—
an bharrann a theagas ar fhataí ag fás dóib (níor chuala mé ar thada eile é. Bláthannaí a theagas ar thorthaí: ar thurnapaí, meangiols agus rl.).
+–
Níl aon-das 'e rath ar an ngarrdha sin fós, th'éis gur sean-chur é
Tá an-das air = barrann bhreagh árd
TUILLEADH (6) ▼
Tá coill dhasachaí ar an ngarrdha siúd thíos. Níl a fhios agam nach bhfuil an iomarca air
Loic siad ar fad. Rith siad 'un dais ro-luath 'sa mbliain, agus cho luath agus a bhuail an ghaoth ruadh iad, thuit siad ar a chéile ar an toirt. Speir siad in a mbun. An iomarca leasuighthe a chuaidh orra. Tá an talamh siúd an-tséasúrach
Tá a shean-eire dasachaí air anois. Má chuireann sé níos mó suas, ní bheidh aon-fhata ann chor ar bith. Talamh maith craicinn a bhí ann
Ghabhfadh na cearca ibhfolach ann len a raibh de dhasachaí air lá Bealtaine. Tháinic an sioc annsin, agus shlabhc siad as éadan a chéile. Níor tháinic aon-das ó shoin
Shílfeá go bhfuil ruadhchan beag ar na dasachaí annseo amuigh, ach is beag é: dath na gainne annseo agus annsiúd
Níl an cur sin ag déanamh das ar bith = níl das ar bith ag teacht air
·
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir isan ngarrdha sin thoir indiu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread miaróige (méaróige) i gceachtar aca. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach imbliana
Tharraing mé cupla das indiu le béilí fataí nuadha a bhaint, ach ní leigfeadh an carghas dom drannadh leo nuair a chonnaic mé iad. Níl ionnta ach scriocháin chríochnuighthe
Féach freisin
→
gas
Das in iontrálacha eile (4)
→
daibéad
Ní mhionuigheann sé an fód ar na fataí chor ar bith, ach a fhágáil in a dhaibéid mhóra liopastacha. Dheamhan das a thiocfas thrídh thalamh go bráth ann. Baoghal orra muis
→
dallán
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
→
dóigh 1
An bhfaca tú an priobáinín fataí atá annsin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabhail leis nach bhfuil rodtha ag an lobhadh bán. 'Ar ndú' is maith an aghaidh orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos "na barra" sin i gcomhnaí
→
dúchan
Bhí bliain annseo agus ní raibh oiread leithphighne beo d'aon-bharrainn ag gabhail liom lá 'Eil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhuail sé an taobh faoi de'n das cho maith leis an taobh as a chíonn. Ní raibh méid dubh na h-iongan ins na spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroidhe thú, ní raibh dhá lá go raibh an sean-chur fréna chéile in a aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirm níor chás é, ach d'fhastuigh sé na fataí féin cho maith leis an mbarrainn … "Sprae" a chur orru! Beannacht Dé dhuit! Ó a aimsigheas an dubhachan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae