Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
das
/das/; ach /ɡas/, /ɡæs/ Achréidh
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dais
uimhir iolra: dasachaí, dasannaí
an bharrann a theagas ar fhataí ag fás dóibh. Níor chuala mé ar thada eile é. Bláthannaí a theagas ar thorthaí: ar thornapaí, meaingeals srl.
+
Níl aon das a rath ar an ngarraí sin fós, théis gur seanchur é
Tá an-das air — barrann bhreá ard
TUILLEADH (6) ▼
Tá coill dhasachaí ar an ngarraí siúd thíos. Níl a fhios agam nach bhfuil an iomarca air
Loic siad ar fad. Rith siad chun dais róluath sa mbliain, agus chomh luath agus a bhuail an ghaoth rua iad, thit siad ar a chéile ar an toirt. Speir siad ina mbun. An iomarca leasaithe a chuaigh orthu. Tá an talamh siúd an-tséasúrach
Tá a sheaneire dasachaí air anois. Má chuireann sé níos mó suas, ní bheidh aon fhata ann chor ar bith. Talamh maith craicinn a bhí ann
Ghabhfadh na cearca i bhfolach ann lena raibh de dhasachaí air Lá Bealtaine. Tháinig an sioc ansin, agus shleabhac siad as éadan a chéile. Níor tháinig aon das ó shin
Shílfeá go bhfuil ruachan beag ar na dasachaí anseo amuigh, ach is beag é: dath na gainne anseo agus ansiúd
Níl an cur sin ag déanamh das ar bith — níl das ar bith ag teacht air
·
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir sa ngarraí sin thoir inniu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread méaróige i gceachtar acu. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach i mbliana
Tharraing mé cupla das inniu le béilí fataí nua a bhaint, ach ní ligfeadh an carghas dom drannadh leo nuair a chonaic mé iad. Níl iontu ach screacháin chríochnaithe

Féach freisin

gas

das in iontrálacha eile (4)

 
Ní mhionaíonn sé an fód ar na fataí chor ar bith, ach a fhágáil ina dhaibéid mhóra liopastacha. Dheamhan das a thiocfas thrí thalamh go brách ann. Baol orthu muis
 
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
 
dóigh 1
An bhfaca tú an preabáinín fataí atá ansin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabháil leis nach bhfuil rodta ag an lobhadh bán. Ar ndóigh is maith an oidhe orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos na barra sin i gcónaí
 
Bhí bliain anseo agus ní raibh oiread leithphínne beo d'aon bharrainn ag gabháil liom Lá Fhéil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhuail sé an taobh faoi den das chomh maith leis an taobh os a chionn. Ní raibh méid dubh na hiongan sna spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroí thú, ní raibh dhá lá go raibh an seanchur fréna chéile ina aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirim níor chás é, ach d'fhostaigh sé na fataí féin chomh maith leis an mbarainn … Sprae a chur orthu! Beannacht Dé dhuit! Ó aimsíos an dúchan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae