de
—réamhfhocal, mionfhocal cainte leis an mbriathar, ainm briathartha agus rl.
—na forainmneachaí réamhfhoclacha de de: daom (leathan i gcónaí); daot (díot amantaí, ach is i bhfad ó chéile é); dhe (/ᵹə/ ach deirtear /je/ fearacht an ghutha atá i breith go minic. Ach ar aon chor, tá sé an-mheasctha le dhó sa gcaint i gcuid mhaith áiteachaí, cé go bhfuil dhe /ᵹə/, /je/ i chuile áit fós); di (dhi) /d′ə/, /jə/; daoinn; daoib (dhíb freisin); daob (díob freisin agus daofa ar an Achréidh). Bíonn siad séimhithe go minic freisin, dhaom, dhaoinn srl. Measaim thríd is thríd, gur minicí séimhithe iad ná ar a mhalrait
—tigeann sé seo isteach i gcaint ar na mílte bealach, agus níl sna samplaí seo thíos ach cuid an bheagáin de na bealaí sin
—
a.
·
Cé dhár díobh thú? — cén sloinne atá ort? Bíonn an b in díobh séimhithe sa leagan seo agus d caol a bhíos ann i chuile áit
Is cuma sa diabhal cé dhár díobh é, dhá mba de thincéaraí féin é, ach is gleoite an duine é
+–
Chaith sé cláirseach de smugairle amach
Bhí staic de mhaide aige
TUILLEADH (17) ▼
Bhí spealóig dheas de chamán aige
Tá starróig d'fhiacail agam agus í briste
Caracháinín de chleiteachán de dhuine atá ann — duine beag meata gágach
Ceolán beag de bhuinneacháinín nach fiú do sheacht mallacht atá ann
Forránach d'fhear lúfar láidir é
Aircín de dhíolúnach de lao é
Pleota d'fhear é. Ní tada eile é
Cleiteachán de chléitheachán gan mhaith ar bith é
Rúisc de chuaille í
Amparán mór de dhuine é
Sodóigín de shuaróigín dhona de ghearrchaile í
Sin é an geospailín beag d'fhear a mbíodh an mála de dhiallait aige ar an mbicycle
Tá sagart de mhac aige, agus is mian leis a mhótar a chur i mullach chuile shórt ar an mbóthar
Seanbhean atá de chailín anois aige
Tuí atá de leaba aige
Fráma leabthan atá de gheata aige ar an tsráid
Feoil ar maidin agus feoil tráthnóna agus feoil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint, gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aici!
+–
Ní den chríonnacht an chruinnteacht (an chinnteacht)
Ní den chomharsanacht cleas den tsórt sin — ní dhéanfadh comharsa rud mar sin ar chomharsa eile
TUILLEADH (4) ▼
Ag déanamh láíocht liom a bhí tú! B'fhéidir gur den láíocht duine a ghortú!
Is den uaisleacht a dhul dhá shiúl (aistir), nuair nach bhfuil a chapall agus a shrian aige. Ní thabharfadh sé sin le rá anois go ndéanfadh sé aithrist ar dhaoine dona agus imeacht ar bhicycle. Ach 'sí an uaisle anuas de lota na gcearc anois aige í sílim
Is don ádh an tráthúlacht — an té a bhíos tráthúil bíonn an t-ádh air
Sin braon (poitín) agus ní den díogha é ach oiread — ní hé an chuid is measa é
·
Is mór de mhaith atá ag an gceann sin ar an gceann seo — is fhearr an ceann sin go mór
Is beag de dhonacht atá air inniu thar is inné
+–
Dheamhan a bhfuil go holc dó (dhe) ach a dhul dó go deas
Níl go dona dhíom, dhá bhféadainn tada a ithe — tá mé maith go leor, ach nach bhfuil ithe mo chodach ionam
TUILLEADH (4) ▼
Níl basctha den lá chor ar bith
Níl mór dhó (dhe), ach tá sé an-tsuite, an-déanta
Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom — níl mé ar fónamh
Níl de chailleadh air — níl sé basctha
+–
Is fhearr de bhean í ná do bheansa, théis a bhfuil de ghaisce agat aisti
Ní mó d'fhear ach is láidre d'fhear é trí huaire ná an ceann eile
TUILLEADH (5) ▼
Ní caoile de bhóthar é ná an áit sin amuigh ach is contúirtí de bhóthar é go fada
Ní fearr de bicycle é ná mo cheannsa
Ní héadroime de chapall í ná capall A., ach bhuailfeadh capall A. caoch agus sramach í ina dhiaidh sin
Is airde é P., ach is mó de cholainn atá ag D. ná aige
B'airde é de thrí troithe ná S.
+–
Ní raibh de ghair aige air faoi bhara ach an oiread is a bheadh ag páiste
Níl de mhaith leis ach sin muis
TUILLEADH (27) ▼
Ab in é a bhfuil de rath leat
Níl sé de rath air (/ɡra/ an fhuaim go minic) a dhéanamh
Cheal nach bhfuil sé de rath ort an mála a iompar
Má tá sé de spreacadh ionat an scorach sin a leagan is ginn thú!
Ní dhéanfaidh sé siúd aon bhuille lena mharthain aríst, mar níl sé de theacht aniar ann aon bhuille a dhéanamh
Ní raibh sé de neart ionam éirí i mo sheasamh leis an ocras
Níl sé de thuiscint sa diabhal an méid sin féin a rá leis
Níl de bhrí in Ph. C. ach an oiread is a bheadh i slat mhara lofa
Má tá sé de stuaim ionat scioból mar sin a dhéanamh breá nach mbuaileann tú faoi theach
Níl de chiall aige ach an oiread le páiste
Ní raibh sé de ghus ann a theacht isteach, théis gur chaith sé an oíche ar an tsráid
Is beag atá d'oibleagáid ansin deirimse leat — níl mórán oibleagáide ann
Níl d'aois aige ach sin muis
Ní raibh de lá ann an uair sin, ach go bhfeicfeá duine idir thú agus léas ar éigean
Ní raibh de thrá ann inniu ach go mbainfeá feamainn scine ar Leicín na bPortán
Níl de mhóin anois aige ach an somadáinín de chruachín sin. Dheamhan ceo eile!
Céard a dhéanfas muid chor ar bith agus gan d'fhataí anois ag gabháil linn ach an chlúidín sin amuigh sa gcró
Ní bhíonn de shuáilceas ag teacht leat ach an t-ocras i gcónaí
Cheal nach bhfuil de charthanas ann thairis sin
Dheamhan maith dhuit a bheith ag coiriú air anois. Níl d'olc ann ach oiread (mura bhfuil sé go lách féin)
Níl de laethúlacht ann ach an oiread is a bheadh sa duine is faide amach uainn sa tír, théis gur col ceathar linn é
Níl de ghreann ann ach cuid an bheagáin
Níl d'acmhainn grinn aige ach an oiread is a bheadh ag asal a bheadh faoi mhairceannaí
Mura bhfuil de bhacainn ort ach mise muis, níl aon údar clamhsáin agat
Mura bhfuil den mhaith ann, níl den olc ann, agus is mór is fiú sin féin
Mura bhfuil gnaíúlacht ann, níl de (den) thútaíl ann ach oiread
Caillfear mé agus a bhfuil de phian orm ón gcois seo
b.
+–
Ní thabharfainn an oiread dhá chroí dhó agus go n-inseoinn dó é
Ní raibh an oiread de náire ariamh orm agus a bhí orm an oíche sin
TUILLEADH (5) ▼
Níl mórán de néal air, mise i mbannaí!
