Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhachan
Ainm-fhocal, fireann; ainm-bhriathar.
Fuaim = dúchan, ach fc. dubh
Is coitianta in a ainm-fhocal ná in a bhriathar é
1.
lobhadh dubh nó meath a theagas ar na fataí.
+
Tá sé in a dhubhachan = tá an mheath teagtha ar na fataí.
Deir siad gur ins an gcréafóig a chruthuigheas an dubhachan agus go gcairthigheann sé aníos ins na dasachaí
TUILLEADH (5) ▼
Amach ins an Mí Mheáin a theagas an dubhachan. Uair mharbhánta cheo is measa. Sin í a bhuac. M'anam agus ná raibh ag an Diabhal go bhfeicfeá na lorgachaí leathta leis th'éis oíche a gcaithfeadh sé crámhar beag báistighe
Bhí bliain annseo agus ní raibh oiread leithphighne beo d'aon-bharrainn ag gabhail liom lá 'Eil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhuail sé an taobh faoi de'n das cho maith leis an taobh as a chíonn. Ní raibh méid dubh na h-iongan ins na spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroidhe thú, ní raibh dhá lá go raibh an sean-chur fréna chéile in a aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirm níor chás é, ach d'fhastuigh sé na fataí féin cho maith leis an mbarrainn … "Sprae" a chur orru! Beannacht Dé dhuit! Ó a aimsigheas an dubhachan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
Níl goir ná gaobhar ag an dubhachan ar an mbuidheachan. Sháruigh an lobhadh buidhe sin loirgne dóighte.
Is fhearr an t-aol l'aghaidh an sprae ná an "washing soda", marach go gcalcann sé an machine. Tá grúdarlach an aoil indon stopainn a chur ar an sprae. Is mór an feall sin, arae marbhuigheann an t-aol 'chaon tsórt — péiste agus eile — idteannta an dubhachain. 'Sé atá deas air
Is beag is ionann le chéile iad. Féadfaidh tú cúl a chur ar an dubhachan má thapuigheann tú é, ach tá sé fánach agad aon-chúl a chur ar an lobhadh bán. Speireann sé bun na ndasachaí as éadan, agus cuireann sé ó mhaith iad. Tá cuid de na barra garbha sin ar bheagán samhaoine dhá bharr
2.
deargadh nó cur mór.
+
Déanfaidh sé dubhachan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearbhtha is maoilscríobach an cur a thugas sé orra (fataí). 'Ar ndú' sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaighe ar bith a dhéanfas dubhachan mór dó, beidh sé molta aige. Chonnaic mé annsiúd thíos anuiridh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dubhachan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orra
Bhí dubhachan mór déanta againn anuiridh shul ár rug an Márta orainn, ach ba suarach an t-íongnadh sin agus an congnamh a bheith ann. Ní bheidh aon-dubhachan déanta imbliana sílim. Is gearr le dhul duine aonraic
TUILLEADH (5) ▼
Dhá bhfaghadh siad "freastal" is orra nach mbeadh an mhoill dubhachan a dhéanamh, ach d'fhuireasbhaidh an fhreastail, tá siad coinnighthe siar. An té a chaithfeas síolta a ghearradh agus a scaradh agus aoileach a chur amach, is beag é a fhoghail
Is diabhaltaí an dubhachan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé cho maith dhom a rádh nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndeárna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur búan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach 'ar ndú' níl déantús maitheasa ar bith ins an scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléaracht!
Ní prae mhór do dhuine ar bith dubhachan a bheith indiaidh a láimhe má chuireann sé gaedhealach iad ar a nús (nós) -seisean. Níl de ghlaineacht ná de shlacht ann, i ngarrdha ach an oiread agus a bheadh i gcráin mhuice. Is cuma leis ins an tubaiste é ach stróic mór a bheith curtha aige trathnóna
Tá dubhachan Achréidh aige seo thíos i dT. na M. Bíonn an-uathbhás air i gcomhnuí i dtús bliana, ach níl cur leis ar bith ann. Deir siad nach mbíonn tréan búan (Dubhachan Achréidh = deargadh nó cur mór mar a d'fheicfeá ar an Achréidh. Bheadh an-tsaothar déanta annsin lá, de bharr na n-acraí atá aca — céachtaí agus eile)
Cé'n mhaith dhó a chuid dubhachain. 'Bhfaca tú an dubhachan a rinne sé anuiridh, agus d'fhága sé mar sin annsin iad gan lánú gan ghort-ghlanadh gan sprae, nó nach raibh síol aige de bhláth bliana a chuirfeadh sé idtalamh. Mara bhfaghaidh cur a chóir féin b'fhearr a fhágáil gan déanamh
3.
duibhthean nó néalta dubha ar an spéir nó toirt mhór dhubh ins an aer.
+
"Chonnaic siad an dubhachan agus an seabhac ag teacht íochtarach" — (as sean-scéal — An Chú Ghearr Ghlas — m'athair) = toirt dhubh nó ball dubh ar an spéir, nó ins an aer
Bhí mise 'fhoisceacht deich míle do Bhournemouth ar "D. Day". Is gearr a bhí muid amuigh ag obair an uair a chonnaic muid an dubhachan ag déanamh orainn. Báid aeir a bhí ann ag dul do'n Fhrainc. Bhí an t-aer uiliog dubh leo. Má bhí ceann ann, bhí fiche míle ann
TUILLEADH (10) ▼
Chonnaic siad an dubhachan ag déanamh orra, isteach ó'n bhfairrge. Éan mór dubh a bhí ann
Is gearr uaidh ráig eile. 'Bhfeiceann tú an dubhachan atá thiar. Is fhearr dhuinn tarraingt ar chaladh eicínt thar an áit seo, maran linn a bheith bog báithte
Tá na tóineanna dubh sin ar an spéir aríst. Luirg an diabhail dóibh. Tuilleadh báistighe a chaithfeas sé as an dubhachan sin. Ní thriomóchaidh aon-fhód móna i mbliana ach grásta Dé
Múr eile atá ag tolgadh. Is furast' aithinte ar an dubhachan sin é.
Ná bac thusa le uair ar bith a bhfeicfidh tú an dubhachan trom sin i mbéal na gealaighe nua. Níl aon-deagh-uair fós air
Dhá n-ársuigheadh an lá suas as an dubhachan seo, b'fhéidir go mbeadh sé ionrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon-ghothadh maith air chor ar bith. Míle buidheachas le Dia nach caillte an uair í!
Dubhachan sneachta é sin ó thuaidh. Nach bhfaca tú na saighne aréir agus na géabha fiadháine ag gabhail thart. Tá tuairt air. Níor mhiste sin, dá mbadh rud é a bhainfeadh an ghaimh as an uair. Tá a fhios ag mo chroidhe go bhfuil na daoine craiplighthe leis an bhfuacht
Tháinic dubhachan cho mór an lá sin agus go sílfeá go raibh an t-aer buailte ar an talamh. Níor léar duinn na fataí am dinnéir. B'éigin solus a lasadh
Dubhachan toirnighe é, nó tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile. Leagadh sé air anois, feadh agus an "cheathramhadh" seo a bheith thuas agamsa. Níl aon-tuilleamaí agam leis. Tá mo chuid coirce agus féir clúduighthe
D'eirigh dubhachan ar an bhfairrge. Shíl muid idtosach nach raibh ann ach an rosamh, sin nó smúit rabharta. Ach mo léan géar. Ba ghearr gur shéid sé in a gheal-stoirm. Bhí an nathair talmhana againn an lá sin agus muid a bheith ar an gcaladh roímpe. Ní raibh aon-churrach a rinneadh ariamh indon í a bharruidheacht
4.
"breacadh" nó cuid mhaith scríobhnóireachta.
+
Tá dubhachan mór déanta agad bail ó Dhia ort (an-lear scríobhnóireachta). Ag scríobhadh ag do bhuachaill atá tú bail ó Dhia ort. Ní chuirfeá an méid sin i leitir "dole" ar aon-nús (nós)
Tá an luadhán siúd ag déanamh dubhachain ar chuma ar bith. An mbeadh a fhios ag aon-duine faoi na brait céard atá sé a scríobhadh. Nathuidheacht is dóigh
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig "Gaedhilgeoir" go dtí muid thoir ar an mbóthar anuiridh, agus thosuigh sé ag fiafruighe dhaoinn (dínn) an raibh aon-sean-scéal againn. D'ionnsuigh orainn ag scaoileadh aige. Mara bhfuair an fear sin bréaga ní lá fós é. Ach dheamhan ar mhiste leis. Chuir sé síos idir mhaith agus olc iad. Rinne sé dubhachan ar an leabhar deirimse leat
5.
"dubhachan" scaithtí in áit "dubhadh" = druidthe nó breac-ballach le daoine nó le eallach.
a.
+
Bhí dubhachan na sráide de dhaoine ann = dubhadh na sráide (fc. dubhadh)
Bhí dubhachan na gcnoc de bheithidhigh aige = bhí na cnuic breac-ballach le beithidhigh aige; bhí na cnuic faoi bheithidhigh aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí dubhachán an bhóthair agus na páirce de dhaoine ann. Badh é an t-oireachtas is mó a facthas ariamh annseo é. Dhá dtuiteadh biorán beag is ar chloigeann duine a thuitfeadh sé
+
"Nuair a tháinic sé ar an mbáinseóigín, bhí sé ag spaisteóireacht síos agus suas, agus ní fhaca sé duine ar bith ann. Is gearr go bhfaca sé dúachan na gcéadta ag déanamh air. 'Mo chrá croí nár fhagha mé mara h-olc an job a rinne mé nar leig liom an triúr eile,' a deir sé" (as sean-scéal — "An Ridire Gaisce" — ó Sheán Ó Laidhe Cuilleán, an Cheathramha Rua) = meall nó toirt a bhí san an-mhéid. Laoch eile a bhí ag teacht
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do laogh annsin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothrom, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúachan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. "Aeroplanes" Mheiriocá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
b.
·
Bhí an-dúachan ag brocach Bhríd Ní Churraoin. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an sionnach taithithe ann = an talamh talltuithe agus dubhuithe ag béal na brocaí fearacht agus dá mbeadh bualadh sionnaigh nó bruic ann.
Chuir mé súil ribe ag bun an chlaidhe ach níor rug mé ar aon-choinín pé aca sin é. Measaim nach coinín a rinne an bualadh siúd chor ar bith. Tá an iomarca dúachain ann. An broc a theagas ann

