Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
das

dasachaí (18)

 
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
 
beo 1
Cuirfidh an fód beo sin anois a sheaneire dasachaí (gasachaí) orthub. Sin é an buachaill acub.
 
fás 2
Má theagann an rud sin ar na dasachaí, an méid a bheas aníos as an gcréafóig dhíobh, beidh sé speirthe ó fhás
 
feoigh
Tá na dasachaí ag feo ó tháinig an chreatlach seo. Seo í an ghaoth rua anois
 
folc
Ná bac le fataí a beith sa ngarraí sin thoir. Ní bheidh a dtuairisc fhéin ann. Tá na dasachaí uilig folctha ag borráiste — an borráiste fásta i bhfad níos airde ná na dasachaí agus ag caithriú amach os a gcionn
 
fód
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
 
Tá na dasachaí sin ag teacht suas mar adéarfá leo é
+
das
Tá a sheaneire dasachaí air anois. Má chuireann sé níos mó suas, ní bheidh aon fhata ann chor ar bith. Talamh maith craicinn a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go bhfuil ruachan beag ar na dasachaí anseo amuigh, ach is beag é: dath na gainne anseo agus ansiúd
 
Níl dea-ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl iontu ach spreangaidí. Níl téagar ar bith iontu
 
Tá dasachaí go hard os cionn talúna, ach má tá i ndán is go dtiocfaidh glasreo ar bith seaca, is an-chur chun deiridh orthu é
 
dia 1
Tá dasachaí imithe ó Dhia agus ón saol anois. Nach bhfuil sé ina Lá Fhéil Muire
 
dlúth 2
Tá an garraí fhataí siúd thuas éirithe ina choill agus na dasachaí an-dlúth air
 
Is dochraí go mór an lobhadh bán ná an dúchan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bharr an dúchain. Is beag is ionann le chéile iad
 
droim
Bhí oíche shíoraí bháistí ann agus an aimsir an-mharbhánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'éirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an boladh. 'Sin gaoth atá ag éirí de dhroim dúchain,' arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. 'Ní féidir go mbeadh sé ina dhúchan chomh luath seo sa mbliain,' adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaoil a (ár) mainge i nGarraí Ard T. Mh. Bhreathnaigh muid ar an mbarainn. Bhí siad chomh glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fúthu rodta as éadan agus leagfadh an boladh bréan a bhí uathu thú
 
Tá sé sách dícheallach, ach ní moltar a shaothar scaití ina dhiaidh sin! Cuireadh amach ag baint máilín soip do na beithígh sa ngarraí sin thíos aréir é ach ba mhó na dasachaí ná an sop a bhí sa máilín ag teacht abhaile aige!
 
Deir siad gur sa gcréafóig a chruthaíos an dúchan agus go gcaithríonn sé aníos sna dasachaí
 
Tá na dasachaí ag dul i lorga go breá