Shílfeá go bhfuil goile maith aige, ach is beag dhá shlacht atá air ina dhiaidh sin
Má tá sé ag saothrú, ní bhíonn mórán dhá bharr aige
Is beag atá de leas ann (duine, ball acra srl.)
Má tá sé tinn, níl tada dá chosúlacht (sin) air
+–
Tá an méid sin d'fhuílleach — fágtha
Bhí an méid sin de bharr aige air — os a chionn; le cois
TUILLEADH (6) ▼
Ab in é ar chuir tú de mhaoil ar an gcléibhín
Bhí oiread do dhorna d'at (de mheall, de neascóid, de chnap, srl.) ina chois
Chítear dom go bhfuil a bheag nó a mhór d'olc air
Breathnaigh amach go bhfeice tú an bhfuil tada (mórán srl.) d'oíche ann
Tá cuid mhaith de bhiseach ag mo laosa ar do laosa
Tá bileoig eile de bhiseach ar an bpáipéar nuaíocht seo inniu — ceann le cois
+–
Mura bhfuil sé fáilí, dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh
Dheamhan oinniún a chuir mise ná cuid dhá chur
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhaca mise é ná cuid dá fheiceáil
Dheamhan ar dhúirt mise é ná cuid dhá rá
Buaileadh é ab ea! Muise dheamhan bualadh ná cuid de bhualadh
Shíl mé nach mbeadh sé d'fháilíocht ann labhairt linn chor ar bith
Dheamhan collar ná tie a bhí ormsa ná cuid dhá raibh, arae níl sé de shuimiúlacht ionam
+–
Tá sé ag fáil tuirsiú a láimhe d'obair (de mhná, d'iomramh, srl.) anois — a dhóthain, a dhíol, ach gan an iomarca
Tá lán an tí de pháistí aige
TUILLEADH (24) ▼
Tá lán mo chruite d'fhaitíos orm
Bhí lán mo bhéil de sweets thuas agam
Níl leath mo bhéil de arán anseo
Níl díol na hoíche de mhóin istigh
Tá do dhá dhíol den ealaín (d'ealaín) agat ar fad
Tá a sháith go binn aige den mhóin anois — tá sé tuirseach di nó tuirsithe aici
Déanann sé a sháith den chumadóireacht ar aon chor
Níl caochadh do shúil de thobac agam — dubh na fríde
Tá mo dhíol den spealadóireacht agamsa aríst i mbliana
Tabhair dhom deoch den uisce — deoch uisce
"Deoch den uisce de bharr na líne a mbáitear ann an líon" (as Róisín Dubh. Bíonn an t-alt mar seo in áiteachaí nach mbeadh aon tsúil leis)
Bhí an iomarca den chaint aici. Sin é a d'fhága réidh í
Ní bhíonn faice de na bréaga aige
Tá foracún maith den fheamainn bainte aige
Níl mórán den aoileach le cois agam anois — níl mórán aoiligh srl.
Déanann sé a chuid féin den chuartaíocht ar chaoi ar bith — déanann sé a sháith go maith den chuartaíocht
Tá a chion féin den ábhailleacht ann ar aon chor
Níl d'fhoscadh aige ach lorg na bó ar an gcnagaire
Níl lán mo ghlaice de bhean inti — bean an-bheag í
Níl oiread áiméan de chloigeann air
Níl dóthain dreoilín de phlúr sa teach
Tá cuid de scadáin lofa Ph. Ch. agat
Bhí buidéal de fhuisce Mhaigh Cuilinn aige
Dheamhan blas dó (dhe) nár tharraing dorna orm — tharraing sé dorna orm
+–
Sin é mo bhuíochas anois agus a bhfuair (agus gach is a bhfuair, an méid a fuair srl.) mé d'anró uaidh
Ab in é ar mharaigh tú de bhallachaí théis thú a bheith ar meath ó mhaidin
TUILLEADH (2) ▼
Má tá sé le dhul chuig an aonach, dheamhan a gcloisim de chaint aige air anois — ní bhíonn sé ag caint air anois
Sin é a bhfaca mise de chontráil ariamh ann, ach níor bheag sin, arsa tusa
c.
+–
Níl fear dhá maireann nach mar sin atá (gach fear dá maireann, chuile fhear dá maireann, an fear is fearr dhá maireann, fear eicínt dá maireann, fear ar bith dhá maireann, aon fhear srl. srl.)
Dhá mhéad cainte dhá bhfuil aige (atá, a bhíos freisin; ach is minicí a chuirtear isteach an de .i. dá in athuair) is gearr le dhul é
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dhonacht é (dhá dhonacht dhá bhfuil sé; ní abrófaí dhá dhonacht atá sé), is fhearr é ná a bheith dhá uireasa
Níl aon duine dhá dtiocfaidh (níl aon duine a thiocfas) nach bhfaighidh gloine
Gach fear dhá mbéarfaidh air, cuirfidh sé driog ann
d.
+–
Chaithfinn an lá in mo leaba dhá mbeadh a fhios agam go bhfanfadh sí dhíom (casacht a bhí air) — dhá mbeadh a fhios agam nach mbuailfeadh sí mé
Bhí mé in anchaoi aige (tinneas mo bhoilg), ach ó thug an dochtúr an tsiaróib sin dom, d'fhan sé dhíom
TUILLEADH (1) ▼
Ól neart fuisce agus feicfidh tú fhéin air go bhfanóidh sé dhíot (slaghdán)
+–
Cuir dhíot (d maon ar fad, ach séimhithe scaití) — seo é adeireadh gadaithe agus rógairí reatha le daoine a bhídís ar thí a robáil; nó abair rud eicínt; cuir ar do shon fhéin
Bain díot (do chuid éadaigh)
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhainfidh mé cion do thomhaise dhíot — tabharfaidh mé cion do thomhaise dhuit
Déanfaidh mé an t-aon lá amháin díot — maróidh mé thú ar áit na mbonn
Tá mé ag baint lá dhó (nó lá dhe) — ag caitheamh an tsaoil; ag caitheamh an tsaoil i leaba a chéile gan gleo gan torann
D'fhiafraigh sé dhaom an raibh aon uain le díol agam
Caith dhíot
Chaith sé dhó (dhe) ina chraiceann
Scaoil díot na héadaí fliucha sin
+–
Is cuma duit é ach an t-earrach a bheith dhíot — a bheith críochnaithe agat; é a bheith déanta agat
Dhá mbeadh an sagart dhaoinn (dhínn) againn bheadh linn — beidh an t-éisteacht sa teach s'againne i mbliana agus dá mbeadh sé thart, bheadh muid ceart
TUILLEADH (4) ▼
Cuir an siopa dhíot chun tosaigh — téirigh go dtí an siopa agus déan do ghnaithe ann
Tá an portach romham fós. Faraor gan é dhíom agam
Má tá sé roimhe, níl rud ar bith is fhearr dhó na a chur dheith (dhe, dhó)
B'fhearr dhúinn go fada dhaoinn (dhínn) ná romhainn é — ceann oibre eicínt atá le déanamh. B'fhearr déanta í ná í a bheith le déanamh
+–
Ní dhiúltóidh sé d'abhainn nó go mbeirtear air — he won't renounce rivers (river-poaching) srl.
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh Dia Diarmaid dhaoinn (dhínn), ní sceithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur dhó (dhe) ar nós an diabhail — ag caint go hacmhainneach; ag glagaireacht; ag siúite troda
·
Tá sé de bheith (bhreith) air a bheith ag ól
e.
