d caol a bhíos ann i chuile áit
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma sa diabhal cé dhár díobh é, dhá mba de thincéaraí féin é, ach is gleoite an duine é
 
Gearr na cloigne díobh. Níl aon mhaith iontu. Níor dearnadh ariamh le cloigeann bod gorm nó blátháin ach a fhágáil ag an deachma
 
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí sa ngearradh dhíobh. "An tslat atá sean, ní fhanann uirthi aon mheas"
 
dearg 1
Chuir muid glac mheacna dearga i mbliana, ach loic siad. An ceann fhéin dhíobh, níor tháinig
+
Thóg sé as an tine é nuair a bhí sé ina dheargán agus thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a tháthú agus aon cheann amháin a dhéanamh dhíobh. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl gair ar bith ag an mB. air. Níl sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó
TUILLEADH (1) ▼
Tá na fataí atá againne i mbliana ina ndeargáin as éadan. Facthas domsa nuair a bhí mé dhá gcur, nach raibh na síolta ródhearg chor ar bith. Ach nach é an cás céanna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
 
deasú
Sin é an deasú ar na hamhais sin! Míle buíochas le Dia go dtáinig sé sa saol go raibh duine eicínt in ann ceart a bhaint díobh. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireachta acu feasta agus a bhíodh
+
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirí aici. Thosaigh Mícheál ag magadh fúithi: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donnchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deiriúchaí? Ise: Dhá mbeifeá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agat sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. (Scaoil sé cnaipe). Mícheál: Tóg é sin uaim. Ise: Níor tógadh aon lao ó aon bhó ariamh go líodh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaide,' adeir an mac (.i. mac Mhichil), 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirthi. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uileag gáirsiúil. Tá mé dhá thabhairt anseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoin ngréasaíocht deiriúchaí, lascadh)
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an-fhada idir chamánaí nó go ndeachaigh mé féin síos chucu faoi dheireadh agus faoi dhó, agus gur fhiafraigh mé dhíobh céard a bhí fúthu a dhéanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
 
Níl mórán deiseachta ar bith timpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobacha anuraidh, ach ba ghearr go raibh ite dhíobh aníos ón ngrinneall ag asail. 'Siad a bhí deas air ar ndóigh
 
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
 
Bhí caoirigh againn anseo trip(uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
 
díle 1
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasaí agus an barr géar díobh anuas ar feadh na hoíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid agus isteach sa teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
 
ding
Níl ansin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breá seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíobh
 
Cé dhár díobh é! — ní den díogha é ach de thogha na bhfear — caint ghreamannach a bhíos scaití ag daoine nuair a fiafraítear díobh cé dhár díobh thú (é srl.); nathaíocht é a bhaineas le díobh, díogha ó tá siad ar aon fhuaim
 
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíobh mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'éirigh suas. Cuid den dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mbochtaineacht, chomh luath agus a éiríos siad as an lathach chor ar bith, ní ligfidh siad orthu féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iadsan, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthanach agus nach ndúnfaidh siad a súile ar aon duine, bocht ná saibhir
+
díol 2
Ith suas anois iad, agus is mór é do dhíol díobh murar athraigh tú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mise in mo dhíol san áit a raibh mé dá mbeadh sé de chiall agam fanacht ann, ach ní raibh. Cheithre dheoch a bhí gluite (glaoite) dhom, agus gan bearnaithe dhíobh ach aon cheann amháin
 
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafraíos cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Ua Chonchubhair a bhí againn sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Ua Chonchubhair a bhí agaibh sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom banríon na bruíne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir'" (ceathrú as amhrán dár tús Ag gabháil Bealach na hOlla dhom sea chonaic mé an t-iontas)
 
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
+
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
TUILLEADH (1) ▼
Caithigí amach as an mbealach na dlaoiníní sin mura bhfuil sé de stuaim i gceachtar agaibh rópa a dhéanamh dhíobh. Níl aon ghnaithe ansin acu
 
1
Sin é an faisean atá acu uileag anois; iad a bheith faoi dhó gréine ó bhonn go baithis. Deir siad gur cúnamh mór don tsláinte é. Titeann an seanchraiceann díobh, agus ansin cuimlíonn siad ola dhóibh féin a thugas dath buí orthu. An t-athchraiceann a theagas orthu ina dhiaidh, tá an-teacht aniar ann ar fhuacht an gheimhridh. Dheamhan a fhios agam beirthe é, ach de réir mar a chloisim ag caint an dream seo eile
 
Déarfainn gur dodaire maith í an múille sin ag T. Ch. Ach chreidim gurb annamh le múille gan a bheith ina dodaire. Bhíodh ceann agamsa anseo fadó agus b'éigean dom a díol. Nuair a bhuailfeadh an daol sin í, ní bheadh a fhios agat cá gcónódh sí leat féin ná leis an gcarr. Tá daoine ann a bhaineas ceart maith díobh, ach má tá, ní mise é
 
dóigh 1
Is deas an dóigh do ghearrchaile ar bith a bheith lách cuibhiúil agus fios a bealaigh agus fios a labhartha a bheith aici. Ach is mór dhíobh nach bhfuil sin acu ar an saol seo. Tá an saol ag teacht an-aisteach ar aon chor
 
Deir siad gur fear doscúch a bhí ansin aimsir na mBlack and Tans. Bhí sé ar a chaomhúint agus aithne mhaith acu air, agus oíche amháin ina dhiaidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth acu ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé san airdeall orthu nó go raibh a dtromlach scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbogmheisce. Shiúil sé amach ansin de mhaoil a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na droinne orthu. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
 
Dar seo agus siúd muis, mura gcaithe tú díot drandal an mhagaidh sin atá ort fúmsa, beidh rud ar a shon agat. Tá mé ag éisteacht leat ansin ó mhaidin, agus is mór an acmhainn agam í (cur suas leat). Is tú an t-ealaíontóir is mó faoi na brait. Ag ceapadh atá tú go ndéanfaidh tú dóigh de na daoine chreidim, ach ní dhéanfaidh, ná baol ar bith ort. Ní faoi chearca a ligeadh amach aon duine ach an oiread leatsa le go ndéanfá ball séire dhíobh
+
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíobh sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann nach bhfuair tú amharc ar bith orthu; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Maraíodh an draoi breacach díobh ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm is thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil ina dhiaidh sin
Níor mhór na clocha a phiocadh ansiúd sula gcuirtear múirín ar bith air. Tá an draoi bratach acu ann. Chuirfeadh sé úis ort a shiúl. Gasúir atá ina gciontsiocair le cuid mhaith dhíobh — gasúir ag teacht ón scoil. Más linn a chosaint i mbliana le aghaidh féir, tá sé in am a dhéanta anois
 
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
dris
Deir siad idir shúgradh agus dháiríre go ndeachaigh M. faoi dhris. Chonaic cuid dhíobh sin soir é dhá dhéanamh — siar sna taltaí gleannacha siúd ar chúla an tí. Hé brí céard a rinne sé nó nach rinne (ndearna), níor bhuach aon duine ariamh air. Nuair a shuífeadh M. isteach ag clár na himeartha, b'fhearr do chuile dhuine eile an uair sin éirí uaidh. Ghnóthódh sé ar Rí na Méaracán. Is minic a chonaic mise é
 
Tá an madadh sin drithleach ar fad ó thosaigh an cuthach sin — na fits — ag teacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíobh muise. Aithneoidh tú air é, nuair a bheas siad ar bheidhil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drithleach ar fud na sráide gan cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
 
droim
Mhairfeadh sé sin ar dhroim an diabhail lá is gur fhéad sé maireachtáil abuil siad sin. Ní bhainfeadh aon duine eile faoin mbogha gréine ceart díobh ach é féin. Dar mo choinsias bhain, agus ceart maith
 
Tuige — go dtigh diabhail di — nach mbainfeadh sí airgead díobh. Nár maraíodh a fear chomh droimnochta agus a mharófaí coinín i bpáirc. Fear ar bith a raibh a láimh leagtha aige ar an gclaí. An bhfaca tusa ariamh an fear sin nach istigh le claí a shiúlfadh sé. Ní fhaca, ná aon fhear eile. Ach bíonn fód an bháis le claí féin
 
dual 2
Beidh sé ag dul ar na tórraíochaí nó go bhfaighe sé dual na droinne dhíobh. Ní fhaca mé a leithide de scabhaitéirín ariamh i láthair coirp. An oíche a raibh an tseanbhean sin thiar dhá tórramh, chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhom éirí agus é a thabhairt isteach ar an smut dó
 
Tá cúig nó sé de dhúcháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná brocthirim iad. Faraor nach síogáin fhada a rinne mé dhíobh mar a rinne mé ar an lagpholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farra sin a bhí ann le cupla lá thríothu, agus bhainfeadh sé deannach astu
+
dúid
Siúd í an cailín nach bhfuil an col aici le fuil. Chonaic mé ag breith ar thrí choileachín i ndiaidh a chéile í thíos ag an teach faoi Fhéil Mártan agus ag scoith an chloiginn amach ón dúid díobh. Diabhal mé mura mb'éigean dom fhéin an tsráid a thabhairt orm fhéin. Chuir an fhuil carghas orm
TUILLEADH (1) ▼
Tá brocaire beag aige agus an drioball bainte amach ón dúid dó. Deir siad nach ngoillfeadh sé a dhath orthu, dá mbaintí díobh in am é
+
dúil
Bhí mé thuas ann lá ar cuairt agus bhí ciseog fhataí ann agus iasc. Fataí gáireacha. 'Siad an scoth atá aige. Bhí an teach fúinn féin ag an mbeirt againn agus shuíomar síos i mínis (i bhfianais) na ciseoige, nó gur ith muid gliúrach dhíobh. Shín muid muid féin ar an teallach ansin gur chodail muid spuaic. Níor leag mé béal ar aon fhata aríst go ceann míosa. Ghráinigh mé orthu. Bhain siad an dúil asam in éindí
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dúil chráite aige san iascach. Fear ar bith a fhágfas amach a ghort agus arbhar ag titim dá cheann agus a bhuailfeas síos ag iascach, ná bac leis. Cuir sa ngearradh dhíobh é. Cén bhrí dhá mbeadh ceo ar bith aige dhá bharr. Ach dheamhan cion béilí maith éisc marbh aige ó tháinig an bhliain
 
duine
Beidh beann aige sin ar an duine mór i gcónaí, ach ní bheidh na daoine beaga ach sa ngearradh dhíobh aige