Féach freisin

dubhachan in iontrálacha eile (23)

 
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. [Má] mhaireann dó ar an dubhachan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fheile Pádraig.
 
danra
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd
+
déan 1
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirm). Tá an-smúit ann. Sin dubhachan báistighe amach ar an bhfairrge. Dhá dtugadh sé traoiáil dhom a bheith ó'n bportach, dheamhan a n-abróchainn go bráth leis: "Rinne tú go dona é," ná cuid de rádh!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna garrdha N. Ph. aon-dubhachan fós
 
Tá deatach asta indiu le dubhachan (as guirt fhataí)
 
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach an uair a bhéas, feicfidh tusa dubhachan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garrdha sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeicidh tú!
 
deo
Go deó go bhfeicidh tusa an lorga ag breacadh ní bheidh aon-dubhachan orra = nó go bhfeicidh tusa agus rl.
 
diaidh
Chaith sé an oíche ag imeacht indiaidh a chinn roimhe ins na sráideannaí, agus gan aon-fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dubhachan eile sin — an "black-out"
 
Déanfaidh an bháisteach seo díobháil anois. Feicfidh tú dubhachan i mbáireach
 
Níl an dubhachan baoghal air cho díobhálach annseo agus atá an lobhadh bán. Suas barr an bhaile is mó atá an talamh cuir annseo, agus tá mianach móna ann
 
Is docharaighe go mór an lobhadh bán ná an dubhachan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bhárr an dubhachain. Is beag is ionann le chéile iad
+
dubh 3
Tá an spéir ag dubhachan. Tabhair dubhachan air. Chugad an dórtadh!
TUILLEADH (9) ▼
Tá bun na gaoithe ag dubhachan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile de'n lá ceáthannach. Déan deabhadh anois go gcrapaidh muid linn!
Tá an Sunda Salach ag dubhachan. Tiubharfaidh sé cnáimh le creinneadh dhuinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shul á thiocfas an dórtadh
Breac-aimsir í. An t-aer ag dubhachan agus na léasáin sin ann gacha le leath-uair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
Tá sé ag dubhachan thíos annseo. Féachfaidh an bhreaclach sin leis é freisin = ag deargadh
An bhfuil aon-rath ort ag dubhachan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garrdha Ú. Mh. Tá "an craiceann" siúd indon thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cé'n gníomh atá ionnad le talamh, nó an bhfuil tú cho maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dubhachan, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha dhaom (dhíom) féin
Dubhuigheann siad congnamh maith de "phíosa" talmhana 'chuile lá aindeoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-iongnadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairt-mhaidin agus ní scuireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do 'chuile dhuine dubhachan a dhéanamh dhá dteigheadh sé di cho dubhshlánach sin — as cosa idtaca. Ach fágfaidh siad in a ndiaidh é cho maith leis an té a ghlacfas an saoghal go réidh!
Tá dubhachan mór déanta aige — garrdha na h-A., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhuighthe freisin aige. Thiubharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhubhachan. Níl leisce ná drugal air. Tá sé cho sanntach ar an droch-lá agus atá sé ar an lá breagh
Tá tú ag dubhachan bail ó Dhia ort = ag scríobhnóireacht
Tá na fataí ag dubhachan anois = an dubhachan ag teacht orra; iad ag seargadh leis an dubhachan
 
Bhí an-dubhachan ann indiu, ach chuaidh an múr thart in a dheidh sin