+–
Chonaic mé é de bharr an tí (a bheith thuas taobh amuigh ar an teach. Chonaic mé é as barr an tí nó ó bharr an tí: ón áiléar taobh istigh)
Ní fheicfeá den traein é (as an traein nó ón traein; ach ní féidir den charr, den mhótar a rá: as an mótar, ón mótar)
TUILLEADH (4) ▼
D'fheicfeá a theach den bhóthar (ón mbóthar)
Chonaic mé isteach uaim den fharraige é (ón bhfarraige, den loch, den abhainn, den sliabh srl. ach as nó ó na garrantaí, ó na páirceannaí)
Thit sé den chlaí
Titim de chlaí a ghortaigh é
+–
Fanadh chuile fhear de phortach ar an aimsir seo — de na portaigh
Choinnigh sé de shliabh ar fad — d'fhan sé de na sléibhte (nó as na bailte sléibhe atá i gceist anseo)
TUILLEADH (2) ▼
Chomh luath agus a tháinig mé d'fharraige (den fharraige) chuaigh mé a chodladh
Tá sé in am ag chuile dhuine a bheith imithe de bhóthar (den bhóthar nó de bhóithrí ar bith) anois
+–
Chuartaigh mé an taobh thoir d'abhainn ar fad — an taobh thoir den abhainn. Bheifeá ag súil le den abhainn anseo mar is abhainn áirid amháin atá i gceist; mar seo adeirtear i gcónaí é. Sna leagain seo ar fad níl ach droichead, bóthar, abhainn srl. amháin i gceist. Níl sna háiteachaí ach an bóthar, an droichead srl. áirid seo
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn ina ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh acu ach a dhul an chora
TUILLEADH (7) ▼
'Sí an linn sin taobh ó dheas de dhroichead í. Ansin a bhí sé
Ní dheachaigh mé taobh ó thuaidh de chlaí chor ar bith
Tá limistéar mór talúna taobh thoir de bhóthar agam ach diomalachaí ar fad é
Tá an cúl taobh thiar de chlaise curtha againn
Tá an easca taobh thiar de loch ar fad triomaithe anois
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan anseo uileag Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
Tá a bhfuil ó thuaidh de shruthán ar fad le baint dó. Deir siad go bhfuil ar chaoi ar bith
f.
+–
Baileoidh tú an fheamainn de dhá charr — níl inti ach dhá charr; ní bheidh tada fágtha ach a mbeidh dhá charr eile tugtha leat agat aisti
Tabharfaidh tú leat a bhfuil eile de mhóin ann anois de dhá ualach
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé leis an chruach de thrí lorry
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
g.
+–
Leag sé é de thurraic
Chaith sé an claí de rite reathach
TUILLEADH (17) ▼
Leag sé é de bhuille mhaide
Dhonaigh sé d'aon iarraidh amháin é
Bhuail sé de chic mé
Chuir sé ar chúl mo chinn de dhorna mé
Bhuail sé de chloich ar an dúlia í (bó)
Dúirt sé an t-amhrán de ghlór breá láidir
Chaith sé amach é de ghorta garta
Thosaigh sé ag gabháil de dhornaí orm
Chaith siad an lá ag gabháil de chlocha air
Níor tháinig iamh orthu ach dhá ghreadadh de chlocha
Ba bhreá an sásamh liom a bheith dhá lascadh de chiceannaí
Dúirt sé an méid sin de chogar liom
Chuir sé an doras dó (dhe) dhá thóin (lena thóin)
Chuir sé isteach an ursain dhá ghualainn
Thit sé d'fhothramán mór millteach
Rinne sé de bhall séire orm é
Scríobh an litir de léim
+–
Déarfadh sé de mhí-ádh é. Is air nach mbeadh an mhoill — déarfadh sé le greann nó le barrúlacht é
De mhí-ádh a leag sé an claí: ag iarraidh an dá theach seo thuas a chur in árachaigh a chéile
TUILLEADH (3) ▼
De ghrá comhluadair a tháinig sé sin
De ghrá comhluadair a théas na madraí chun an aifrinn
Ní dhá dheoin a rinne sé é ach dhá ainneoin
·
Ní ghabhfainn ann chor ar bith ach d'fhonn a bheith in éindí libhse.
Ní chuirfinn araoid ar bith air ach d'fhonn a splancadh
h.
+–
D'imigh sé de shiúl oíche (de dhroim oíche)
Bíonn sé ina chodladh d'oíche agus de ló
TUILLEADH (1) ▼
Éiríonn sé de ghnáth ag an deich
i.
·
Dá bhíthin sin, dhá bhríthin sin, dhá réir sin, dhá bharr sin — mar gheall air sin
de in iontrálacha eile (50+)
Lig de do chuid aisfhreagraí anois nó tabharfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
+
→
faitíos
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (6) ▼
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaí, thitfeadh sé as a sheasamh!
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
Le neart an fhaitís a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaigh sé isteach béal an dorais
Fan de chuideachta dhom anocht ar fhaitíos nach dtiocfadh S.
→
faoisc
Má thugann tú aon fhata don bhó sin, tabhair faoisceadh beag orthu. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
→
farúch
Fadó bhíodh farúch anseo againn fúthu (cruacha arbhair), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois ach a ndéanamh ar bhonn cloch
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
+
→
feadhain
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Tá chuile fhata ar an bhfeadhain acu lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad bhéilí céadfhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad righnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
+
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
TUILLEADH (2) ▼
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
Ní raibh de bharr na trá inniu againn ach cheithre fheadhnach capaill. Meas tusa nár dhona an fáiteall é sin ag triúr!
+
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cloch ansin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
+
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
→
fearann
D'ith mé fearann de cháca caiscín, agus d'ól mé muigín bláthaí. Bheinn deireanach dhá bhfanainn leis an tae
→
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
+
Nach í an feimíneach de bhó í ag bearradh drible an chuid eile mar sin. Dheamhan bó a chonaic mé ag teacht as an ruta céanna ariamh nach mbeadh diomar eicínt uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Díol an feimíneach de ghamhain sin agat. Sin nó cuir fuafíonaigh ar dhrible an chuid eile. Níl iamh air ach dhá gcangailt
→
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach é a bheas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
→
fiosach
Nach fiosach an mhaise do do leithide de phiodarlán é. Céard a bhaineann sé dhuit céard a bhí mé a dhéanamh ann
+
→
fios
Ab in é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis — ní thuigim an scéal d'uireasa tuilleadh mínithe
TUILLEADH (3) ▼
Bhí fios aige di — chiontaigh sé léithe; rinne sé céileachas léithe (Leagan Achréidh)
D'ordaigh an creideamh dúinn gan fios a bheith againn de bhean ar bith ach dhár mbean fhéin
Ara cén chaint sin ort? Tá M. níos fearr a fhios ná sin. Ní chreidfinn go ndéanfadh sí a leithide de chleas
+
→
fliuch 1
D'fhliuchfadh sí a raibh de thuáillí ar an mbaile ag gol
TUILLEADH (3) ▼
Ní dheachaigh an oiread sin óil de fhliuchadh ar mo chroí cheana le bliain mhór fhada
Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil anseo faoi Nollaig. B'annamh leis nach go barr bachall a bheadh sé
+
→
fliuch 2
Bain díot na héadaigh fliucha
TUILLEADH (2) ▼
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm ina dhiaidh sin. Abhlóir de ghasúr é. Is géar a theastódh slat uaidh
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
→
fliuchán
Níl aon fhliuchán ar an mbóthar de bharr na hoíche caitheadh sé báisteach nó ná caitheadh
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
+
→
focal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó is maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí ansiúd agus faobhar orthu ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsí siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
TUILLEADH (4) ▼
Ná hinis do scéal d'aon duine. Má insíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Féacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Thug sé láimh agus focal di go bhfillfeadh sé lena pósadh — gheall sé di go dílis
Tá láimh agus focal tugtha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
→
foilsigh
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó